Ó MILEADHA, Pádraig (1877–1947) Pádraig Ó MILEADHA 1877 1947 Na Sceichíní, Co. Phort Láirge Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge M Scoil Náisiúnta Chill Bhriain, Co. Phort Láirge Scoil Náisiúnta Thuar an Fhíona, Co. Phort Láirge scríbhneoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Sna Sceichíní ar Shliabh gCua, Co. Phort Láirge, a rugadh é ar 26 Meitheamh 1877 agus tógadh é i dteach a sheanathar Muiris Ó Mileadha, fear nach raibh aon Bhéarla aige. I gcomharsanacht an Sceichín atá Bléantas agus i nDaonáireamh 1901 is ann (Cnoc Bhléantas Odhar) a bhí cónaí ar Maurice Millea (75), feirmeoir agus baintreach fir nach raibh aige ach Gaeilge. In aontíos leis bhí: a mhac Patrick (45), fear singil a raibh Béarla agus Gaeilge aige ach nach raibh léamh an Bhéarla aige; Ellen Farrell (32 dá mb’fhíor), iníon Mhuiris, bean phósta a raibh an dá theanga aici; Kate McLearty (32), cailín aimsire (Béarla agus Gaeilge); Terence Farrell (24), cliamhain Mhuiris, oibrí feirme a raibh an dá theanga aige ach nach raibh léamh aige. In 1911 is iad a bhí sa teach Terence Farrell (34), feirmeoir; Ellen Farrell (48); Patrick Millea (60) oibrí feirme agus fear singil. Bhí Terence agus Ellen pósta le naoi mbliana agus seisear leanaí acu, a raibh cúigear díobh sa teach oíche an Daonáirimh. Deirtear de ghnáth gurbh i dteach a sheanathar Muiris, fear nach raibh Béarla aige, a tógadh ár bPádraig. In An Linn Bhuí 10, 2006 tá ‘Tír na gCreas is na gCaor: Pádraig Ó Miléadha agus Bailiú an Bhéaloidis’ le Stiofán Ó Cadhla. Bhí sé ar scoil i gCill Bhriain agus deirtear go raibh sármhúinteoir aige ansiúd, Pádraig Céitinn. Nuair a d’aistrigh an múinteoir seo go Tuar an Fhíona lean Pádraig é. Is tar éis dó scoil a fhágáil a d’fhoghlaim sé léamh na Gaeilge le cabhair Poets and poetry of Munster le John O’Daly.

Chuaigh sé chun na Breataine Bige in 1903 agus fuair post i monarcha nicile (nickel) in Clydach in aice le Swansea. Phós sé Ellen Cullinane ó Bharra na hUidhre in Eaglais Naomh Seosamh, Swansea, 8 Deireadh Fómhair 1904. Is é an t-eolas atá sa teastas pósta go mba mhac é le Patrick Millea, ‘agricultural labourer’, go raibh sé 25 bliana d’aois, gur ‘labourer in Nickel Works’ ba ea é agus cónaí air ag 2 Nickel Terrace, Vardre, Rhyndwyclydach. Bhí Eibhlín, iníon le David Cullinane, feirmeoir, 22 bliain d’aois agus cónaí uirthi ag 10 Nickel Terrace. Bhí aithne ag Pádraig Tyers ar Ó Mileadha agus ar a athair agus tá cur síos aige orthu in Sliabh gCua m’Óige, 2003. ‘Sa Sceichín ag bun an Chomaraigh a bhí cónaí ar mhuintir Mhiléadha, ceann den dá theaghlach den sloinne sin sa cheantar. Dála na gcomharsan eile go léir b’fhada ó bheith rachmasach iad agus gan acu ach cúpla acra éigin de thalamh neamhthorthúil. Peats a ghlaodh muintir na háite ar athair Phádraig. Is cuimhin liom agus mé i mo gharsún scoile go dtagadh Peats de shiúl a chos an tslí go léir ón Sceichín anuas go dtí oifig phoist Bhéal na Molt ag triall ar an seanphinsean gach aon Aoine.’ Rugadh triúr leanbh dóibh. Bhí sé ina bhall den Pondardawe District Council agus ceardchumannach dúthrachtach ba ea é. Briseadh as a phost é 1922 mar gheall ar stailc a eagrú an bhliain roimhe sin. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge thall. Micheál Ó Foghludha[B3] a thug cuireadh dó chuig cúrsa oiliúna do mhúinteoirí taistil i gColáiste Dhéagláin san Aird Mhór, Co. Phort Láirge, agus d’éirigh leis post múinteora Gaeilge a fháil sa chontae sin. Ó 1930 go 1942 bhíodh sé ag teagasc sna cúrsaí samhraidh sa Rinn. D’éirigh sé as a phost mar gheall ar dhrochshláinte in 1945 agus d’éag 10 Deireadh Fómhair 1947. Tá sé curtha i dTuar an Fhíona agus nocht Cearbhall Ó Dálaigh, Uachtarán na hÉireann, leac in onóir dó nuair a bhí cothrom chéad bliain a bhreithe á chómoradh.

Scríobh sé: Duanta andeas, 1934—tháinig eagrán nua amach in 1977 maille le cuntas ar a bheatha le Gearóid Denvir; An fiannaidhe fáin, 1934; Trí glúine Gaedheal, 1953, dán fada 1,600 líne ar an gcuid sin de stair na hÉireann a dhéanann scathántacht ar chúrsaí a bheatha féin. In Béaloideas Meitheamh 1935, foilsíodh ‘Cian na mBeann nÓir’ agus san iris chéanna um Nollaig 1936 ‘Seanchas Sliabh gCua’. File pobail ba ea é agus d’éirigh leis an ceann is mó d’amhráin deoraíochta a linne a chur i mbéal an phobail, ‘Sliabh geal gCua na Féile’. Ba é a chara Labhrás Ó Cadhlaigh[B3] a roghnaigh fonn le rá leis an amhrán sin agus le cuid eile d’amhráin Uí Mhileadha.