MAC COITIR Diarmuid (1880–1959) Diarmuid MAC COITIR 1880 1959 Na Curraithe, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí M bailitheoir amhrán [B9] scéalaí bailitheoir amhrán scéalaí/seanchaí [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Sna Curraithe, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí, a rugadh an scéalaí cáiliúil seo (Jeremiah Cotter) 7 Bealtaine 1880. Cornelius Cotter, feirmeoir, a athair agus Johanna McCarthy a mháthair. Jerry Chrothúir Jer a thugtaí air sa cheantar sin. I nDaonáireamh 1901 is iad na daoine a bhí sa teach: Cornelius (60), ar Ghaeilge amháin a bhí aige; a bhean Johanna (48) a raibh Gaeilge agus Béarla aici; Jeremiah (20); Mary (18); Kate (16); Abby (10); Cornelius (8); Mary Cotter (86), máthair fhear an tí, ar Ghaeilge amháin a bhí aici; Denis Sullivan (74), uncail le fear an tí, ar Ghaeilge amháin a bhí aige. Bhí an dá theanga gan amhras ag an gclann. I nGaeilge a líonadh isteach foirm Dhaonáireamh 1911, ach amháin an líne a bhain le fear an tí agus a bhí scríofa ag fostaí an Daonáirimh. Dúradh go raibh an lánúin pósta le 33 bliana agus gur naonúr clainne a rugadh dóibh ach nár mhair díobh ach seisear. Sa teach an oíche sin bhí Diarmuid, Cáit, Gobnait, Séamus agus Conchubhar.

Tá an tagairt seo ag an Athair Donnchadh Ó Donnchadha [feic Tadhg Ó Donnchadha in B1] in Béal Átha an Ghaorthaidh (1922): ‘Diarmuid ’ac Coitir, an scéalaí as na Curraichí, agus Séamus, a dheartháir—bhí siad i bpríosún mar gheall ar Land Agitation agus cur as seilbh Dhiarmuid Uí Mathúna. Daoradh iad ar 14 Iúil 1907’.

Scríobh sé an t-amhrán ‘Mo theaghlach’. Ba í Áine Ni Raghallaigh [q.v.] a d’áitigh air focail a chur leis an bhfonn Albanach. Ag Feis na Mumhan bhí sé sa chéad áit sa chomórtas le haghaidh an bhailiúcháin d’amhráin neamhfhoilsithe (An Claidheamh Soluis 20 Meán Fómhair 1901). Bhuaigh sé bonn óir ar amhrán úrnua ag Oireachtas 1902 agus duais eile ar amhrán úrnua in 1904. Bhuaigh sé duais ar aiste in 1903 agus duais ar ‘Bhailiúcháin de dhánta ó bhéalaithris nár cuireadh i gcló riamh fós’. Bronnadh duais air as Óid i gcomhair Oireachtas 1914 a scríobh agus foilsíodh é in An Claidheamh Soluis 22 Lúnasa 1914. Bhí scéalta aige in Irish Opinion 1 Iúil -5 Lúnasa 1916 agus in An Lóchrann, Bealtaine 1931.

Phós sé Julia Ní Chéileachair (d’éag 1970), Sliabh Riabhach, Baile Bhuirne, agus chuaigh chun cónaithe ar an bhfeirm ansin mar chliamhain isteach. Bhí beirt mhac acu. Bhí baint aige le Dámhscoil Mhúscraí agus foilsíodh cuid dá shaothar in Saothar Dámhsgoile Mhúsgraighe (1933) in eagar ag Domhnall Ó Ceocháin[B4]. Tá sé luaite ag an Ollamh Brian Ó Cuív i measc na gcainteoirí a cheistigh sé le linn dó a bheith ag déanamh eagarthóireachta ar Cnósach focal ó Bhaile Bhúirne. Ghlac sé páirt sna comórtais scéalaíochta ag Oireachtas 1941 agus bhuaigh sé an chéad duais in 1954 agus arís in 1955. Ghlac sé páirt sna hOícheanta Seanchais i Halla Damer in 1956. D’fhoilsigh Gael Linn ceirnín, Scéalta Aneas, a raibh dhá scéal á n-insint aige air, ‘An Pota Pádraig’ agus ‘An Déan Swift agus Seán Bocht’. Ag cur síos air mar scéalaí deir Donncha Ó Cróinín sa nóta ar chlúdach an cheirnín: ‘Ba dhóigh leat gurb shin é an chéad uair aige ag gabháil don scéal, agus uaireanta nuair a shroisfeadh sé buaic na truaimhéile thiocfadh na deora, agus chaithfeadh sé stop den innsint ar feadh tamaill’.

Ag tagairt do Dhiarmuid arís dúirt Donncha in Béaloideas 32, 1964: ‘Bhí aithne cheana féin aige [Seán Ó Cróinín] [q.v.] ar Dhiarmuid ’ac Coitir agus ar a chumas scéalaíochta, ach bhí seó shaoil seanchais agus mioneolais ag Diarmuid de bhreis ar na scéalta agus raidhse seanamhrán. Is baolach ná raibh Seán ach in imeall na hoibre leis nuair a tháinig an glaoch air siúd chomh maith, sa mbliain 1959. Mar sholáid leis an gcumas neamhcoitianta a bhí i nDiarmuid, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do scéal éagsamhlach a bhí aige mar gheall ar Dhiarmaid Ó Duibhne. Lá dá raibh sé ar an bportach i dteannta na bhfear agus gan é ach ’na gharsún óg ba ea airigh sé an scéal so ar siúl eatarthu, ach nár mheasadar san é bheith ag éisteacht ná ag tógaint isteach in aon chor. B’é an rud ba ghreannúire a bhí ag baint leis an scéal, gur dhein Diarmuid Ó Duibhne baineannach é féin ar ócáid áirithe, pé gátar a bhí aige le hé dhéanamh. Níor airigh Seán ach cnámha an scéil mar go raibh bean a’ tí ar fuaid na cistean nuair a tharraing Diarmuid anuas é. Sin mar a imíonn na gráinní ón scilligeadh’.

D’inis Pádraig Ó Loingsigh (1907-86) don scoláire Seán Ua Súilleabháin ar 18 Lúnasa 1981 go ndeachaigh Diarmuid go dtí an seanchaí, Pádraig Ó Liatháin, Doire an Aonaigh, i bparóiste Inse Geimhleach, chun ‘an ch’luith-a-chuir-ar-ghaiscíg’ a fhoghlaim. Dúirt sé gur fhoghlaim sé na scéalta is fearr ó lucht siúil ag glaoch chun an tí ag lorg déirce agus lóistín na hoíche, agus go mbíodh faitíos air nuair a chuirtí amach é d’iarraidh uisce ná aon ní le heagla go gcaillfeadh sé aon phioc den scéalaíocht.

Tuairiscíodh in Irish Independent i mBealtaine 1958 go raibh sé ag obair ar an bhfeirm go fóill agus go n-éiríodh sé gach maidin ag 5.30 a.m. chun na ba a chrú. D’éag sé ar 9 Iúil 1959. Chum ‘An Suibhneach Meann’ [Pádraig Mac Suibhne] [q.v.] an caoineadh, ‘Ar Bhás don Mhúscraíoch Lághach Diarmuid ’ac Coitir’.