FULLERTON, Robert (1879-1938) Robert FULLERTON Colm Cille 1879 1938 Lios na Muc, Co. Dhoire M Coláiste Phádraig, Maigh Nuad Institiúid Dhún Búinne, Co. na Mí sagart Caitliceach Rómhánach [B9] sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí sé ar dhuine de shagairt pholaitiúla Chúige Uladh. I Lios na Muc, Machaire Rátha, Co. Dhoire, a rugadh é ar 15 Márta 1879. Feirmeoir ba ea a athair Patrick agus ba í Annie O’Neill a mháthair. Fuair Annie bás go hóg agus phós an t-athair arís. Bhí beirt deirfiúreacha aige agus beirt leasdeartháireacha. Bhí a dheirfíur Mary pósta ar Charles McWilliams agus phós a n-iníonsan, Sarah Ann, Seán Haughey. Mac leosan is ea C. J. Haughey. Sagairt ba ea beirt de dheartháireacha a athar agus duine dá leasdeartháireacha féin. Bhí sé 21 bliain d’aois nuair a rinneadh daonáireamh na bliana 1901, é i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Chuir sé síos go raibh Gaeilge aige. Oirníodh do Dheoise Dúin agus Conaire é ar 21 Meitheamh 1903. Chaith sé bliain in Institiúid Dhún Búinne sula ndeachaigh sé go Coláiste Maolmhaodhóg mar ollamh go ceann cúpla bliain agus bhí ag obair i mBaile Mhic Gearóid, i bparóiste Naomh Maitiú, agus i paróiste Naomh Pól i mBéal Feirste ina dhiaidh sin. Faoi 1930 ba é an chéad sagart paróiste riamh é i bparóiste Naomh Eoin ar Bhóthar na bhFál agus ba é a thóg scoileanna Naomh Caoimhín ann. D’éag sé 31 Eanáir 1938. ‘Belfast PP dead’ an cheannlíne mhór a bhí ag an Irish News 1 Feabhra 1938. Dúradh sa tuairisc gur lean sé air ag obair in aghaidh chomhairle an dochtúra. Taom croí ba thrúig bháis dó. Ar 2 Feabhra bhí fógra sa pháipéar ag Conradh na Gaeilge agus ag Cumann Lúthchleas Gael: ‘Táthar ag dúil le go mbeidh Gaeil na cathrach ar an tórramh; All members requested to attend funeral’.

Ó thús a shagartachta bhí sé ina Chonraitheoir díograiseach. Ceann de na tagairtí is luaithe dó go raibh seirbhís Ghaeilge ar siúl aige in Eaglais an Chroí Naofa i mBéal Feirste (An Claidheamh Soluis 30 Márta 1907). An mhí dár gcionn bhí sé i mbun na ranganna staire i gCraobh Eoghain sa Chaisleán Glas (idem 6 Aibreán 1907). Toghadh é ina bhall de choiste Dháil Uladh (idem 9 Bealtaine 1908). Bhí sé ina theachta ó Bhaile Mhic Gearóid ag Oireachtas 1909 (idem 7 Lúnasa 1909). Bhí rang á mhúineadh aige sa chraobh sin. É féin agus Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] a d’ullmhaigh prospectus Choláiste Uladh don bhliain 1911 (idem 31 Nollaig 1910). Labhair sé ag an gcruinniú i Halla Uladh a tionóladh lena áitiú go mbunófaí lánollúnacht sa Cheiltis i gColáiste na Ríona agus go múinfí Gaeilge san institiúid teicneolaíochta (idem 20 Bealtaine 1911). Comhthoghadh é ina bhall de choiste ceantair Bhéal Feirste agus toghadh é ina bhall de choiste bainistíochta Choláiste Chomhghaill (idem 31 Nollaig 1911). Bhí sé ar dhuine d’ollúna Choláiste Ó Méith (idem 3 Lúnasa 1912)

Bhí aiste Ghaeilge aige chomh luath le 1910 in An Claidheamh Soluis faoi chuairt Kuno Meyer ar Bhéal Feirste. Múinteoir agus léachtóir in Ardscoil Uladh ba ea é. Scríobh sé aiste dar teideal ‘A ramble through Rambles in Éirinn’ in An Craobh Rua, 1913 agus dúirt ann: ‘Protestants and Catholics can and do sit side by side in our Gaelic League rooms in the city and I do not know that the difference of religion matters one pin point to them’. Faoin ainm ‘Colm Cille’ a scríobhadh sé san iris sin. Scríobh sé in alt dar teideal ‘What is the good of it? A Word to young priests’ in Catholic Bulletin, Eanáir 1914: ‘I feel proud that, notwithstanding all the handicaps, I can read with ease and appreciate with pleasure the language of my country, that I can converse, after a fashion, in my native tongue; and this, I think, helps to improve me. . . . But first and above all, the Irish language brought me into living contact, as it were, with the Ireland of the past; it gave me a new and altogether different outlook on life, rather should I say, it restored to me a life I should never have lost and made me feel I was no longer a stranger in my own land’. Ó 1914 go 1917 bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha. Bhí alt aige ‘How to save the language’ in An Claidheamh Soluis 18 Márta 1916 inar léirigh sé a thuairimí faoin tábhacht a bhain leis an nGaeilge sna bunscoileanna agus sna coláistí oiliúna. Ach tharraing sé fraoch roinnt Conraitheoirí nuair a dúirt sé: ‘I have not the slightest sympathy with half the talk there has been about the Gaeltacht. If it were not for my love of the language I would be most thoroughly ashamed of the Gaeltacht did I take seriously all the poorhouse schemes I have heard mooted by Gaelic League bumbles. . . . The Gaeltacht will never be right until it is rushed by the Galltacht’.

Bhí sé ina bhall de Chomhaltas Uladh. Bhunaigh sé féin, an tAthair Dónall Ó Tuathail [B4] agus an tAth. Séamus Mac Leannacháin cuallacht Ghaelach in eaglais Naomh Peadar (An tUltach, Lúnasa, 1962). Seachtain sular cailleadh é bhí sé ag cruinníu de shagairt Ghaelacha a tionóladh chun go n-úsáidfí níos mó Gaeilge san eaglais. Ar 4 Feabhra 1938 dúradh in Irish News : ‘Má tá an Ghaeilge ag dul ar aghaidh i mBéal Feirste anois, chan i ngan fhios don sagart Gaelach seo a d’fhás sé, nó ba eisean a d’fhág lorg na bua ar chúis na teanga abhus. Ba de thairbhe a neamheagla agus a thréithe uaisle go bhfuilimid chomh neartmhar agus atáimid inniu. Níor sparáil sé é féin in obair Chonradh na Gaeilge, cé acu bhíodh sé i gcionn pinn nó ag tabhairt léacht. Go fial fairsing lena chuid ama agus a chomhairle dá réir, thug sé misneach do Ghaeil na cathrach nuair ba bheag an meas ag an phobal ar an Ghaeilge’.

Bhíodh ailt aige in Irish Ecclesiastical Record, Irish Theological Quarterly agus in New Ireland Review. Scríobh sé leabhrán The Prudence of St Patrick’s Irish policy. Thug sé cuntas ar a chéad chuairt ar Thoraí agus ar chuairteanna a thugadh sé ar Ghleann Cholm Cille in Catholic Bulletin i 1923.

Tá tagairtí dá pholaitíocht anseo is ansiúd. In Inniu 7 Aibreán 1967 in alt dar teideal ‘Sagairt a bhí mí-dhílis i 1915’ tugtar ceann de na nótaí eolais a bhí ag na húdaráis ina thaobh: ‘Used strong pro-German and anti-recruiting language from the pulpit of his church and advised the people to get rid of John Redmond’. Ag Proinsias Mac an Bheatha tá an nóta seo in Téid focal le gaoith: ‘Ba é a chuir tús le bualadh na ngabhdán mbrúscar chun foláireamh roimh teacht na bpóilíní nó na “Bs” ’.

Bhí cáil an fhrithshóisialachais air. Ag tosú ar 5 Samhain 1910 bhí sraith deich n-alt aige in The Leader faoin teideal ‘Priestcraft and patriotism’. Rinne sé argóintí iontu i gcoinne na dtuairimí a chuir Liam P. Ó Riain [B1] chun tosaigh in The Plough and the Cross. Foilsíodh a leabhar Socialism and the workman i 1911. Liostaíonn an tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith (Pádraic Ó Conaire: scéal a bheatha, 1995) é mar shampla den eaglaiseach a bhí go mór in éadan an tsóisialachais agus tarraingíonn as foilseachán de chuid Chomhlacht na Fírinne Caitlicí (Capital and Labour and the Catholic Church, 1922) cur síos a rinne sé ar shóisialaigh: ‘These ranting hypocrites, who, the vast majority of them at any rate, could not point to an honest day’s work in their lives’.