Ó DOMHNAILL, Seán (1863–1948) Seán Ó DOMHNAILL Johnny Shéimisín 1863 1948 Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall M scéalaí/seanchaí [B9] scéalaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Is fearr a aithneofar faoina ainm sinsireachta é: Johnny Shéimisín. Ó Shéamas Ó Domhnaill a scríobh ‘An chéad Mháirt den Fhómhar’ a shíolraigh sé. Saolaíodh an seanchaí cáiliúil seo i Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, ar 1 Feabhra 1863. Cé is moite de obair shéasúrach in Albain i rith 40 bliain is i Rann na Feirste a chaith sé a shaol ar fad. Óna athair agus a mháthair a chloiseadh sé bunáite a scéalta ach bhíodh sé ag éisteacht freisin le Niall Ó Baoill, an scéalaí ab fhearr dár chuala sé riamh, dar leis féin. Bhí Johnny Shéimisín ina sheanchaí ag Coláiste Phádraig, Béal Feirste, i 1924–5 agus ag Coláiste Bhríde, Rann na Feirste, ó 1926 go 1941. Fuair an mac ab óige aige, Niall Johnny, bás ar 13 Deireadh Fómhair 1995. Rugadh é in 1907. D’aistrigh sé Muintir Chois Locha, 1934, Mac-Ghníomhartha Fhinn Uí Dhomhnaill, 1934, Eadar Muir is Tír, 1935, Croí na Cruinne, 1937, Caisleán na Smachta, 1937.Tá cuntas air ag Vincie Shíle (Uinsionn Ó Domhnaill) in Donegal Democrat 2 Samhain 1995.

Ba é Johnny Shéimisín a thug don Athair Lorcán Ó Muireadhaigh an giodán talaimh ar ar tógadh Coláiste Bhríde. Chuir Niall Ó Domhnaill eagar ar scór scéal dá chuid in Scéalta Johnny Shéimisín a d’fhoilsigh Comhaltas Uladh i 1948. Ar éigean a bhí cló curtha ar an leabhar nuair a d’éag an scéalaí ar 20 Eanáir 1948. I léirmheas in Inniu, 13 Lúnasa 1948, dúradh: ‘Is breá amach an Ghaeilg a bhí aige—simplí gan truailliú ach saibhear nuair a bhí gá leis agus go minic chomh snasta le rud ar bith a léifeá ag na seanscríobhnóirí’.