DE BUITLÉAR, Éamon (1902-1981) Éamon DE BUITLÉAR 1902 1981 Sráid Chlann Bhreasail, Baile Átha Cliath M Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge, Baile Átha Cliath óglach 1913–1922 [B9] foclóirí saighdiúir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí sé ar dhuine de na saighdiúirí gairmiúla ba mhó a raibh cáil na Gaeilge air. Ag 9 Sráid Chlann Bhreasail, Baile Átha Cliath, a rugadh é (Henry Edward) 23 Bealtaine 1902. Pluiméir ba ea a athair Henry Edward (1872-1910), Protastúnach a raibh gaol dó ina easpag in Eaglais na hÉireann, Arthur Hamilton Butler. Caitliceach Rómhánach ba ea máthair Éamoin, Catherine Walsh, ar de bhunadh na nDéise í agus arbh Fhínín a hathair. Seachtar a rugadh don lánúin ach cailleadh beirt díobh go hóg. Harry a thugtaí ar Éamon agus é ina bhuachaill ach is ainm é nár thaitin leis. Ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Synge tháinig sé faoi thionchar Mhichíl Uí Aodha[q.v.]. Nuair a fuair a athair bás ar 28 Aibreán 1910 is ag 26 Sráid Mháirtín, sa cheantar céanna den chathair, a bhí cónaí ar an teaghlach agus ag pointe éigin ina dhiaidh sin d’aistrigh siad go 12 Sráid Heytesbury.

Nuair a d’fhág sé scoil fuair Éamon post cléireachais i gcomhlacht Brookes Thomas. Is dóigh go raibh beagán éigin Gaeilge foghlamtha aige i Sráid Synge ach deireadh sé gur tar éis dó scoil a fhágáil a d’fhoghlaim sé an teanga. Ag sracadh le leabhar Sheáin Mhic Énrí, A Handbook of Modern Irish, a bhí sé sular casadh Tomás Page [B1] air. Mhúin seisean fuaimeanna na teanga dó. Ba eisean a d’adhain ann an spéis leanúnach a bhí aige sna hamhráin Ghaeilge agus go deireadh a shaoil mhair spéis ar leith aige san fhoghraíocht. I gceann ceithre mhí de dhianstaidéar d’éirigh leis i scrúdú an Fháinne agus tar éis freastail ar Choláiste na Nua-Ghaeilge agus mí a chaitheamh i mBéal Átha an Ghaorthaidh cháiligh sé chun a bheith ina mhúinteoir Gaeilge i gcraobhacha an Chonartha i 1919 agus bhí ag múineadh i gColáiste na Nua-Ghaeilge féin.

Bhí sé ina oifigeach sna hÓglaigh. Tar éis an tSosa Cogaidh mhol Shán Ó Cuív[B2] do Sheán Lester[B2] é a fhostú mar thuairisceoir in Freeman’s Journal ; ba é an dualgas ba mhó a bhí air a bheith ag aistriú go Béarla na n-óráidí Gaeilge a dhéantaí sa Dáil. Nuair a thosaigh an Cogadh Cathartha iarradh air dul isteach in Arm na hÉireann mar dhara leifteanant agus thug sé cuid de na hÓglaigh a bhí ina bhuíon féin isteach in éineacht leis. Nuair a bunaíodh an Chéad Chath i 1925 cuireadh de chúram air tús a chur le foclóir míleata Gaeilge a sholáthar, obair a ghlac Gaeilgeoirí eile san Arm ar láimh nuair ab éigean d’Éamon éirí as de dheasca dualgaisí eile. Tar éis dó an oiread sin ama a chaitheamh ag díospóireachtaí na Dála bhí aithne aige ar lucht Rannóg Aistriúcháin an Oireachtais, ar Liam Ó Rinn[B1], Micheál Ó Loingsigh[B2], Tomás Page agus a leithéidí, rud ar chabhair mhór é agus é i mbun obair na foclóireachta sin. Nuair a foilsíodh atheagrán den Fhoclóir Míleata i 1958 cuireadh de chúram oifigiúil air arís, agus ar bheagán oifigeach eile, leanúint orthu ag leathnú agus ag caighdeánú na téarmaíochta sin.

Bhí sé i gceannas ar an gCéad Chath i nGaillimh ó 1929 go 1931 agus is i gCorcaigh agus i gceanncheathrú an Airm a chaith sé cuid mhaith de na 1930idí. I 1934 cuireadh ag foghlaim Gearmáinise é go hOllscoil Bheirlín. Bhí Fraincis go líofa aige cheana féin. Rinne sé an cúrsa deich mí in imeacht ceithre mhí. Nuair a toghadh Dubhghlas de hÍde [B4] ina Uachtarán na hÉireann i 1938 ceapadh é ina aide-de-camp. D’éirigh siad an-mhór le chéile. Mar gheall ar a eolas ar an nGearmáinis agus toisc éigeandáil náisiúnta a bheith tosaithe theastaigh go géar ón Arm go mbeadh sé ar ais acusan sa Roinn Faisnéise ach bhí an Craoibhín meáite ar é a choinneáil ar a fhoireann. Sular fhill sé ar an Arm i 1941 bhí sé ag obair cheana féin ag scaoileadh rúnteachtaireachtaí Gearmánacha. In éineacht le Risteárd de Hae [q.v.] lean sé den obair sin i rith blianta an chogaidh. Is air a thiteadh sé freisin agallamh a chur ar ghníomhairí Gearmánacha.

Is i ngeall ar a eolas ar theangacha agus a thréithe dúchais a cheap Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath é mar oifigeach um chaidreamh eachtrannach acu agus bhíodh sé ar iasacht acu ón Arm ag gach Seó na gCapall ó 1926 go ndeachaigh sé ar pinsean. Lean sé air go dtí 1980. Gan amhras is foirne airm ar fad nach mór a bhíodh ag léim sna comórtais idirnáisiúnta ag an Seó ar feadh i bhfad.

Bhí spéis an-mhór aige sna héin. Deireadh sé gurbh é a pháiste óg Éamon a chéadmhúscail a spéis iontu; bhíodh sé ag síorfhiafraí cad ab ainm don éan seo nó don éan siúd. Chuir sé le chéile ‘Foclóir na nÉan’, Gaeilge-Laidin-Béarla agus Béarla-Laidin-Gaeilge, ina bhfuil 700 ainm. Níor foilsíodh é. Baineadh leas as nuair a bhí téarmaíocht chaighdeánach na n-éan á cur ar fáil ach ní raibh Éamon ag réiteach le cuid de na téarmaí sin. Glanaistriúcháin ar théarmaí Béarla a bhí i gcuid díobh, dar leis; dá mba ghá téarmaí a cheapadh b’fhearr cinn níos dúchasaí a roghnú. Bhí baint aige leis na hainmneacha a baisteadh ar eitleáin Aer Lingus.

Nuair a d’éirigh sé as an Arm ar pinsean bhí céim chornail aige. Chuaigh sé ag obair sa roinn caidrimh phoiblí i nDrioglann Power. D’éag sé 13 Lúnasa 1981. Bhí sé pósta ar Nóra Ní Bhriain ón bPasáiste Thoir, Co. Phort Láirge. Bhí sí ina captaen ar fhoireann camógaíochta Chraobh an Chéitinnigh agus ina ball de Chumann na mBan. Tugadh bonn Chogadh na Saoirse di. Toghadh í sna hoifigí ab airde i mBantracht na Tuaithe agus bhí mórbhaint aici le cumainn charthanachta i rith a saoil. D’éag sí 19 Nollaig 1981. I dteach cois abhainn na Deargaile i mBré thóg sí féin agus Éamon a gclann, ceathrar buachaillí agus triúr cailíní, le Gaeilge. Ba iad an bheirt ab aitheanta díobh Éamon, nádúraí, ceoltóir agus fear déanta scannán, agus Lochlann a d’imir rugbaí ar fhoireann na hÉireann. Bhuaigh a n-iníon Deirbhile duaiseanna Oireachtais ar amhránaíocht. Bhí cuntas ar Éamon in ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 8 Aibreán 1960.