MAC PHÁIDÍN, Pádraig (1892-1980) Pádraig MAC PHÁIDÍN 1892 1980 Anderston, Glaschú Castlemilk, Glaschú M Coláiste Naomh Aloysius, Garnethill, Glaschú Ollscoil Ghlaschú múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In Anderston, Glaschú, a rugadh é. Ba as Ros Goill, Dún na nGall, a athair agus a mháthair. In aiste in Feasta, Iúil 1993, deir Pádraig Ó Baoighill go raibh Gaeilge Thír Chonaill aige chomh líofa le cainteoir dúchais ar bith. Thugadh sé cuairteanna go minic ar Ros Goill. Fuair sé scolaíocht i gColáiste Naomh Aloysius, Garnethill, agus in Ollscoil Ghlaschú mar ar bhain sé céim MA amach sna healaíona. Bhí sé ag múineadh anseo agus ansiúd i nGlaschú sular ceapadh é ina Ard-Mháistir i scoil Naomh Eoin. De bhunadh Éireannach an chuid ba mhó de na daltaí sa scoil sin agus ba mhinic Pádraig ag labhairt i nGaeilge le tuismitheoirí as Tír Chonaill agus Maigh Eo. I gCraobh an Phiarsaigh de Chonradh na Gaeilge a d’fhoghlaim sé Gaeilge. Bhí baint aige freisin le Feis Ghlaschú. ‘The Sinn Féin organisation in Glasgow, which had kept the Pádraig Pearse Branch of the Gaelic League alive during the lean years, resurrected in 1928 the annual Feis Ghlascú. . . . For a time the response was slow, but the jubilee celebrations in 1943 of the foundation of the Gaelic League provided the stimulus that was needed and the association has flamed into new life, not only in Scotland but across the border’ (Handley, The Irish in modern Scotland, 1947). Ba é Pádraig a toghadh ina rúnaí ar an gcoiste ar chuir cruinniú d’ionadaithe na n-eagras Éireannach sa chathair de chúram air a shocrú cén chaoi ab fhearr an iubhaile a chomóradh.

As sin amach ba é an duine ba mhó é i ngluaiseacht na Gaeilge in Albain. I 1943 freisin bunaíodh Comhaltas na Breataine Móire de Chonradh na Gaeilge. Pádraig a bhí ina uachtarán air ó thús agus lean sé sa phost go 1958. Bhí sé ina rúnaí ar an gConradh i nGlaschú agus ranganna á múineadh aige in Ard-Scoil Holyrood agus in áiteanna eile. Bhí sé ina rúnaí ar an bhFáinne. Bhí sé ar an dream a d’athbheoigh Cumann Thír Chonaill i nGlaschú. Bhí baint aige le Fianna Fáil a bhí go láidir sa chathair sna 1950idí. Bhí sé pósta ar Áine Nic Pháidín ó Ros Goill. Bhí iníon amháin acu. Ag am a bháis 7 Aibreán 1980 bhí cónaí air in Castlemilk, Glaschú.