É féin agus Proinsias Mac Diarmada is mó a a bhí ag déanamh forbairte ar amharclannaíocht na Gaeilge ó na 1930idí amach. Fear ildánach ba ea é mar scríbhneoir agus mar fhear amharclainne. Tá cuntas cuimsitheach in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail ar an dul chun cinn go léir a d’éirigh leis a dhéanamh, i dTaibhdhearcna Gaillimhe go háirithe. Ag 18 Ardán Naomh Seosamh, Gaillimh, a rugadh é (Walter Augustine) 3 Bealtaine 1915. Siúinéir ba ea a athair Walter. B’as Conga, Co. Mhaigh Eo, dó sin. Aisteoir maith amaitéarach ba ea é. Cailleadh sa Fhrainc é sa Chéad Chogadh Mór 26 Márta 1916. Ba í Agnes Brady máthair Uaitéir agus bhí beirt deirfiúracha aige. Fuair sé scolaíocht i gColáiste Naomh Máire i nGaillimh ar feadh bliana agus ansin ó Bhráithre Phádraig sa chathair.

Thosaigh sé ag aisteoireacht ar scoil agus é i ról Shean-Mhaitias in Íosagán. Bhí post ar feadh trí mhí aige i mBardas na Gaillimhe ach bhí dúil mhór aige san amharclann agus thosaigh sé ag obair sa Taibhdhearc um Nollaig 1933. An bhliain dár gcionn chabhraigh sé le Mac Diarmada chun an dráma Ceart agus cúiteamh a scríobh; bhain sé leis an Méara Ó Loingsigh a chroch a mhac i 1493. Bhí oiliúint á fáil aige ó Mhac Diarmada mar aisteoir agus mar chúntóir léirithe. Phós sé Peggy Kenny i 1936 (d’éag 1992). Ba iníon í le bunaitheoir agus eagarthóir bainistíochta an Connaught Tribune. D’imigh sé go Londain i bhFeabhra 1937 agus chaith tamall mar fhear árachais ann. D’fhill sé ar an Taibhdhearc arís i samhradh 1939 nuair a ceapadh é ina léiritheoir/bhainisteoir. Níorbh fhada gur aithníodh go raibh sé ina chomharba ceart ar Mhac Diarmada. Deir Ó Siadhail gurbh é a stiúir an amharclann ó 1939 go 1947. 77 líon na léirithe a chuir sé ar an stáitse i rith an achair sin. Scríobh Aodh Mac Dhubháin faoi in Ardán, Earrach 1970 (i gcló ag Ó Siadhail): ‘Ní raibh ríochan ar bith leis an díograis a bhí sa bhfear seo. Ioldánaí ar a chois a bhí ann, oibrí thar barr agus fear lách tíriúil ina cheann sin. Ghlac sé seacht gcúraimí an tsléibhe air féin sa Taibhdhearc. Bhí sé ina léiritheoir ar na drámaí, ina aisteoir, ina bhainisteoir—eisean a cheap an feisteas stáitse agus na radharcanna, eisean a phéinteáil iad, eisean a thug treoir do na haisteoirí i gceirdine an stáitse agus is mion minic go raibh air an bhréigriocht a chur orthu freisin. Bhí lánmhuinín ag chuile dhuine as agus níl compánach a chaith seal sna laetha úd nach bhfuil caitheamh orthu ina dhiaidh. Ní raibh cinneadh ar bith ar an dúthracht, ar an bhfuinneamh ná ar an treallús a chaith sé le hobair na Taibhdheirce. Ní raibh drogall air dhul in éadan deacracht ar bith, ba chuma chomh casta is bhíodh sí—ní raibh gné ar bith den amharclann thar a chumas ná thar a acmhainn. Ba chuma cén fhadhb a bhí le réiteach, bhí Wally in ann aici agus bhí sé in ann guaim a choinneáil ar a chuid aisteoirí ina bhealach caoiúil cneasta féin’.

Deir Ó Siadhail féin: ‘Fear treallúsach ba ea Macken. . . . Ré leithleach dhearscnaitheach a bhí sa tréimhse a chaith Macken sa Taibhdhearc mar léiritheoir. Eisean a chloígh leis na geamaireachtaí is a rinne a dhícheall gnáthmhuintir na cathrach a mhealladh isteach san amharclann. Ba eisean a choinnigh an Taibhdhearc i mbun oibre sna 1940idí, is go háirithe nuair a bhí gearradh siar airgeadais ann de dheasca an Chogaidh Dhomhanda. Ina theannta sin, chothaigh Macken scríobh na mbundrámaí Gaeilge, rud nach ndearna Ó Briain ná Dermody. Diomaite dá dhrámaí féin is de na drámaí a scríobh baill den fhoireann, d’eagraigh Macken comórtais drámaíochta sna scoileanna mar áis chun drámadóirí óga a ghríosú is stáitsigh sé féin saothar na n-údar óg sin sa Taibhdhearc sa bhliain 1942 is in 1943. Idir 1939 agus 1948, an-ghníomhach a bhí Macken féin mar dhrámadóir. Chum sé trí mhéaldráma fhada: Oighreacht na Mara (1944), An fear ón Spidéal (1945) agus An cailín aimsire abú (1943); gearrdhráma, Bhí mac agam tráth (1943); dhá ilsiamsa, Rúille búille (1942) agus Muintear na hÉireann (1947); scigdhráma, Croidhe seasmhach (nó Esmeralda Winnie) (1942) faoin ainm cleite “Ebeneezer Snodgrass”; d’aistrigh sé méaldráma clúiteach Dion Boucicault, Arrah na Pogue (1947); agus chomhoibrigh sé le Tomás S. Ó Máille i gceapadh na glóir-réime, Caithréim an sclábhaí (1941) a bhain le saol Phádraig Naofa’. D’fhoilsigh an Gúm An fear ón Spidéal i 1952 agus An cailín aimsire abú an bhliain dár gcionn. D’aithin sé cad iad na drámaí ní hamháin a thaitneodh le pobal amharclainne na Gaillimhe ach a d’oirfeadh dá fhoireann pháirtaimseartha agus scríobh a leithéidí. D’éirigh easaontas idir é agus stiúrthóirí na hamharclainne nuair a theastaigh uathusan go mbeadh laghdú ar uimhir na ndrámaí iasachta a bhí á stáitsiú. Agus b’fhéidir freisin go raibh sé ag tuirsiú den ualach oibre: léiritheoireacht, aisteoireacht, péinteáil radharcra, rúnaíocht. D’fhág sé an Taibhdhearc in Eanáir 1948 agus, nuair a thairg Earnán de Blaghd post dó, thug aghaidh ar Amharclann na Mainistreach chun gurbh aisteoireacht amháin a dhéanfadh sé san amharclann agus go mbeadh deis aige a bheith ag scríobh. Tuairim ocht gcinn déag dá leabhair, idir úrscéalta, ghearrscéalta agus drámaí, a foilsíodh sa scór bliain a bhí fágtha dá shaol. Ba iad na drámaí ba mhó iomrá Mungo’s mansion, Home is the hero agus Twilight of a warrior. Bhí díol ar a chuid úrscéalta sa Bhreatain agus i Meiriceá agus go háirithe ar Rain on the wind, 1950; Seek the fair land, 1959, The Silent people agus The scorching wind, 1964.

In Broadway, Nua-Eabhrac, thóg sé príomhrólanna in The King of Friday’s men, le M.J. Molloy, agus in Home is the hero. Bhí rólanna móra aige freisin sna scannáin Home is the hero agus in The Quare Fellow le Breandán Ó Beacháin. Go luath i 1966 ceapadh é ina stiúrthóir ealaíonta agus ina bhainisteoir ar an Mainistir, le linn don amharclann a bheith sa Queen’s go fóill, ach d’éirigh sé as an bpost chun luí isteach go hiomlán ar an scríbhneoireacht. D’éag sé i Mionlach 22 Aibreán 1967. Bhí beirt mhac aige.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú