MAC SUIBHNE, Pádraig [‘An Suibhneach Meann’] (1898-1976) Pádraig MAC SUIBHNE An Suibhneach Meann 1898 1976 Baile Bhuirne, Co. Chorcaí Reilig Ghobnatan, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí M Coláiste Oiliúna De La Salle, an Baile Nua, Co. Phort Láirge aistritheoir file múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí, ar 15 Lúnasa 1898 a rugadh an Suibhneach Meann. Bessie Shine, múinteoir ó Chill Garbháin, a mháthair. Obair ar na bóithre an tslí bheatha a bhí ag a athair, Pádraig. Fuair Bessie post i gCúil Aodha agus d’aistrigh siad ann. Bhí ceathrar buachaillí agus triúr cailíní acu ach fuair cailín díobh agus cúpla ar bhuachaillí iad bás go hóg. Thug Scoláireacht an Rí Pádraig go dtí Coláiste Oiliúna De La Salle, Port Láirge. I Scoil na mBuachaillí, Maigh Chromtha, a bhí a chéad phost aige i 1920. Fuair sé scoil Chúil Aodha i 1924 i ndiaidh Dhonncha Uí Bhuachalla [q.v.] agus bhí ann go 1962. Bhí a dheirfiúr Cáit ag múineadh sa scoil sin roimhe. Ag tagairt do Dhonncha scríobh Peadar Ó hAnnracháin [B1] in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 ‘Ach faoin am a d’fhág sé Cúil Aodha bhí Pádraig Mac Suibhne, duine dá mhacaibh léinn, agus a dheirfiúr Cáit ullamh ar chúram na scoile a thógaint orthu féin, i dtreo is gur leanadh den dea-obair a bhí ar siúl ann roimis sin, mar go deimhin níor mhó grá an oide a bhí ann don Ghaeilge ná grá an té a lean é’. In amhrán molta ar Chúil Aodha thagair Peadar go háirithe do Dhomhnall Ó Ceocháin [B4], d’Amhlaoibh Ó Loingsigh[q.v.] agus do Phádraig. ‘Taca an léinn ghlain’ a thug sé ar an Suibhneach. Is tá taca an léinn ghlain i mbéal carraige taobh leis / Gur samhail le caomhchruit a bhláthchaint, / Is tagann leis véarsaí a cheapadh le héifeacht / Agus eatarthu déanfaid dúinn ardghníomh’. Phós sé Hannah Nic Cárthaigh ó Bharr an Choma i gCill Garbháin i Meán Fómhair 1934 agus bhí ceathrar clainne acu. Is í a iníon Máire Mhic Ghearailt atá anois (1995) ina príomhoide i Scoil Chúil Aodha. Bhí sé ina Ard-Ollamh sa choláiste Gaeilge a osclaíodh i gCúil Aodha i 1958.

Deir Pádraig Ó Tuathaigh (Filí an tSuláin, 1993) gurbh óna sheanmháthair ar thaobh a athar a fuair sé an fhilíocht. Ba de mhuintir Loingsigh í agus ‘Máirín Amhlaoibh’, nó ‘Máirín An Atháin’ a thugtaí uirthi. Ní raibh aon Bhéarla aici. Bhí féith na filíochta go láidir inti agus stór seanchais aici. Deir sé freisin go mbíodh tarraingt scoláirí na Gaeilge uirthi agus luann sé go háirithe Pádraig Ó Duinnín[B3] agus Gertrude Schoepperle[B3].

Bhí baint aige riamh le Dámhscoil Mhúscraí. I dteach a athar ar chrois Chúil Aodha a bhíodh an chúirt filíochta sin (‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 27 Nollaig 1958). In Saothar Dhámhscoile Mhúscraighe, 1933 bhí seacht ndán aige. Pádraig Ó Cruadhlaoich (‘Gael na nGael’) [B1] a bhí ina uachtarán ar an scoil nuair a bunaíodh í agus deir Ó Tuathaigh gurbh eisean a bhronn ‘An Suibhneach Meann’ mar ainm cleite ar Phádraig lena dhealú amach ó shagart i gCorcaigh a bhíodh ag cumadh filíochta. Ach bhí aithne mhaith ag ‘Gael na nGael’ ar Phádraig Mac Suibhne [q.v.], cigire scoileanna a raibh cónaí air i gCorcaigh ag an am sin agus a raibh eolas ag pobal Gaeilge na hÉireann air ó thús an chéid amach, agus b’fhéidir go raibh an Suibhneach sin i gceist freisin. D’éag ‘Gael na nGael’ i 1949 agus ba é ‘An Suibhneach Meann’ a chomharba sa Dámhscoil.

Ó athbhunaíodh Oireachtas na Gaeilge i 1939 bhí baint mhór aige leis an bhféile sin. Bhuaigh sé duais ar liric an chéad bhliain sin (‘An Peidhleachán’ a rinne Seán Ó Ríordáin [B3] a chóipeáil ina dhialann nuair a cuireadh i gcló é in Scéala Éireann 7 Márta 1940) agus i 1941 iarradh air Óid an Oireachtais a scríobh. Deirtí nach raibh aon fhile eile a raibh níos mó duaiseanna bainte aige ag an bhféile. Ghlac sé páirt sa chomórtas scéalaíochta i 1941. Bhí aithne ar fud na tíre air freisin mar gheall ar a fheabhas a d’éiríodh le foirne ó Chúil Aodha i gcomórtais drámaíochta. Ba aisteoir cliste é féin. Bhuaigh scoil Chúil AodhaCorn an Aire Oideachais ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta i 1934 agus arís i 1935 (An Cumann Scoildrámaíochta 1934-1984, 1986 le Donncha Ó Súilleabháin). D’aistrigh sé an ceoldráma An Stróinséir i 1948.

In ainneoin ar bhain sé de dhuaiseanna agus go raibh eolas go forleathan ar chuid mhaith dá dhéantús filíochta agus go roghnaíodh lucht déanta duanairí a dhánta, níor cnuasaíodh iad. D’éag sé ar 25 Meán Fómhair 1976 agus tá sé curtha i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne. Craoladh an clár Fear ina Dhúiche ar raidió RTÉ um Meitheamh 1973 (RTÉ Guide 1 Meitheamh 1973). Mac deirféar leis is ea an file Dónall Ó Liatháin agus chaoin seisean é lena dhán ‘Cuimhní’.