BRADY, Hugh (c.1844-1918) Hugh BRADY c.1844 1918 Contae an Chláir Cill Chríost, Co. an Chláir M múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí sé ar dhuine de na múinteoirí náisiúnta ba cháiliúla lena linn. I gContae an Chláir a rugadh é, i bparóiste an Dísirt agus an Ruáin, b’fhéidir. Chaith sé cuid mhór dá shaol ag múineadh scoile sa Ruán. Tá cuntas fada ag George O’Donnell, oifigeach Custaim is Máil agus duine dá iardhaltaí, in Saturday Record 9 Samhain 1918. Dar leis go raibh sé thar cionn ag múineadh matamaitice agus teangacha—Gearmáinis, Fraincis, Laidin agus Gaeilge. ‘His fame goes back to the early seventies when, as a coach for civil service examinations, he came prominently before the public. For many years he was, in that respect, a leading light in the United Kingdom. The name of Ruan became a talisman. From various parts of Munster boys came to study in the famous academy nestling under the beautiful Hill of Porte’. I measc a iardhaltaí bhí an tArdeaspag Mac Clúin (Melbourne), Mártan Ó Ceallaigh [B3], an státseirbhíseach arbh ina sheomraí a bunaíodh Conradh na Gaeilge, an lúithnire cáiliúil John Purcell, Pat O’Brien, Leas-Phríomhchigire i dTeach an Chustaim i Londain, agus an fealsamh Benjamin Kidd, a bhfuil cuntas air in Dictionary of National Biography. Is cosúil go raibh cumas ar leith ann chun buachaillí a ullmhú chun cur isteach ar phoist sa Chustam agus Mál agus sa státseirbhís i gcoitinne. ‘The name of Mr Brady is known in every seaport, in most of the principal distilleries and breweries and indeed in nearly all government offices of the United Kingdom’.

Dealraíonn sé go mba chainteoir dúchais Gaeilge é. I nDaonáireamh 1901 bhí sé ina chónaí i dteach ceann tuí ar choimín an Ruáin. Bhí sé 57 bliana d’aois agus dúirt gur chainteoir Gaeilge é. In aontíos leis bhí a neacht Hugh Hehir (17), scoláire, agus Thomas Hall (9), cara. Deirtear gur sheanuncail do Mhicheál O’Hehir, tráchtaire spóirt, an Hugh sin. Níor le Hugh Brady féin an teach ach bhí sé ann go fóill, é ina aonar, i 1911. Bhí áitreamh múinteora sa Ruán ach ba chuimhin le daoine i 1995 gurbh ann a bhíodh scoláirí ó Chontae Thiobraid Árann, daltaí de chuid Uí Bhrádaigh, ar lóistín.

Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 17 Nollaig 1902 go raibh Gaeilge á múineadh aige agus ar 2 Aibreán 1904 gur bhailigh na daltaí £4 le haghaidh Chiste na Teanga. Níl amhras ach go raibh spéis aige i ngluaiseacht na Gaeilge: bhí sé ina bhall de Chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1891; tá tagairt in Irisleabhar na Gaedhilge, Iúil 1893 do lámhscríbhinn Ghaeilge a bhí ina sheilbh; toghadh é ina bhall de Chomhairle Chonradh na Gaeilge (Independent 27 Samhain 1893).

Chuaigh sé chun cónaithe i Paradise Hill, Baile na Caillí, tar éis dó dul amach ar pinsean. Nia leis, D. Brady, feirmeoir san áit sin, a thug eolas i dtaobh a bháis ar 29 Deireadh Fómhair 1918 don chláraitheoir. Cuireadh ina theampall dúchais é i gCill Chríost sa cheantar sin. Bhí sochraid an-mhór air. Dúirt O’Donnell faoi: ‘Mr Brady was a fine type of Irish manhood. He was slightly under six feet in stature, symmetrically proportioned and of very attractive appearance. As Johnson said of Burke, “He was never to be mistaken for an ordinary man”.’