MAC SUIBHNE, Niall (1895–1949) Niall MAC SUIBHNE 1895 1949 An Chruit Uachtarach, Co. Dhún na nGall. M Coláiste Oiliúna De La Salle, An Baile Nua, Co. Phort Láirge múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba é Conall Mac Suibhne, iascaire agus feirmeoir, a athair agus ba í Sibéal Ní Chnáimhsí as an gCéideadh a mháthair. Ar an gCruit Uachtarach in Oileán na Cruite i nDún na nGall a rugadh é ar 20 Lúnasa 1895. Sin é an dáta sa teastas baiste agus níl amhras ach gurb in é an dáta ceart. 18 Deireadh Fómhair 1895 atá sa teastas breithe. Bhí triúr deartháireacha agus ceathrar deirfiúracha aige. Chaith sé sealanna fada i dteach a sheanmháthar ar an gCéideadh. Ba é Antoine Ó Dochartaigh[B3] an múinteoir aige i scoil na Cruite. Ar nós a chomhaoiseanna chuaigh sé ag saothrú pá in Albain ach tar éis obair an lae leanadh sé air ag staidéar. Rinne sé Scrúdú Scoláireacht an Rí i 1918 agus is thall in Albain a chuala sé go raibh glaoite air go Coláiste De La Salle i bPort Láirge. Chaith sé 1918-20 ann agus cháiligh mar mhúinteoir náisiúnta. Fear a chuaigh i gcion air ó thaobh na teanga de ba ea uachtarán an Choláiste, an Bráthair Philip. Fuair sé post mar phríomhoide i Scoil Mhín na Mánrach, scoil a tógadh i 1911 in áit seanscoil Leitir Catha, post a bhí ag Séamus Ó Grianna[B2] roimhe. Is ann a bhí sé go bhfuair sé bás. Scoil dhá oide ba ea í agus ba í Sibéal Ní Dhubhaigh ón Ardamhín an cúntóir.

I 1924 ghnóthaigh sé an Teastas Dátheangach agus, cúpla bliain ina dhiaidh sin, Ard-Teastas na Gaeilge. Timpeall an ama seo freisin a bhain a scoil gradam Carlisle agus Blake amach. Ar lóistín i dteach a aintín i Loch an Iúir a bhí sé i rith an ama. Ag an am sin ba é Pádraig Mac Giolla Bhríde ón gCruit Íochtarach príomhoide Scoil Loch an Iúir. Ba sheanchairde san oileán iad. Tionscnaíodh an Gúm i 1926 agus deirtear gur chun na hoícheanta fada geimhridh a ghiorrú a thosaigh siad ag aistriú leabhar. Faoi The House of Arrows (Teach na Saighde, 1936) le A.E.W. Mason a thug Pádraig. D’aistrigh Niall Néal Dearg, 1935 agus Críocha Fiadháine an tuaiscirt, 1935 (Red Cloud agus The Wild North Land, úrscéalta le General Sir William Butler). D’aistrigh sé freisin An Miorbhailt, 1936 (The Miracle le Charles Buddington Kelland), agus Taistealaí an chlóca fionnaidh, 1937 (The Traveller in the fur coat) le J. Stanley Weyman, agus Beatha ár dTiarna Íosa Críost, 1940 (Life of Our Lord, leabhar leis an Athair Ó Lochlainn a bhí ar chlár theagasc críostaí Dheoise Ráth Bhoth).

Bunaíodh Scéala Éireann i 1931 agus bhíodh aistí i gcló aige ann go rialta. Scríobhadh sé freisin sna nuachtáin áitiúla agus cuimhnítear go háirithe ar aiste dar teideal ‘An Gord sick awna agus an yayling’ in An tUltach, Samhain 1935. Bhí seo bunaithe ar scéala gur trí mheán na Gaeilge a dhéanfaí gnó an Gharda Síochána sa Ghaeltacht feasta. Shíl Niall agus Ultaigh eile go mbeadh canúint na Mumhan á sá siar sa scornach orthu. Bhíodh sé ag teagasc i gcoláistí Ros Goill, Theilinn agus Bhun Cranncha. Mar mhúinteoir agus mar bhailitheoir ghlac sé páirt ghníomhach in obair Choimisiún an Bhéaloidis agus bronnadh céim onórach air dá bharr sin. Ba mhinic a ghlacadh an scoil páirt in imeachtaí an Oireachtais agus spreagadh sé muintir na háite chun cur isteach ar na comórtais.

Pósadh é féin agus a chomhoide Sibéal Ní Dhubhaigh ar 14 Aibreán 1931 in Ardeaglais Naomh Adhamhnán, Leitir Ceanainn. Ba í an dara duine ab óige í den aon duine déag a bhí ag Tomás Mac Fheilimí Ó Dubhaigh agus Máire Ní Ghallchobhair. Bhí ceathrar clainne acu. D’éag sé i mbláth a urraidh ar 24 Iúil 1949 tar éis 29 mbliana ag múineadh i Scoil Mhín na Mánrach. Ba é an chéad duine a cuireadh sa reilig nua ar an gClochán Liath. Dúradh in Inniu 5 Lúnasa 1949: ‘Ní hamháin go mbeidh crothnú air i measc daoine cineálta Loch an Iúir agus Leitir Catha, áit ar chaith sé a shaol mar mhúinteoir scoile... ach beidh crothnú air i ngach áit a léitear Gaeilge Uladh’.