DOHERTY, John (c.1895-1980) John DOHERTY c.1895 1980 Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall Baile Dhún na nGall, Co. Dhún na nGall Baile na Finne, Co. Dhún na nGall M scéalaí/seanchaí [B9] scéalaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba é an fidléir ba cháiliúla riamh i dTír Chonaill é. Bhí aithne mhaith ag Pádraig Ó Baoighill air féin agus ar chuid dá mhuintir agus scríobh sé Cuimhní ar Dhochartaigh Ghleann Fhinne, 1994. Is pictiúr de dhuine siúlach scéalach a thugann Ó Baoighill dúinn. I scioból mór in Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall, a rugadh é tuairim 1895. Micí Simí Ó Dochartaigh a athair agus ba í Máire Nic Conaill as Ard an Rátha a mháthair. Ní cosúil gur cláraíodh a bhreith. I mí na Samhna 1995 chuartaigh an Cláraitheoir i Srath an Urláir taifid cheantar Ard an Rátha ó 1890 go 1900 agus ní bhfuair aon tuairisc air. Ba iad a bhí sa chlann acu John, Simí Óg, Micí, Hughie agus Charlie, a bheadh ina bhfidléirí cáiliúla ar ball, agus na hiníonacha Fanny, Áine agus Hannah. Ba é John an duine ab óige díobh. Bhí dúchas an cheoil iontu ón dá thaobh. Ceardaithe taistil ba ea muintir Dhochartaigh le fada agus mórán ceirdeanna acu, cé gur ghaibhne stáin go príomha iad. Luann Ó Baoighill déanamh srathracha agus úmacha capall, slata iascaireachta, sáspain, cannaí, scagairí, snáthaidí, píoba uilleann, stileanna le haghaidh poitín, fidleacha agus feadóga. Gan amhras chaithfí an ceol féin a chur san áireamh mar cheird oidhreachtúil. Duine de shin-seanmháithreacha John, Neansaí Rua Nic Shuibhne, ba aint í leis an bPíobaire Mór, Tarlach Mac Suibhne [B4] . Ba liosta le lua na ceoltóirí aitheanta a raibh sé gaolmhar leo. Deir Ó Baoighill go raibh oidhreacht cheoil ag a mhuintir a chuaigh siar go dtí an 18ú haois agus go raibh sárcheoltóirí i ngach glún i rith na tréimhse fada sin.

Tugadh fothain don teaghlach i mbóitheach sna hAcraí i Rann na Feirste i rith geimhridh fheanntaigh i dtús an chéid. Is ann a bhíodh a athair ag teagasc ceoil do John. D’fhan caidreamh aige le scéalaithe móra na háite sin. Bhí bua na scéalaíochta aige féin agus bhí de nós aige seanchas a fhí isteach ina chuid ceoil agus é ar cuairt i dtithe airneáin ar fud a chontae dúchais. Aisteach le rá, is annamh a bhíodh fidil ina sheilbh féin agus bhíodh sé deacair ceann a bheadh chun a shástachta a fháil ar iasacht.

Bhuaigh sé an chéad áit ag Oireachtas na bliana 1947. Thug Seán Ó Baoill[q.v.] Peter Kennedy ón BBC go Gleann Fhinne agus rinne sé taifeadadh de chuid mhaith dá cheol. Chuaigh Ciarán Mac Mathúna ar a thóir: níor gan dua a d’aimsigh é gur chuir cuid mhaith ar taifead uaidh do Radio Éireann. Chuir Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus Topic ceirníní amach i dtús na 1970idí. D’fhoilsigh Gael Linn ceirnín dúbailte cúpla bliain roimh a bhás agus ba é an cur síos a rinne David Hammond air ar an gclúdach: ‘... a fiddler of renown regarded by many as the most influential performer of traditional Irish music’.

Bhí ardmheas ag lucht raidió ar a dheartháir Micí. Meastar go gcloistí níos minice ná John é ar RTÉ. Seans gurbh é an fáth a bhí leis go raibh sé níos furasta teacht air: bhí sé pósta i Srath an Urláir agus clann aige. Bhí John níos tugtha don fhánaíocht. Is ar an gcuma seo a chuireann Ó Baoighill síos ar an gcaoi ar aimsigh sé féin é: ‘Chuartaigh mé Gleann Fhinne ón tSealgán chun an Chuimín ar feadh dhá lá ach bhí sé i gcónaí ag éalú uaim mar dá mbeadh sé ar a sheachnamh. Ansin ba de thaisme agus mé ag comhrá le seanduine i dtábhairne ar an Dúchoraidh a fuair mé amach go raibh sé i dteach taobh amuigh den bhaile ar an chosán chun an Chlocháin Léith’.

Nocht Cairdeas na bhFidléirí leac chuimhneacháin do Mhicí in Éadan Anfach, gar do theach inar chaith na Dochartaigh mórán dá gcuid ama, teach Pheadair ’ac Ailín, an Teanga Mheáin, athair fhidléir cháiliúil na gCruach, Uinseann Mac Ailín. Deir Ó Baoighill: ‘Bhuail John agus Micí le chéile ó am go ham fosta cé gur mheas John nach raibh an deartháir inchurtha leis féin ar chor ar bith ar an fhidil. An lá a cuireadh Micí faoi fhód i reilig Bhaile na Finne i 1967, bhí scaifte mór ag an tórramh. Ba ansin a dúirt John le cara dá chuid go raibh an slua chomh mór sin gur shíl sé gurbh é féin a bhí marbh’.

Níor phós John. In Ospidéal bhaile Dhún na nGall a chaith sé na blianta deiridh dá shaol. D’éag sé 24 Eanáir 1980 agus tá sé curtha i mBaile na Finne.

In Uair an chloig cois teallaigh: An hour by the hearth. scéalta dá n-inse ag Pádraig Eoghain Phádraig Mac an Luain, 1985 tá an sliocht seo dar dáta 28 Márta 1936 as cín lae a choinníodh Liam Mac Meanman: ‘Tig bean tincleora isteach agus dhá pháiste léithi agus mála líonta d’áraistí stáin. . . Mar is gnách lena leithéid labhrann sí go deas séimh le bunaidh an toighe. De threibh na nDochartach í. Sin na “Simeys” nó tá Simon mar ainm coitianta sa teaghlach i gcónaí. Bhí siad i gcónaí ag obair ar an stán agus bíonn siad uilig go maith ag seinm ar an bhfideal agus an seancheol ar fad acu. Siúlann siad go stáitiúil ar an mbóthar agus deirtear go bhfuil siad síolraithe ó na ríthe’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »