CORCORAN, Timothy (1872-1943) Timothy CORCORAN 1872 1943 Gort na Croise, Co. Thiobraid Árann Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath M Coláiste Choill Chluana Gabhann, Claonadh, Co. Chill Dara Ollscoil Lováin, Lováin, an Bheilg Páirc Bhaile an Mhuilinn, Baile Átha Cliath sagart Caitliceach Rómhánach [B9] sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In Flós Fómhair, [1978] tá aiste ag Eoghan C. Ó Súilleabháin ar a shaol agus a shaothar. Deir sé ann: ‘Thuig sé tábhacht na teanga i gcónaí cé gur ar éigean má bhí eolas ar bith aige féin uirthi’. Ach is léir go raibh tionchar an-mhór aige ar an machnamh a rinneadh timpeall 1920-23 ar an gclár Gaeilge a bheadh i réim i scoileanna na hÉireann. Ag Gort na Croise i mBéal Átha na mBó, Dún Cairin, in aice le Ros Cré a rugadh é 17 Eanáir 1872. Bhí a athair Thomas tamall ina uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael sa chontae agus ba é an chéad chathaoirleach é ar Chomhairle Chontae Thiobraid Árann Thuaidh (1899-1911). Fear gustalach é. Ba í Alice Gleeson máthair Thaidhg. I nDaonáireamh 1901 bhí na daoine seo a leanas sa teach i i nGort na Croise: Thomas (53), feirmeoir agus giúistís síochána, a rugadh san Astráil; Alice (50), a bhean, a rugadh i gContae Thiobraid Árann; Bridget (24), iníon feirmeora; James (19), mac feirmeora; Vincent (15), scoláire. Níor luadh an Ghaeilge. Mar seo a bhí an teaghlach i 1911: Thomas (65), baintreach fir, feirmeoir agus ceantálaí; James (28) Vincent (25); William O’Meara (15), garmhac le Thomas. Bhí Thomas pósta le daichead bliain agus den naonúr a rugadh don lánúin bhí seachtar beo fós. In The Nenagh Guardian i ndiaidh bhás Thaidhg deirtear go raibh a sheanathair John Gleeson (1814-1878) cairdiúil ina óige le Tomás Dáibhís nuair a thugadh seisean cuairt in 1825-34 ar a uncail, an tUrramach Hastings Atkins, i dTeampall Doire. Scríobhadh an Gliasánach seo aistí in The Nenagh Guardian.

Fuair Timothy meánscolaíocht sa Tulaigh Bheag agus i gColáiste Choill Chluana Gabhann. Chuaigh sé isteach i nóibhíseacht Chumann Íosa in 1890. Ghnóthaigh sé an chéad áit agus BA le céad onóracha sa stair agus san eacnamaíocht. Bhí bonn óir i véarsaíocht Laidine agus Béarla gnóite aige roimhe sin. Chaith sé 1894-1901 agus 1904-1906 ina mháistir clasaiceach i gCoill Chluana Gabhann agus i Stonyhurst. Ó 1901 go 1904 bhí sé ag staidéar i gColáiste Lováin agus ó 1906 ag foghlaim na diagachta i bPáirc Bhaile an Mhuilinn go ceann trí bliana sular oirníodh é i 1909.

Nuair a bunaíodh Ollscoil na hÉireann ceapadh é ina Ollamh le Cleachtadh agus le Teoiric an Oideachais i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Bronnadh D.Litt. air i 1912 go luath tar éis fhoilsiú Studies in the history of classical teaching. É féin a scríobhadh na leabhair dá chúrsaí féin. Preas an choláiste a chlóbhuaileadh iad. Ní raibh ach cúntóir amháin aige ar feadh i bhfad. Beirt dá iarscoláirí ba ea Patrick John Dowling a scríobh The Hedge Schools of Ireland, [1935] agus Martin Brenan a scríobh Schools of Kildare and Leighlin 1775-1835, 1935 agus sholáthair sé réamhfhocail iontu. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Studies i 1912 agus ina eagarthóir ar feadh dhá bhliain; ar éigean aon eagrán i rith scór bliain gan alt aige ann. Scríobhadh sé go rialta freisin in Irish Monthly. I measc na leabhar a scríobh sé tá: State policy in Irish Education 1536-1816, 1916; Systems of Education in Ireland, 1928; Illegal Popular Schools in Ireland, 1932; The Clongowes Record 1832-1932, 1932; agus The Louvain Faculties and Ireland, 1939.

Traidisiúnaí ba ea é maidir le modhanna teagaisc agus bhí col aige le hoideachasóirí mar Pestalozzi agus Montessori. ‘Ní raibh aon oideachasóir eile ar aon chéim leis in Éirinn lena linn’, a deir Ó Súilleabháin ach meabhraíonn sé nach raibh mórán cainte lena linn ar bhrainsí den staidéar oideachasúil mar an tsíceolaíocht, an tsocheolaíocht ná fiú an teangeolaíocht. Bhí tuairimí foilsithe aige i dtaobh an dátheangachais agus i dtaobh bhunú nuatheangacha i gceantair mar Alsace-Lorraine. I 1920 shocraigh Cumann na Múinteoirí Náisiúnta ar chomhdháil speisialta a thionól d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar chlár na scoileanna agus ar cheist na Gaeilge iontu. Iarradh ar ollúna oideachais a bheith sa láthair ach níor tháinig díobh ach an Corcoránach. Ar 6 Eanáir 1921 a bhí an chéad chruinniú. Ba í comhairle a chuir sé ar an gcomhdháil gur do leanaí idir trí agus seacht mbliana d’aois ba thairbhí a mhúinfí an dara teanga. In Irish Monthly, Eanáir 1923 mhol sé scéim go mbunófaí naíscoileanna lán-Ghaelacha ar fud na tíre arbh í an Ghaeilge amháin a bheadh mar chúram orthu. Cainteoirí óga ón nGaeltacht a bheadh ina mbun. Bhí sé in aghaidh aon chiúnas mínádúrtha a bheith mar riail; ba cheart lánchead cainte a bheith ag na leanaí. Tugadh aird ar a mholtaí i ranganna na naíonán sna gnáthscoileanna. Bhí páistí ón uile áit san Eoraip feicthe aige agus iad ag foghlaim an Bhéarla i Nua-Eabhrac ar an gcuma seo. Lorgaíodh an Roinn Oideachais comhairle air ina dhiaidh sin. Mhol sé gur lucht Gaeltachta a líonfadh a leath nó níos mó de na folúntais sna Coláistí Ullmhúcháin. Deir Ó Súilleabháin gur aimsigh sé argóint neamhghnách chun tacú leis sin, gur rinneadh leatrom ar mhuintir na Gaeltachta maidir le dul le múinteoireacht ó 1831 i leith agus go raibh cúiteamh tuillte acu ón Stát. Deir sé freisin: ‘Is deacair gan a chreidiúint gur ar a chomhairle a bunaíodh na Coláistí Ullmhúcháin i 1926 . . .’.

Maidir le meánoideachas, bhí sé ina bhall de choimisiún a bhunaigh an Chéad Dáil chun clár nua a leagan síos. Ó Corcoráin a bhrúigh traidisiún múinteoireachta na gclasaiceach ar an gcóras a mhol an coimisiún sin. Níor tugadh a cheart don teanga labhartha ann. An freagra a thug an sagart air sin go mbeadh labhairt na teanga go maith ag leanaí i ndiaidh deich mbliana a chaitheamh sa bhunscoil.

Bhí sé ina bhall de Choimisiún na Lámhscríbhinní. Ba eisean faoi deara gur beartaíodh Civil Survey of Ireland 1653 a fhoilsiú—le Tiobraid Árann a bhaineann an chéad imleabhar díobh. Bhí sé ina bhall de choiste riartha an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar feadh 1916-38. Bhí sé ar dhuine den bheagán ollamh ann an uair sin ar le Fianna Fáil a bhí a mbá. Ó 1924 go 1939 bhí sé ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann. Cailleadh é ar 23 Márta 1943 i dTeach Banaltrais Naomh Uinseann agus tá sé curtha i nGlas Naíon. Is Timothy Corcoran ar fad eile, fear as Currach Dubh, Cill Shléibhe, Teampall Mór, a scríobh an t-amhrán ‘On Carden’s wild domain’: d’imigh seisean go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá tuairim 1885 (The Spirit of Tipperary ).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »