Ó SÉ, Micheál (1877–1968) Micheál Ó SÉ 1877 1968 Baile Uí Chorráin, Co. Chiarraí M file siúinéir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas ag Eibhlín Ní Mhurchú ar an bhfile pobail seo in Ár bhfilí: iris na hoidhreachta 3, 1991, in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta, faoin teideal ‘Micheál Ó Sé: Maidhc Sé. File, Rinnceoir agus Ceardaí’

Saolaíodh é ar 18 Meán Fómhair 1877 i mBaile Uí Chorráin i bparóiste Múrach i gCorca Dhuibhne. Peaid ab ainm dá athair. Ceardaí ba ea é siúd freisin agus ba í Cáit Nic Ghearailt máthair Mhaidhc. Bhí seisear eile sa chlann: ceathrar iníonacha agus beirt mhac agus ba é Maidhc an séú duine díobh agus an tríú mac. Bhí sé ar scoil i Sean-Choill agus bheadh sé ina mhonatóir ann, b’fhéidir, murach go raibh sé tinn ar feadh bliana. Chaith sé a shaol leis an siúinéireacht. Bhí cáil ar leith air mar gheall ar na naomhóga agus na maidí rámha a dhéanadh sé. Ó Mhichaelín Hartnett, an ceardaí a rinne an naomhóg ‘Beauty deas an Oileáin’, a d’fhoghlaim Maidhc an ealaín sin.

D’fhoghlaim sé rince ó na máistrí rince ba chailiúla sa cheantar agus d’fhoghlaim sé an veidhleadóireacht freisin ó dhuine díobh, Roger Cinnidí. Bhuaigh sé craobh na Mumhan sa chornphíopa i 1904.

Phós sé Ellen Brick ó Bhaile Uí Dhuinn agus bhí cúigear clainne acu.

Ó 1936 ar aghaidh bhíodh dánta i gcló aige in The Kerryman. Chuir a mhac Pádraig cnuasach díobh ar fáil ar a chostas féin. D’éag Maidhc 4 Lúnasa 1968.