Ó TUATHAIL, Dónall (1881–1922) Dónall Ó TUATHAIL 1881 1922 Auchtertool, Albain Baile an Mhuilinn, Co. Aontroma M Coláiste Maolmhaodhóg, Béal Feirste, Co. Aontroma Coláiste Phádraig, Maigh Nuad sagart Caitliceach Rómhánach [B9] sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

An bealach ab fhearr chun an teanga a mhúineadh an ghné d’obair Chonradh na Gaeilge is mó ar scríobhadh leabhair ina taobh. Cuireadh spéis ar leith i Láimh-leabhar Mhódha na Ráidhte, 1919 leis an Athair Ó Tuathail a foilsíodh i mBéal Feirste. I Kirkcaldy in Albain a rugadh an sagart seo. De réir an teastais breithe rugadh é 29 Meán Fómhair 1881 in Auchtertool, Kirkcaldy, agus tugadh na hainmneacha baiste Daniel O’Reilly air in Eaglais Mhuire na Síorchabhrach sa bhaile sin. Éireannach sa tseirbhís Chustaim agus Máil ansiúd a athair Terence Toal agus ba í Mary Ann O’Reilly a mháthair. Ba neacht dó féin Cáit Ní Raghallaigh, banchéile Leon Uí Bhroin. Bhí ar a laghad beirt deartháireacha aige, ar shagart duine díobh agus oifigeach Chustaim agus Máil an fear eile, agus triúr deirfiúracha.

Fuair sé oideachas i gColáiste Maolmhaodhóig i mBéal Feirste agus oirníodh é i Maigh Nuad ar 11 Meitheamh 1905. Tar éis tamaill i bparóiste an Chroí Rónaofa i mBéal Feirste ceapadh é ina chigire deoise agus bhí sé ar fhoireann teagaisc Choláiste Maolmhaodhóig ag an am céanna. I 1909 cuireadh go Waterfoot, Gleann Airbh, é agus chuala sé ann cuid de na seandaoine ag labhairt Gaeilge. Líofacht an rud is mó a shantaigh sé féin agus mhaíodh sé nach raibh ach an t-aon ollamh amháin aige: seanchainteoir darbh ainm Máire Mhór. Chuir sé rang ar bun do leanaí a luaithe a shíl sé go raibh a dhóthain chuige sin foghlamtha aige. Bhain na leanaí an chéad duais ag feis i mBéal Feirste. Ba í Gaeilge Mháire Mhór a bhí acu agus síleadh go mba chainteoirí dúchais iad.

I nDomhnach Phádraig a bhí sé ó 1912 go 1916, i bparóiste Naomh Seosamh i mBéal Feirste ansin sular ceapadh ina shagart cúnta i bparóiste Naomh Maolmhaodhóg é. Deirtear gurbh é an tAthair Riobard Fullerton a ghríosaigh é chun dul i mbun obair na teanga sa chathair. Bhí baint aige leis an Ardscoil go háirithe agus cáil air mar mhúinteoir bunranganna. In alt dar teideal ‘A Weekend by the Lagan’ (Catholic Bulletin, Eanáir 1923) dúirt ‘Flann Fitzgerald’ (Séamus Ó Fiannachta) [B3] faoi: ‘In a large school in Donegal Street I found many classes studying the Gaelic idiom of Tír Chonaill. The largest and most elementary, composed mainly of under-nurtured millworkers, was in charge of a small, delicate, keen-eyed priest whose dress was stippled over with chalk and classroom dust’.

In ainneoin na tagairte sin do chailc is beag feidhm a bhaineadh sé as scríbhneoireacht ná as gramadach. ‘Módh na Ráite’ a thug sé ar an modh múinte a chleachtadh sé. Chuir Eoin Mac Néill[q.v.] réamhrá le Láimhleabhar Mhódha na Ráidhte, Cuid I, 1919. Le cabhair Phádraig Uí Shiochfhradha foilsíodh leagan Muimhneach an bhliain dár gcionn. Ach ba é tuairim Énrí Uí Mhuirgheasa[B1]: ‘He had a wonderful way with children and one of the reasons why so few can fully adopt his method is that so few have his peculiar gifts as a teacher’ (athfhriotal in Catholic Bulletin, Eanáir 1923). Tá cur síos ar na buanna sin ag Seán Mac Maoláin[B1] in An Claidheamh Soluis, 23 Nollaig 1922: ‘Chítear dúinn go bhfeicimid go fóill é. É ag leigint air bheith tinn. A lámh ar a cheann aige agus “Tá pian i mo cheann” á rá go truacánta aige, is gur doiligh a chreidbheáil gur ag cur i gcéill a bhí sé. Níor luaithe tinn ná biseach air is é ag siúl anuas is suas go beo breabhsanta agus “Tá mé go breá, buíochas do Dhia” mar phort aige. Is beag bród a bhíodh ag cur as dó. Níl aon chleas greannmhar nach ndéanfadh buachaill cúig mbliana déag nach ndéanfadh sé de gheall ar chiall na ráite a bhíodh sé a theagasc a chur ar na súile i gceart dá chuid scoláirí’.

Bhí sé ina ollamh i gColáiste Ó Méith i 1914, ina bhall de Choiste Gnóan Chonartha ó 1917 ar aghaidh. In Irish News 6 Nollaig 1922 nocht Seán Mac Maoláin an tuairim gur sna coláistí samhraidh is mo a d’fhóin sé do chúis na teanga. Agus ag tagairt dá obair i mBéal Feirste deir sé: ‘It was he who made the Ardscoil what it is—the Gaeltacht of the North-East. No one had more enthusiasm; none had more untiring energy’. Agus tarraingíonn sé an pictiúr seo den sagart ródhúthrachtach: ‘Into that frail figure, from the prematurely grey hair to the wet and mud-splashed shoes, it was possible to read some of his own life’s characteristics’.

Chuir sé eagar ar Tóraidheacht na bhfireun ar lorg Chríosta, 1915, an t-aistriú a rinne ‘sagart éigin in aice le Dún Phádraig i gContae an Dúin’ i 1762 ar Imitatio Christi. Bhí aistí i gcló aige in An Chraobh Rua, An Claidheamh Soluis, Timire an Croí Naofa,agus Fr Mathew Record. Fear cráifeach ba ea é, é tugtha go mór do chúis an staonta ón ól, agus dílseacht ar leith aige do Naomh Bríd. Dúirt Seán Mac Maoláin faoi: ‘Labhraíodh sé ar na naomha mar labhródh sé ar dhaoine a raibh seanaithne aige orthu’. Agus níorbh iad na sean-naoimh amháin a bhí i gceist. Bhí beartaithe aige beatha ‘Little Nellie of Holy God’ a scríobh.

D’éag sé agus é ag tabhairt seanmóra sa tséipéal 3 Nollaig 1922 agus tá sé curtha i reilig Bhaile an Mhuilinn. Cothrom lá a bháis an bhliain dár gcionn osclaíodh ‘Roinn an Athar Dónall’ in Ardscoil Uladh, seomra a raibh pictiúir ‘fhíor-Ghaelacha’ de dhéantús phéintéirí óga na cathrach ar taispeáint (tuairisc in Fáinne an Lae 19 Eanáir 1924). Chraol Liam Mac Reachtain [q.v.] caint dar teideal ‘Sagart mór na leanaí beaga’ ar Radio Éireann 10 Deireadh Fómhair 1952.

Scríobh Tomás Ó Fiaich cuntas dar teideal ‘Triúr de chlann Uí Thuathghaile’ in Seanchas Ard Mhacha Iml. 7 Uimhir I 1973. Bhí cónaí orthu sa Mháigh, Co. Thír Eoghain. Col ceathracha dóibh ba ea an tAthair Dónall. Deir Ó Fiaich: ‘Toal an litriú a bhí ar shloinne an teaghlaigh go dtí 1870–1880. Ach bhí sé i mbéaloideas an teaghlaigh gur as Co. Dhoire a shíolraigh siad agus ba ghnách le muintir an cheantair, ainneoin an litrithe, an sloinne a fhuaimniú i gcónaí mar fhocal dhá-shiollach. Dá bhrí sin ghlac Énrí Ó Tuathghaile [1837–1926] an litriú Tohall chuige féin i mBéarla—is cosúil gur sliocht as an Monasticon Hibernicum faoi Dhisert Uí Thuathghaile i gContae Dhoire a bhí i gcló san I.E.R., 1871–72, a thug air an t-athrú a dhéanamh’. Tá cuntas air ag Gearóid Mac Giolla Domhnaigh in An tUltach, Nollaig 1994.