Ó FLANNAGÁIN, Micheál (1876–1942) Micheál Ó FLANNAGÁIN 1876 1942 Cluain Fobhair, Co. Ros Comáin Corrán Shráid an Mhóta, Baile Átha Cliath M Scoil Ó Conchubhair Donn, Cluain Bainbh, Co. Ros Comáin Coláiste Chnoc an tSamhraidh, Sligeach Coláiste Phádraig, Maigh Nuad sagart Caitliceach Rómhánach [B9] sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I gCluain Fobhair i bparóiste Chill Chaomháin (sin é paróiste an Chaisleáin Riabhaigh, Co. Ros Comáin) a rugadh é 13 Lúnasa 1876. Cainteoirí dúchais Gaeilge ba ea a thuismitheoirí, Edward Flanagan, a bhain leis an gcraobh de chlann Fhlannagáin a dtugtar ‘Edmund’ orthu, agus Mary Crowley. Crawley ba shloinne dá mháthair agus ní Crowley, dar le Patrick Maume in DIB. Níl ainm na máthar tugtha ag Denis Carroll i mbeathaisnéis Uí Fhlannagáin They have fooled you again...: priest, republican, social critic, 1993. I ndaonáireamh 1911 bhí an sloinne Crawley coitianta i gCluain Fobhair, mar ar saolaíodh Ó Flannagáin agus is ródhóigh gur ag Maume atá an ceart. Bhí Béarla ag a thuismitheoirí freisin, de réir Dhaonáireamh 1901. Deireadh Micheál nach raibh scríobh an Bhéarla ag a athair ach gurbh fhearr de scoláire Laidne é ná é féin. Sórt Breac-Ghaeltachta ba ea an ceantar agus deirtear gur líofa a bhí Gaeilge ná Béarla ag Micheál. Bhí ar a laghad beirt deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige.

D’fhreastail sé ar scoil i gCluain Bainbh a dtugtaí ‘The Don School’ uirthi; ba é Ó Conchubhair Donn a chuir ar bun í bliain sula ndeachaigh Micheál isteach ann. Thosaigh sé i gColáiste Chnoc an tSamhraidh in 1890 agus chuaigh go Maigh Nuad in 1894. Oirníodh in Ardeaglais Shligigh é i 1900 toisc é bheith beagáinín ró-óg le hoirniú i Maigh Nuad. Chaith sé ceithre bliana ar fhoireann teagaisc Chnoc an tSamhraidh agus bhí ina chomhrúnaí le Brian Ó Críocháin [B3] ag Feis Shligigh i 1903 agus arís i 1904. Cuireadh go Meiriceá é i 1904 a bhailiú airgid ar son chlochar na bhProinsiasach i Loch Glinne agus chun tacú le déantúis an cheantair, leis an lásadóireacht go háirithe. Lean an obair sin go ceann sé bliana. Léiriú greannmhar ar a chumas chun na hoibre sin gur thug sé leis go Meiriceá uair fód móna as gach contae. Ghearradh sé dollar ar an té ar mhaith leis cos a leagan ar a fhód dúchais.

Thug sé eolas don Choiste Gnó um Meitheamh 1910: ‘Our countrymen in the States were, he considered, our greatest friends outside of Ireland. They were anxious to benefit by the revival and were willing to share in the work of sacrifice. They should not be neglected by the League but should be taken into the language movement and kept in constant touch with home doings’ (An Claidheamh Soluis 18 Deireadh Fómhair 1910). D’imigh sé go Meiriceá arís i 1911–12, in éineacht le Fionán Mac Coluim [B1], Dónall Ó ConchubhairThrá Lí) agus Shane Leslie, chun airgead a bhailiú don Chonradh. Bhí sé féin míshásta leis an £3,054 a tugadh dóibh; bhí $64,000 faighte ag an gCraoibhín. Ach shíl sé gur díoladh na milliúin punt d’earraí na hÉireann de bharr na cuairte. Toghadh ina bhall den Choiste Gnó é i 1913–1918. Bhí sé ina Leas-Uachtarán ar an gConradh i 1919–20.

Le linn dó bheith ina shéiplíneach i mbaile Shligigh i 1913 thacaigh sé le stailc na ndugairí. Ceapadh ina shagart cúnta i gCliafuine é i 1914. Ba í an eachtra ba mhó dár theagmhaigh leis ansiúd an t-aighneas idir muintir an pharóiste agus Bord na gCeantar Cúng. Bhí an Bord ag iarraidh cosc a chur ar bhaint na móna i bportaigh áirithe. Thug an tAthair Micheál agus na paróisteánaigh a ndúshlán nuair a chuaigh siad a bhaint móna. Bhuaigh siad an cath ach aistríodh Micheál amach as an bparóiste go Crosná i 1915. Bhagair na paróisteánaigh nach bhfeicfeadh an sagart a thiocfadh ina ionad ach an doras dúnta. Ach d’éirigh le Micheál iad a shuaimhniú.

Bhí cáil na hóráidíochta air cheana féin. Iarradh air faoi dhó seanmóir na hAidbhinte a thabhairt in Ardeaglais San Silvestro sa Róimh. Is é a thug an óráid ar 28 Iúil 1915 nuair a bhí Ó Donnabháin Rosa os cionn cláir i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath. Deirtear go raibh 100,000 duine ag éisteacht leis ag cruinniú olltoghcháin 13 Nollaig 1918 i mBaile Átha Cliath. In Scéala Éireann 7 Lúnasa 1942 scríobh M.J.McManus i dtaobh cruinniú fothoghchánaíochta i Ros Comáin i 1917: ‘The meeting—the first of its kind—left unforgettable impressions and among them is the picture of Father O’Flanagan, the principal speaker, stalwart and handsome, winning the hearts of an audience who seemed to be unconscious of the snow flakes that were falling. He was, I think, easily the best open-air orator of his time. He possessed a deep resonant voice with a pleasant rolling western quality and he had in addition a fund of native humour that never failed him’. Ba é ba mhó faoi deara gur éirigh leis an gCunta Pluincéad san fhothoghchán.

Tugtar suas dó go raibh ról ríthábhachtach aige i ndiaidh 1916 san obair a rinneadh d’fhonn Sinn Féin Airt Uí Ghríofa a nascadh leis an ngluaiseacht phoblachtach. Toghadh é féin agus an Gríofach ina Leas-Uachtaráin ar Shinn Féin nua ag mórchomhdháil 25 Deireadh Fómhair 1917. É féin agus Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’) [B3] a dhréachtaigh an forógra olltoghcháin i 1918. Cuireadh ar fionraí den chéad uair é tar éis dó óráidí a thabhairt anseo is ansiúd i gContae an Chabháin gan chead na sagart paróiste le linn fheachtais fothoghcáin ann i 1918. Ach bronnadh saoirse Shligigh air Meitheamh 1918 agus ba é a roghnaíodh chun an phaidir thionscnaimh a rá ag cruinniú na Chéad Dála 21 Eanáir 1919. Faoi shamhradh na bliana sin bhí sé ar ais i mbun obair pharóiste. I rith Chogadh na Saoirse bhí sé ina bhreitheamh sna cúirteanna poblachtacha. Bhíodh sé ag gníomhú mar Uachtarán ar Shinn Féin le linn de Valera a bheith i bpríosún.

Bhain místuaim leis. Nuair a bhí teagmhálacha ar bun ag an Ardeaspag Mac Clúin ó Pherth um Shamhain 1920 chun téarmaí síochána a shocrú chuir sé teileagram chuig Lloyd George: ‘You state you are willing to make peace at once without waiting till Christmas, Ireland is also willing to make peace. What first steps do you propose?’ Síleadh gur bhain an Príomh-Aire as sin go raibh fonn géillte ar Shinn Féin. ‘The abortive efforts of this self-accredited amateur diplomat’ a thug Piaras Béaslaí [B1] ar mhéiseáil seo an tsagairt. Fear trodach é leis. Bhagair sé dlí a chur ar an gCoiste Gnó i 1914 toisc gur thug toscairí an Chonartha taispeántas de dhéantús na hÉireann amach go Meiriceá leo: ba eisean a smaoinigh ar an seift ar dtús agus ba cheart cuid den bhrabach a theacht chuige (Donnchadh Ó Súilleabháin in Feasta, Eanáir 1982). Agus ba mhinic nach dtaitníodh a thuairimí lena chomhghleacaithe. Um Meitheamh 1916 nocht sé a aigne faoi chearta aontachtóirí an oirthuaiscirt chun iad féin a dhealú amach ón gcuid eile de Chúige Uladh, rud a tharraing fraoch náisiúnaithe, Lughaidh Breathnach [B1] go háirithe, air. Ach faoi na 1920idí bhí sé go mór in aghaidh na críchdheighilte.

Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Cuireadh go Meiriceá arís é i 1921 mar bholscaire ar son chúis na Poblachta agus d’fhan ann go 1925, cé is moite de thréimhse a chaith sé féin agus ‘Sceilg’ san Astráil. Mar gheall ar chaint mhíchuíosach a rinne an Ciarraíoch díbríodh as an tír sin iad beirt tar éis dóibh sé sheachtain a chaitheamh i bpríosún. D’iarr de Valera air teacht abhaile ó Mheiriceá chun polasaí sóisialta a dhréachtadh do Shinn Féin agus chun cabhrú leo i roinnt fothoghchán. Ní raibh sé sásta dul isteach i bhFianna Fáil nuair a bunaíodh é i 1926. Bhí sé sna Stáit ag iarraidh airgead a bhailiú do Shinn Féin ó Mhárta go Meán Fómhair 1927 ach fuair amach gurbh fhearr le daoine cabhrú le Fianna Fáil.

Iarradh air eagrán de litreacha Sheáin Uí Dhonnabháin agus Eoghan Uí Chomhraí a chur le chéile in oifig na Suirbhéireachta Ordanáis, rud a rinne sé i 1927/8. Ó 2 Ardán Fontenoy, Bré, agus ina dhiaidh sin ó 7 Sydenham Villas, Bré, chuir sé imleabhair de chóipeanna clóscríofa de na litreacha agus de na hainmleabhair do gach contae amach i 1929: bhí tuairim 200 imleabhar i gceist agus níl a ainm féin le feiceáil iontu. Nuair a tháinig Fianna Fáil i réim d’iarr a chara Tomás Ó Deirg, Aire Oideachais, air stair na gcontaetha a scríobh i mBéarla agus i nGaeilge. Tugadh seomra sa Leabharlann Náisiúnta dó agus foireann bheag. Measadh go dtógfadh sé naoi mbliana an saothar seo a chríochnú. Níor foilsíodh ach stair chúig chontae faoin teideal sraithe Stair na gConndae: Ros Comáin, 1938; Muineachán, 1940; Ceatharlach, 1940; Ciarraí, 1941; Sligeach, 1944. Níor foilsíodh riamh leaganacha Gaeilge ná Béarla de na cinn a bhí scríofa aige ar Chorcaigh, Bhaile Átha Cliath, Dhún na nGall, Mhaigh EoLoch Garman (tá siad i measc a chuid Iss sa Leabharlann Náisiúnta). I mBéarla a scríobh sé féin iad agus is údair éagsúla a d’aistrigh. Ní luaitear a ainm féin mar údar ar leathanach teidil aon leabhair den mhéid a foilsíodh. Tuairimítear nach raibh scríobh na teanga go maith aige. Dúirt T.P. O’Neill, i gclár raidió le Proinsias Ó Conluain, The staunchest priest (a craoladh 17 Deireadh Fómhair 1976): ‘He was too deeply involved in political idealism to be a good historian’. Deir an beathaisnéisí Denis Carroll: ‘The careful reader will notice that themes of Fr O’Flanagan’s political thought emerge in these histories’.

Nuair a bhí sé ina uachtarán ar Shinn Féin (1933–35) tharraing an post stáit seo i dtrioblóid é le Máire Nic Shuibhne agus Brian Ó hUiginn [B3]. É a bheith ag fáil airgid ón stát an fáth ar fhág an tUiginneach an páirtí, cé go ngoilleadh go trom air freisin an cáineadh a dhéanadh an sagart ar na heaspaig: agus d’éirigh Máire Nic Shuibhne as nuair a atoghadh ina uachtarán é. Cuireadh é féin amach as an bpáirtí toisc gur ghlac sé páirt i gclár raidió i dtaobh na Chéad Dála 21 Eanáir 1936.

Bhí dúspéis aige i ngnóthaí eachtracha agus bhí sé ina bhall de choiste gnóthaí eachtracha na Chéad Dála. Nuair a bhris cogadh cathartha amach sa Spáinn i 1936 bhí sé ar thaobh na poblachta in aghaidh Franco. Thug sé dhá chuairt ar na Stáit chun cabhrú le hobair shílteagaisc agus cuairt ar an Spáinn. Thug sé óráid ag fáiltiú abhaile roimh shaighdiúirí 10 Nollaig 1938.

Tugadh a chumhachtaí sagairt ar ais dó 20 Bealtaine 1939 agus bhí poist séiplínigh aige i gclochar agus i dteach banaltrais. D’éag sé den ailse 7 Lúnasa 1942 ag 7 Corrán Shráid an Mhóta Uacht., Baile Átha Cliath. Mar ómós dó bhí a chorp os cionn cláir i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath, agus tugadh sochraid phoiblí dó. Rinne Albert Power masc mairbh. B’fhéidir gur comhartha ar an gcineál a bhí ann na daoine a d’fhan cairdiúil leis. Thugadh de Valera cuairt air sa Leabharlann Náisiúnta agus bhíodh cois na leapa aige beagnach gach lá agus é ag saothrú an bháis. D’fhan sé cairdiúil le leithéidí Pheadair O’Donnell, George Gilmore agus Frank Ryan. Agus níorbh fhéidir le haon ní an cairdeas le ‘Sceilg’ a bhearnú.

Bhí cónaí air ag am a bháis ag ‘Aileach’, Bóthar Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath, agus d’fhág eastát arbh fhiú beagnach £4,600 é. D’fhág sé an t-iomlán nach mór le huacht ag a rúnaí, iníon Nelson.

Ba tionscnóir aitheanta é. Tá cur síos ag Donnchadh Ó Súilleabháin san aiste úd in Feasta ar chuid dá thionscnaimh eolaíochta. Ceann díobh ba ea an ‘Rónsúil’, spéaclaí le caitheamh faoin uisce. D’fhan cuimhne i measc phobal Bhré ar an gCláiríneach Micheál Ó hEoghanáin (an fear a thug cabhair don Duinníneach) a bheith á mharú féin ar son an Fhlannagánaigh agus é ag tástáil na spéaclaí seo san fharraige. Deir Denis Carroll: ‘The specification submitted to the Patents Office shows an extensive knowledge by the inventor of physics, hydrophysics and optics’. Cheap sé freisin leaba a d’fhanfadh lánsocair ar bord loinge, agus an ‘Dolbhsciorta’, sórt áirithe cóta. Bhí spéis aige i dtéamh tithe agus i mbia folláin a bheith le fáil ag an bpobal.

Scríobh sé: Irish phonetics, 1904; The strength of Sinn Féin, 1934; Father O' Flanagan’s suppressed speech, 1918; Co-operation, [1921–2] (paimfléad). Tá a chuid aistí liostaithe ag Denis Carroll in They have fooled you again: Micheál Ó Flannagáin, Michael O’Flanagan (1876–1942): priest, republican, social critic, 1993. Scríobh Desmond Greaves Fr Michael O’Flanagan, Republican Priest, [c.1954].