MAC GIOLLA ÍOSA, Uilliam Hubert (1874-1953) Uilliam Hubert MAC GIOLLA ÍOSA 1874 1953 Nua-Eabhrac Middle Village, Nua-Eabhrac M ealaíontóir foclóirí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Scríobh Tomás de Bhaldraithe cuntas air inGo Meiriceá siar. Na Gaeil agus Meiriceá: cnuasach aistí, 1979, in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin, agus dúirt: ‘An té a thabharfadh faoi scéal na nGaeilgeoirí agus na Gaeilge i Meiriceá a scríobh, níor mhór dó gan neamhshuim a dhéanamh de Uilliam Hubert Mac Giolla Íosa...’. ‘Duine de na Meiriceánaigh ba chumasaí is ba dhílse a shaothraigh ar son na teanga’ a bhreithiúnas air.

Greanadóir cáiliúil copair agus cruach a athair Archibald MacLees a rugadh i bPort Rois, Co. Aontroma, in 1816 agus a tugadh go Meiriceá nuair a bhí sé ina leanbh. Phós sé Mairéad Máire Ní Chinnéide, bean as Srath an Urláir, Co. Dhún na nGall, a bhí i Meiriceá ó bhí sí trí bliana d’aois. Bhí aon duine déag clainne acu agus ba é Uilliam an séú duine díobh. I Nua-Eabhrac a rugadh é ar 8 Meán Fómhair 1874. Tuairim deich míle taobh amuigh den chathair a bhí cónaí orthu. Bhí cuid mhaith teangacha ar eolas ag a athair agus is toisc go raibh sé ag éirí aosta a thugadh sé Uilliam óg in éineacht leis chuig rang Gaeilge sa chathair. Duine de na múinteoirí ba ea Micheál Ó Lócháin [B3]. Lean spéis Uilliam sa Ghaeilge.

Le ceird na greanadóireachta a chuaigh sé ach is mar ealaíontóir tráchtála ag obair don Sterling Engraving Company a chaith sé a shaol. Thosaigh sé ag bailiú ábhair le haghaidh foclóra tuairim 1901. Deir de Bhaldraithe: ‘Is éard a chuir sé roimhe gach aon fhocal agus leagan Gaeilge (agus Gaeilge na hAlban a chur san áireamh) a bhí le fáil sna foclóirí agus sna liostaí focal a bhí i gcló a bhailiú, a iniúchadh agus a scagadh agus foclóir mór Béarla-Gaeilge a chur le chéile. Ba obair ollmhór é sin, ag aon duine amháin, a raibh a bheatha le saothrú aige, agus cúram clainne air’. Bhíodh caidreamh aige le Gaeilgeoirí mar Shéamus Mac An Iomaire [B4] agus Seosamh Daibhéid [q.v.] agus scríobhadh sé chuig údair mar Mháirtín Ó Cadhain [B4] agus Liam Ó Beirn[B1]. Lean sé ag obair ar an bhfoclóir gur shroich an focal water-weed i ndeireadh Eanáir 1953. Coicís ina dhiaidh sin a d’éag sé, 10 Feabhra 1953. Bhí cónaí air ag 37 Grant Avenue, Brooklyn. Ba í a iníon Mary McLees a chláraigh a bhás. Tá sé curtha i Reilig Naomh Eoin. ‘Commercial artist’ an cur síos air sa teastas báis.

Seo é an cur síos a rinne de Bhaldraithe ar thoirt agus ar scóip an fhoclóra: ‘Ní fhaca mé ach toradh na hoibre, dhá cheann déag de leabhair mhóra lámhscríofa. Naoi míle is cúig chéad leathanach (34.5 x 21mm) scríbhneoireachta atá iontu, agus trí cholún ar chuid mhór de na leathanaigh sin. . . . Níl aon fhocal ná aon abairt ann nár chuir sé nod leis á inseacht cén t-údarás a bhí aige leis. . . . Le go dtuigfí toirt is scóip an fhoclóra, ní miste a lua mar shamplaí, go bhfuil 660 iontráil ann faoin bhfocal noise, 260 faoin bhfocal pleasant, agus 180 faoin bhfocal angry’.

Bhronn a mhuintir an foclóir ar Roinn na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus an leabharlann a bhí aige ar Ollscoil Fordham. Bhí sé ródheireanach chun go mbainfí leas as an bhfoclóir in English-Irish Dictionary, 1959 ach deir de Bhaldraithe: ‘Is cinnte go mbainfear an-leas as saothar Mhic Ghiolla Íosa, nuair a bheidh eagrán nua den fhoclóir Béarla-Gaeilge á chur le chéile, rud atá [1979] thar am a dhéanta’.