CLUNE, Conor (1893–1920) Conor CLUNE 1893 1920 Cuinche, Co. an Chláir M Coláiste Fhlannáin, Inis, Co. an Chláir cléireach Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

An chaoi ar maraíodh é i Samhain 1920 an fáth a bhfuil cuimhne ar a ainm. Baineann tábhacht leis freisin mar gurbh é a mhúin an teanga d’Éamonn Mac Giolla Iasachta, údar Cúrsaí Thomáis, ceann d’úrscéalta fiúntacha na Gaeilge. Tá cuntas ag a nia Conor F. Clune air in The Clunes from the Dalcassians to modern times, (1995). Siúinéir ba ea a athair John agus ba í Bridget Walsh a mháthair. I gCuinche, Co. an Chláir, ar 26 Iúil 1893 a rugadh é agus is ann a cuireadh bunoideachas air. Uncail leis ba ea an Dr Joseph Clune, Ardeaspag Perth san Astráil. Bhí cúigear buachaillí eile sa chlann agus ceathrar cailíní agus ba é Conchubhar an duine ab óige díobh. D’fhreastail sé ar Choláiste Fhlannáin in Inis agus chuir spéis sa Ghaeilge go hóg ina shaol. Bhí baint aige leis na hÓglaigh ar feadh tamaill agus bhí post aige i gcomhlacht plandlainne Mhic Ghiolla Iasachta sna Ráithíní in aice leis an Scairbh sa Chlár. Tamall gairid i ndiaidh a bháis scríobh Éamonn Mac Giolla Iasachta cuntas air (Leathanaigh ó mo dhialann, 1978): ‘Tháinig Conchúr go dtí an Ráithín seacht mbliana ó shin. Do chaith sé cúpla bliain i mBaile Átha Cliath i Siopa na Leabhar nGaedhealach, ach thugamar thar n-ais chun an Ráithín arís é mar bhainisteoir ar ár bpríomhoifig ann. Is beag Béarla a bhíodh le cloisint san oifig sin ó a cuireadh Gasra den Fháinne ar bun san áit tamall ó shin. Bhí Conchúr go hiontach chun an Ghaeilge a mhúineadh, chomh maith le bheith á labhairt. Bhíodh buíon aige gach tráthnóna; bhailíodh sé a raibh de chainteoirí dúchais i measc na bhfear oibre isteach ina thigh féin cúpla oíche sa tseachtain. Mar a dúrt, ní fheadar cad a dhéanfaidh mé ina éagmais. Pé rud a bhíodh ar siúl againn ag baint leis an nGaeilge b’é Conchúr do bhíodh in éineacht liom i gcónaí. Bhínn ag brath air, go mórmhór nuair a bhíodh na daoine bailithe isteach chuig an Tae Gaelach [‘Tae Gaelach an Ráithín’ i gcló in Misneach 4 Nollaig 1920]. . . . Is dóigh liom ná beadh dráma ar bith againn an t-am d’imríodh An Cleamhnas sa Ráithín murach Conchúr. Do thaispeáin sé an uair sin gur actor maith é chomh maith le horganiser. . . . Ar ndóigh, bhí an-dúil san Abbey ag an bhfear bocht. Bhíomar chun dul ann lena chéile an oíche a gabhadh é, ach pé mí-ádh a bhí orm ní bhfuaireas dul leis. Dá dtéinn—ach níl aon mhaitheas bheith ag seanchas agus an anachain déanta’. Dúirt sé sa dialann freisin gur mó múinteoir Gaeilge a bhí aige féin ach nár mhiste dhó a rá gurbh ó Chonchubhar a d’fhoghlaim sé an chuid is mó dhi. Bhí siad thíos sa Rinn ar laethanta saoire le chéile in Iúil na bliana sin. ‘Mura rugadh ann é, ní miste a rá gur tógadh ann é—chaith sé blianta ann fadó agus é ina gharsún—i dtigh an Fhaoitigh, ar ndóigh—agus tabhair an leabhar gur beag duine sa Rinn anois nach bhfuil fíorbhrón air i ndiaidh Chonchúir Mhic Chlúin’. Ar feadh na tréimhse 1913-23 bhí iarracht ar siúl sna Ráithíní in aice le Tuaim Gréine ar Ghaeltacht nua a chur ar bun agus tugadh fir oibre ann ón Rinn. Tá cuntas ar an bhfiontar seo ag Mac Giolla Iasachta ina dhírbheathaisnéis Changing Times, 1978 agus cuntas ficseanúil aige in The Gael, 1919.

Chuaigh Éamonn agus Conchubhar le chéile go Baile Átha Cliath Dé Sathairn an 20 Samhain 1920. Mhínigh Éamonn ina dhiaidh sin gur chun gnó iniúchtha leabhar an chomhlachta a chur sa tsiúl a rinne Conchubhar an turas. D’fhan Éamonn ina árasán féin agus is chuig a ghnáthlóistín ag 54 Bóthar Haddington a chuaigh Conchubhar. Gan amhras ní raibh puinn eolais aige i dtaobh a raibh beartaithe ag Micheál Ó Coileáin lá arna mhárach: breis is scór de spiairí na Breataine a fheallmharú. Thug sé cuairt oíche an tSathairn ar Óstán Vaughan i gCearnóg Pharnell d’fhonn bualadh le Piaras Béaslaí [B1] agus Diarmuid Ó hÉigceartuigh [q.v.]. Níl a fhios cén gnó a bhí aige ann. Seans gur theastaigh uaidh cúrsaí drámaíochta a phlé le Béaslaí agus Ó hÉigceartuigh. Bhí an Coileánach, Seán Caomhánach agus fir eile san óstán freisin nuair a fuarthas gaoth an fhocail go raibh na Auxiliaries ar a mbealach. D’éalaigh cuid acu. Níor fhéad Conchubhar a thaispeáint go mba lóistéir é nuair nach raibh fiú scuab fiacal ina sheilbh. Tugadh é féin agus Dick McKee agus Peadar Clancy chuig an Caisleán agus ansin, tuairim 2.00 a.m., go Beairic Beggars Bush mar ar dúnmharaíodh iad. Ba é an míniú a thug na húdaráis gur ag iarraidh éalú a bhí siad. Taispeánadh éadach Chonchubhair d’Éamonn maidin Dé Luain in Ospidéal Sheoirse V (Naomh Brícín) chun go n-aithneodh sé corp a charad ach ní raibh cead aige féachaint ar an gcorp féin. Tugadh an corp chuig Eaglais Naomh Aindriú i Sraith an Iarthair. Cuireadh é i gCuinche ar 26 Samhain.

I rith na seachtaine sin thug Mac Giolla Iasachta fianaise nach raibh aon bhaint ag Conchubhar leis na hÓglaigh. Is ag cabhrú a bhí sé chun bás Chonchubhair a chur chun tairbhe trína chur i leith fhórsaí na Breataine gur dhúnmharaigh siad duine neamhchiontach. Art Ó Gríofa agus Éamonn de Valera a d’iarr air sin a dhéanamh. Dhearbhaigh sé fiú go raibh Conchubhar in aghaidh an fhoréigin. Ní léir aon athrú bunúsach sa leagan den scéal a d’fhoilsigh sé in Changing Times i 1978 agus dearbhaíonn sé ann gur leis an tréimhse roimh an scoilt leis na Réamonnaigh a bhain ballraíocht Chonchubhair sna hÓglaigh, agus dearbhaíonn freisin gur trí sheans, tharla an fostaí a bhí ceaptha le dul a bheith gafa le coiste cróinéara, a bhí Conchubhar i mBaile Átha Cliath. Ar iarratas Chumann na nUaigheann Náisiúnta ainmníodh bóthar i mBaile Átha Cliath as. Liostaigh an cumann céanna a bhás in The Last post: the details and stories of Republican dead 1913-1975, an 2ú heagrán, 1976.