Ó SÍTHE, Máire [Ní Shíthe] (1867–1955) Máire NÍ SHÍTHE Máire Uí Laoghaire Dul Amú 1867 1955 Baile Mhic Eoghain, Co. Chorcaí F Clochar na Trócaire, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí aistritheoir eagarthóir scríbhneoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Ó SÍTHE Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Í féin agus Úna Ní Fhaircheallaigh[B1] na chéad scríbhneoirí ban Gaeilge i ndiaidh 1882 agus ba iad Máire Ní Chinnéide[B2] agus í féin na chéad drámadóirí ban. Tá a fhios againn óna teastas pósta gur Timothy Sheehy ab ainm dá hathair. Deir Brenda Ní Ríordáin, a bhfuil gaol aici léi, gurbh í Anne Deasy a mháthair agus go mba chainteoir dúchais Gaeilge í (‘Cérbh í “Dul amú”?’ in Comhar, Lúnasa, 1993). Rugadh an iníon seo le Timothy agus Anne ar 16 Samhain 1867 i mBaile Mhic Eoghain, Cill na gCros, i gceantar Chloich na Coillte, dar leis an teastas breithe. Fear déiríochta an t-athair. Deir Breanda Ní Ríordáin freisin go raibh an Ghaeilge láidir go fóill i nDairbhre mar a raibh an scoil náisiúnta ar fhreastail sí uirthi. Anuas go 1887 bhí sí ina dalta i gClochar na Trócaire, Cloich na Coillte, agus ina monatóir tamall. Is cosúil gur lean sí uirthi ag múineadh ina ceantar dúchais, cé gur ‘Gaelic authoress’ a cuireadh síos mar shlí bheatha i nDaonáireamh 1901.

In Fáinne an Lae 2 Nollaig 1899 a bhí an chéad phíosa riamh i gcló aici. Bhí an t-ainm pinn ‘Dul amudha’ á úsáid aici. Bhuaigh sí féin agus Pádraig Ó Séaghdha (1864–1955) [B1] an dara duais ar aiste ag Feis na Mumhan (An Claidheamh Soluis 22 Meán Fómhair 1900). Ag Oireachtas 1901 ghnóthaigh sí an chéad duais ar dhráma aonghnímh ‘Suipéar Dhiarmuda Mhic Pháidín’. Ba mhinic a hainm i measc na mbuaiteoirí Oireachtais anuas go 1924. Agus tá aistí agus scéalta dá cuid i gcló i bpríomhirisí Gaeilge na tréimhse céanna.

I gcomhpháirt le hÉilís Ní Mhurchadha scríobh sí dráma dhá ghníomh Beart nótaí (i gcló in Banba, Nollaig 1903-Meitheamh 1906). Ní luaitear an comhúdar in aon chor sa chur síos ar an léiriú a fuair an dráma seo i mBéal Feirste (An Claidheamh Soluis 4 Deireadh Fómhair 1902): ‘The curtain then rose upon Beart nótaí, the charming modern comedy in two acts, by Dul amú (Miss Minnie Sheehy, Clonakilty, Co. Cork), herself a pupil of Denis Fleming [Donnchadh PléimionnB1], and already known as a ready and lively writer of Gaelic ... the whole work had been carefully read by Seandún [Tadhg Ó MurchadhaB1] and by O.J.Bergin[B2].... As a result the dialogue is of remarkable purity and finish’. Bhí ról aici féin sa léiriú sin. Ós cainteoir dúchais ba ea í, ní foláir nó is ag foghlaim scríobh na teanga a bhí sí ón bPléimionnach.

Bhí sí ina heagarthóir Gaeilge ag an bpáipéar The Cork Sun i 1903.

Bhí eolas aici ar an bhFraincis agus an nGearmáinis agus d’aistrigh sí cuid mhaith scéalta. Is é An Geocach Duine Uasail, 1930 le Moliere (Le Bourgeois Gentilhomme) an t-aistriúchán is cáiliúla dá ndearna sí ón bhFraincis. Léiríodh é in Amharclann an Gheata go luath i ndiaidh a fhoilsithe agus arís i Halla Damer i 1958.

Deir Breanda Ní Ríordáin gur thug Coimisiún na Talún feirm di i 1913. Phós sí Donncha Ó Laoghaire (Laoghaire Buadhach) ó Bheanntraí i dTigh Molaige 17 Meitheamh 1915 agus ba é a seoladh ag an am Ard Mór, Tigh Molaige. Is inspéise b’fhéidir go raibh Máire agus an ‘Muirneach Buadhach (D.O’Leary, Cork) ‘luaite le chéile ag Feis na Mumhan 1900 mar bheirt ar moladh go hard a n-iarrachtaí i gcomórtas aiste ar éifeacht na bPéindlíthe ar an teanga (An Claidheamh Soluis 6 Deireadh Fómhair 1900). D’aistrigh siad ar ball go dtí feirm in aice le Cúirt Mhic Shéafraidh. D’éag sí 13 Iúil 1955.

Tá litreacha a chuir an Piarsach agus Conraitheoirí eile chuici ar coimeád i gClochar na Trócaire, Cloich na Coillte. Tá tagairt i litir ón bPiarsach dar dáta 20 Meitheamh 1907 do phost faoi Choimisinéirí an Oideachais Mheánaigh a bhí sí a iarraidh a fháil. Is dóigh gur post timire Gaeilge faoin mBord Oideachais a bhí i gceist.