Ó FAGÁIN, Nioclás (1873–1929) Nioclás Ó FAGÁIN 1873 1929 Na Sceirí, Baile Átha Cliath An Caisleán Gearr, Co. na Gaillimhe Sráid Eccles, Baile Átha Cliath M Coláiste Iognáid, Bóthar na Mara, Gaillimh Coláiste Mhungairit, Co. Luimnigh Coláiste Phádraig, Maigh Nuad sagart Caitliceach Rómhánach [B9] sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Sna Sceirí, Baile Átha Cliath, a rugadh é 14 Iúil 1873. Bhí triúr déag eile sa chlann a bhí ag John Fegan, a raibh ‘Fenian’ mar leasainm air—toisc baint a bheith aige le héirí amach na bhFíníní in 1867—agus a bhean Sarah Kelly arbh as Baile Uí Fhiacháin i gContae Mhaigh Eo di.

Chuaigh an chlann chun cónaithe i mBearna nuair a bhí Nioclás dhá bhliain d’aois. Bhí gaol aige le Peter Yorke [B2] agus bhí cosúlacht acu le chéile ina ndealramh. Deirtear freisin go raibh gaol i bhfad amach aige leis an gCairdinéal Micheál Ó Luóg (1839–1924). Bhí sé ar scoil ag na hÍosánaigh i nGaillimh agus i Mungairit sula ndeachaigh sé go Maigh Nuad. Cailleadh a thuismitheoirí le linn dó bheith ann agus air a thit cúram na clainne. Oirníodh é 22 Meitheamh 1902.

Deirtear go mba chainteoir dúchais Gaeilge é. Ar éigean aon bhliain i Maigh Nuad dó nár bhuaigh sé duaiseanna sa Ghaeilge agus in urlabhraíocht an Bhéarla. Bhain sé Solus na Gaeilge le haiste ar ‘Caismirt Aodha Uí Néill in aghaidh Eibhlíse’ i 1902. Is cosúil go mbaineadh sé taitneamh as rang Gaeilge neamhoifigiúil a mhúineadh ann. Dhéanfadh sé féin staidéar ar an sean-Ghaeilge faoi Thomás Ó Máille [B3] i nGaillimh.

Bhí sé ina shagart cúnta i Lios Ceannúir, Co. an Chláir, 1902–3 agus thugadh seanmóirí agus deireadh paidreacha i nGaeilge. ‘In Liscannor a splendid spirit prevails’, a dúirt Peadar Ó hAnnracháin [B1] in An Claidheamh Soluis 6 Nollaig 1902. Is don Athair Nioclás an tagairt seo in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘B’in é an fear a bhuail liom Domhnach Cásca áirithe agus é ag filleadh abhaile tar éis deich scilling a fuair sé ar iasacht Lá ‘le Pádraig a aisíoc. Nuair a bhí bailiú do chiste an Chonartha ar siúl an lá úd ní raibh a dhóthain aige dá chuid féin chun síntiús oiriúnach a thabhairt uaidh, agus fuair sé ar iasacht é agus níor éirigh leis é a aisíoc go dtí go ndearnadh bailiú do na sagartaibh Domhnach Cásca !’.

Aistríodh ansin é go dtí paróiste theas Naomh Nioclás i nGaillimh. I 1903 d’iarr an Canónach Ó Conaire, sagart paróiste an Spidéil, go scaoilfí saor é chun airgead a bhailiú le haghaidh an tséipéil nua a bhí le tógáil sa Spidéal. Bhailigh sé £1,200 agus bhailigh Yorke £600 agus deirtear gurb in é mórchuid an airgid a bhí ag teastáil. Ó 1904 go 1909 bhí sé ag obair i bparóiste theas Naomh Nioclás. Tá tagairt don obair a bhí ar siúl aige sa Chladach in An Claidheamh Soluis 8 Aibreán 1911. Chaith sé 1909–10 in Inis Díomáin, 1910–11 i bparóiste thuaidh Naomh Nioclás, agus 1911–15 ar ais sa pharóiste theas. Thug sé an óráid ag Oireachtas 1913. Faoi 1915 bhí sé i Lios Ceannúir arís, mar riathóir, agus seanmóireacht agus paidreacha i nGaeilge ar siúl aige beagnach gach Domhnach (ibid 19 Feabhra 1916). Ceapadh ina shagart paróiste é i gCaisleán Gearr, Co. na Gaillimhe, i 1921. Ba é a thug an t-aitheasc an lá a nochtadh leac chuimhneacháin an Athar Micheál Ó Gríofa [q.v.] i mBaile Locha Riach. Bhí cáil na hóráidíochta air.

Bhí sé ag feidhmiú mar shéiplíneach i mBeairic na Rinne Móire agus théadh leis an gCéad Chath ar na mairseálacha fada go dtí campaí traenála i nDún na nGall agus Corcaigh. Thuairimítí go ndearna sin dochar dá shláinte. Ach tar éis tinnis ghairid ní raibh coinne lena bhás in ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath 23 Meitheamh 1929. Cuireadh é in aice na heaglaise sa Chaisleán Gearr. Faoin teideal ‘Gael galánta ar lár’ bhí aiste ina thaobh in An Stoc, Iúil-Lúnasa 1929.