Ó CRUADHLAOICH, Pádraig (c.1861–1949) Pádraig Ó CRUADHLAOICH Gael na nGael Gaedheal na nGaedheal c.1861 1949 Baile Bhuirne, Co. Chorcaí M scríbhneoir file táilliúir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ag Muileann Bhaile Bhuirne a rugadh é timpeall 1861. Táilliúir ó Chill na Martra a athair, Diarmuid. File ba ea Diarmuid freisin agus bhí aithne mhaith aige ar Mháire Bhuí Ní Laoghaire mar ba mhinic a dhéanadh sé obair ina teach. Máire Ní Loingsigh ó Bhaile Bhuirne máthair Phádraig. Bhí idir Bhéarla agus Ghaeilge sa teach acu. ‘Bhí an Béarla le clos againne sa bhaile mar bhí sé ag m’athair agus ag mo mháthair. Labhraídís linne i gcónaí é, agus ní labhraídís eatarthu féin ach an Ghaeilge’, a dúirt sé féin. Ar scoil mhíníodh an máistir na ceachtanna Béarla dóibh trí Ghaeilge. Ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge aige ag fágáil na scoile dó.

I dtithe na bhfeirmeoirí timpeall Bhaile Bhuirne is mó a chleachtadh sé ceird an táilliúra ar dtús. Chaith sé tamaill ansin i mbailte agus sráidbhailte Chorcaí go dtí gur shocraigh sé síos i Maigh Chromtha in 1885. Phós sé Nóra Ní Chríodáin in 1887. Rugadh seisear clainne dóibh. D’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na teanga as leabhair Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus as leabhair Uí Ghramhnaigh. Thosaigh sé ag scríobh aistí filíochta. Thug an tAthair Peadar Ó Laoghaire misneach dó nuair a mhol sé iad. Iarradh air Óid an Oireachtais a scríobh i 1908 agus i 1909 bhuaigh sé an chéad duais don amhrán ab fhearr. Níor lagaigh air as sin amach ach ag scríobh caointe agus mhrán. Bhí sé ina Uachtarán ar Dhámhscoil Mhúscraí ó bunaiodh é i 1926. Foilsíodh beagnach 170 dán leis in dhá imleabhar i 1936 agus 1942. ‘Gaedheal na nGaedheal’ an t-ainm cleite a bhí aige. I 1946 d’fhoilsigh An Gúm a dhírbheathaisnéis, Cuimhne sean-leinbh.

Sampla maith é Pádraig ar chineál áirithe file a bhí thuas, i gCorcaigh go háirithe, i dtús an 20ú céad. Ba bheag a bhí ar a chumas ach simplíocht aigne, Gaelachas agus seanaimsearacht a nochtadh. ‘Ón 18ú haois a sceinn sé, trí thairmbreith éigin éagsúlach’ a dúirt Donncha Ó Cróinín ina thaobh. Is fiú cuimhneamh, ar ndóigh, gur scríobh sé trí amhrán a raibh cáil orthu: ‘Mo Chraoibhín aoibhin álainn ó’, ‘Pósadh Thrant’ agus ‘Céide ghlas Laoi na seol’.

Ó 1942 amach bhí Seán Ó Cróinín mar chomharsa béal dorais aige agus scríobh seisean síos cuid mhór dá sheanchas. Cuid luachmhar den seanchas sin an tuairisc ar na filí a mhair i gContae Chorcaí agus in iarthar Chiarraí idir 1700 agus 1850. ‘Oscailt agus ardradharc ar thréimhse 150 blianta de shaol liteartha an phobail as ar fuineadh é féin’, a thug an t-eagarthóir Donncha Ó Cróinin air (Seanchas Phádraig Í Chrualaoi ..., 1982). D’éag Pádraig ar 15 Márta 1949.