Ó MOGHRÁIN, Pádraic (1886–1966) Pádraic Ó MOGHRÁIN 1886 1966 Caladh Breac, Co. Mhaigh Eo M Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath mórbhailitheoir béaloidis [B9] múinteoir bailitheoir béaloidis múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

An fear seo agus Micheál Mac Énrí is mó a bhailigh béaloideas i gceantar Chuan Mó agus Acla. Scríobh Séamus Ó Duilearga ina thaobh: ‘... de thoradh a thaighde tá fágtha ina dhiaidh ag an náisiún cnuasach trá ó imeallbhordaibh Chuan Mó nach bhféadfaí a dhéanamh anois agus nach ndéanfaí choíche mura mbeadh é’ (Béaloideas, 1966). Rugadh é 15 Márta 1886 i gCaladh Breac, Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Feirmeoir ba ea a athair Tadhg agus ba í Cáit Chambers a mháthair. Naonúr a bhí sa chlann: seisear mac agus triúr iníonacha. Bhí duine de na mic, Aindrias, ina shagart paróiste sa Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Bhí deartháir eile, Micheál, ina phríomhfheidhmeannach ag Coiste Gairmoideachais Chontae Luimnigh agus ba mhac leis-sean an tAthair Tadhg Ó Móráin.

Bhí sé ar scoil i dTrian Beag agus ba é céile a aintín a bhí ina mháistir scoile ansiúd, Antoine Mac Giobúin. Deirtear gur chothaigh seisean dúil i léann agus i gcultúr ann. Tar éis dhá bhliain i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, bhain sé amach BA i 1913 agus MA deich mbliana ina dhiaidh sin. Chaith sé tréimhsí ag múineadh i Maigh nEalta, Co. na Mí, agus ansin sa Srath Mór agus i gCnoc Luachra i gContae Mhaigh Eo. Phós sé Nóra Chambers agus bhí triúr clainne acu. Fuair Nóra bás den eitinn i 1920 agus phós sé Máire Ailis Nic Pháidín (a d’éag 1964) agus rugadh seisear clainne dóibh. I Mala Raithní a bhí cónaí air.

Ba é an tAthair Tomás Ó Cillín a spreag é chun dul i mbun aistriúcháin. Fáth eile a bhí leis, b’fhéidir, go mba ghá dó cur lena ioncam toisc a raibh de mhuirear air. Fáth eile fós, gan amhras, na teangacha a bhí ar eolas aige: Laidin, Gréigis, Eabhrais, Gearmáinis, Iodáilis, Sualainnis, agus, b’fhéidir, Rúisis. Aistriúcháin a rinne sé ón nGearmáinis is ea: An Carabhán, 1930 le Wilhelm Hauff; Seán Workmann, 1933 le Hans Dominik; Mé féin agus mo mhadadh, 1935 le Thomas Mann; Seeteufel nó deamhan na mara, 1936 le Graf Felix Von Luckner; Nonni agus Manni, 1940 le Jon Svensson; Aislingí cois tine, 1953 le R.V. Volkmann-LeanderÓn mBéarla a d’aistrigh sé: Sgéalta Ríogh na ngaoth, 1941 (arbh é a bhundamhna Tales of the wind King le E. D. Laborde); Leabhar leictreachais do bhuachaillí, 1944 le C. L. Boltz; Leabhar na n-iongantas, 1949 le Richard Haliburton; Foras feasa ar stair na Róimhe, 1956, le H.F. Pelham. Aistriúcháin eile leis is ea: Sligeach, 1946 (County Histories V: Sligo) agus Uaimheanna na Sealgairí Móra, 1968 (Die Hoblen der Grossen Jager le Hans Baumann). Idir 1939 agus 1947 chuir sé sraith de Sídhe Scéalta Ghrimm ar fáil. In Irisleabhar Mhá Nuad 1996-97: Féilscríbhinn an Doibhlinigh, 1997 in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine pléann Andrea Nic Thaidhg a aistriúcháin ón nGearmáinis in ‘Ó Brüder Grimm go Thomas Mann’. Scríobh sé Tóruigheacht mhadadh na seacht gcos [g.d.] ó bhéalaithris Phádraig Mhic Aodháin; Aingealas an mhéanoíche, 1953, eachtra scoile; Annála beaga Pharáiste Bhuiréis Umhaill. A short account of the History of Burrishoole, [c.1957]. Tá cuid dá aistí in Béaloideas. Tá breis is 6,000 leathanach uaidh i nGaeilge i scríbhinní Roinn an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ceapadh é ina bhailitheoir lánaimseartha ag Coimisiún Béaloideasa Éireann i Meitheamh 1951 agus d’éirigh sé as an obair sin de dheasca drochshláinte 31 Márta 1956. D’éag sé 29 Samhain 1966.