Ó MIANÁIN, Proinsias (1935–2016)

Áirítear Proinsias Ó Mianáin ar dhuine de mhórghníomhaithe teanga na hÉireann san fhichiú haois. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Cearta Gael, grúpa agóidíochta a d’éiligh oideachas iomlán Gaeilge sa Ghaeltacht chomh maith le Gaeilge amháin ar chomharthaí bóthair sa Ghaeltacht. D’úsáid lucht na heagraíochta sin picéid shíochánta mar mhodh agóide. D’éiligh siad cearta teanga san oideachas, sa dlí, sa chóras sláinte agus ón chléir Chaitliceach. Tháinig air seasamh go daingean dolúbtha gan loiceadh ar a chuid prionsabal agus is minic a chaith sé tréimhsí sa phríosún as seasamh lena chearta teanga.

Ar an 21 Meán Fómhair 1935 a saolaíodh Proinsias Ó Mianáin. Bhí cónaí ar an teaghlach i 16 Sráid Rós an Bhile, Taobh an Bhogaigh, Doire Cholm Cille. Ba as Sráid Chamberlain an t-athair, Pádraig (Buff) Ó Mianáin, ar de bhunadh Fhánada, Co. Dhún na nGall, é. Ba í Nóra Ní Mhaoláin, ó Bhóthar Leacaidh i dTaobh an Bhogaigh, a mháthair. Bhí Pádraig ina dhugaire i nDoire agus oifigeach ceardchumainn a bhí ann. Dornálaí a bhí ann fosta. Dála go leor eile bhíodh Nóra ag obair i monarchana léinte. Ochtar páistí a saolaíodh dóibh: cúigear cailíní – Neilí, Caitlín, Nóirín, Beití agus Dolores – agus triúr buachaillí – Proinsias, Séamas agus Pádraig (Padaí). Fuair Proinsias bunscolaíocht ag Mná Rialta an Chroí Ró-Naofa agus ag na Bráithre Críostaí, agus meánscolaíocht ansin ar Choláiste Cholm Cille. Thosaigh sé ag foghlaim ceoil nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. Orlando Cafolla an múinteoir veidhlín a bhí aige. Ina dhiaidh sin bhíodh sé ag seinm ar an phianó, ar an chlairinéad agus ar an trumpa. Bhí dúil ar leith aige sa tsnagcheol, sa cheol traidisiúnta agus sa cheol chlasaiceach. An fhidil an phríomhuirlis thraidisiúnta a sheinn sé. Ba é an sacsafón a phríomhuirlis snagcheoil.

Thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge ar Choláiste Cholm Cille nuair a bhí sé aon bhliain déag agus chuaigh sé ar choláiste samhraidh i nGort an Choirce i dTír Chonaill. Bhí spéis mhór aige sa ghramadach agus sa litríocht agus bhí sé ag saothrú na teanga i rith a shaoil. Bhí bailiúchán mór leabhar i nGaeilge agus i dteangacha eile ag Proinsias, leabhair ón 16ú haois i leith ina measc.

In 1951 ag aois a 16 d’fhág sé an scoil agus thosaigh ar phrintíseacht leis an Derry Journal ar Shráid Ché na Long. Chuir sé léann air féin den chuid is mó, anonn sa tsaol. D’fhoghlaim sé féin Fraincis agus Laidin. In 1957 gabhadh Proinsias agus cara leis, P. L. Ó Dochartaigh i nDoire ar an ábhar nach labhróidís ach Gaeilge le baill den RUC a chuir forrán orthu. Chaith Proinsias seacht mí i bpríosún Bhóthar Chromghlinne i mBéal Feirste gan triail. Ansin nuair a fuair a athair bás tobann le taom croí, scaoileadh saor é gan cúis ar bith curtha ina leith. Chríochnaigh sé a phrintíseacht sa chlódóireacht leis an Derry Journal ansin. Chaith sé seal le páipéar áitiúil i mBeannchar Chontae an Dúin.

Faoi 1959 bhí sé i mBaile Átha Cliath, áit a ndeachaigh sé ag obair ag Muintir Chathail, clódóirí i Sráid Gheata na Páirce. Le leabhair Ghaeilge is mó a bhíodh sé ag plé, agus le ceartú profaí. Le linn an ama sin tháinig litir mholta ó Shéamus Ó Grianna, rud annamh go leor, ag moladh chóras na profléitheoireachta ag Proinsias. Nuair a dhiúltaigh Proinsias glacadh ach amháin leis an leagan Gaeilge dá shloinne, briseadh as an cheardchumann é. Scairteadh amach an leagan Béarla agus nuair nár fhreagair Proinsias sin maíodh go raibh sé as láthair. Ní den uair dheireanach ina shaol, dhíol sé go daor ar son a chuid prionsabal. Cuireadh sa phríosún é as gan ceadúnas craolacháin a bheith aige in 1963. Bhí sé ag diúltú ceadúnas craolacháin a fháil mar agóid faoina laghad cláir Ghaeilge a bhí ar Raidió Éireann ag an am. Chaith sé seachtain i bPríosún Mhuinseo an uair sin.

Pósadh Proinsias ar Róis Ní Dhúill ar an 30 Nollaig 1967. Ba as an Bhaile Bhocht, Baile Átha Cliath, í Róis. Bhí a hathair sna Fianna Éireann agus bhí aithne aige ar an Chuntaois Markievicz. Bhí seanuncail léi, James Collins, ina rúnaí ag Isaac Butt agus bhí sé mór le Michael Davitt agus le mórphearsana staire de chuid na linne sin. Chaith Róis gach samhradh ó bhí sí sna déaga ar an Teach Mór in Indreabhán tigh Shiobhán Uí Fhatharta (Jude Mheait) agus a fir, Pádraic, ag cur snas ar a cuid Gaeilge agus ag foghlaim amhrán. Bhí Proinsias agus Róis beirt i gCraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, Róis ag canadh sa chór agus Proinsias ag plé le drámaíocht, agus b’amhlaidh a casadh ar a chéile iad. Bhí siad beirt ina mbaill den eagraíocht Misneach, leis. Obair mar bhainisteoir i ngaráiste ag díol breosla a rinne Proinsias ar feadh tamaill go dtí gur chuala sé go raibh fostaíocht le fáil ag clódóir in Anagaire i dTír Chonaill. Bhí triúr páistí ag Proinsias agus Róis faoin am seo agus an mac is sine, Pádraig, in aois scoile. Dar leis an lánúin nárbh fhearr dóibh rud ar bith a dhéanfaidís ná oideachas Gaeltachta a chur orthu. Bhog an teaghlach go dtí an Ghlaisigh i nGaoth Dobhair in 1973.

Bhíodh Proinsias agus teaghlaigh eile ‘as baile isteach’ in achrann le húdaráis an stáit agus na heaglaise faoi chúrsaí teanga agus cearta eile, agus bhí cuid de mhuintir na háite nach raibh sásta faoin tseasamh seo. Bhí gnéithe den chóras oideachais sa Ghaeltacht nach raibh Proinsias ná Róis leathshásta fúthu, agus nuair a chuaigh an t-achrann sa phobal i bhfeidhm ar shaol scoile a mbeirt pháistí a bhí ar an bhunscoil áitiúil san am, shocraigh siad in 1975 ar oideachas a chur ar a muirín féin sa bhaile feasta. Ceathrar páistí a bhí acu faoin am seo, Pádraig, Róisín, Nóirín agus Gearalt. Bhí siad ábalta curaclam leathan go leor a sholáthar: Gaeilge, mata, stair, tíreolaíocht, Fraincis, ceol agus Laidin.

Bhí Proinsias páirteach i bhfeachtas Chearta Gael ar son comharthaí bóthair a bheith i nGaeilge amháin sa Ghaeltacht. Le linn an fheachtais, scriosadh suas le trí chéad comhartha bóthair a bhí i mBéarla amháin i gCo. Dhún na nGall. In 1978 i gcúirt dúiche an Bhuna Bhig i nGaoth Dobhair d’éiligh Ó Mianáin gur i nGaeilge, gan ateangaire, a d’éistfí cás a bhí á thabhairt aige. Dhiúltaigh an Breitheamh John Clifford Gaeilge a labhairt leis agus chaith sé an cás amach. In achomharc in éadan an chinnidh sin i gcúirt chuarda Leitir Ceanainn, chuir an Breitheamh David Sheehy an Mianánach go príosún as díspeagadh cúirte nuair a d’éiligh an Mianánach gur i nGaeilge a labhródh an Breitheamh leis. Níos déanaí dearbhaíodh in ordú Ard-Chúirte go raibh an phríosúnacht sin neamhbhailí.

I mí Iúil 1984 chuir an Mianánach in éadan pholasaí an Athar Michael Sweeney seanmóir Bhéarla a thabhairt ag príomh-Aifreann an Domhnaigh ina dteach pobail áitiúil i gCnoc Fola i nGaoth Dobhair. Chruthaigh an agóid cuid mhór teannais san áit idir daoine a thacaigh leis an mhodh agóide agus daoine nár thaitin sé leo go gcuirfí in éadan na cléire. Ón uair sin ar aghaidh, sheasadh roinnt de mhuintir na háite ag geata an tséipéil gach Domhnach ag cur cosc ar Phroinsias agus a theaghlach dul isteach i dteach an phobail. Tharraing an scéal aird náisiúnta ar an cheantar. Rinneadh ionsaithe ar áiteanna cónaithe Uí Mhianáin agus cairde leis a bhí ag tacú leis an agóid. Ansin i mí Dheireadh Fómhair tugadh Ó Mianáin chuig an ospidéal i ndiaidh ionsaí a rinneadh air – ionsaí ar admhaigh triúr fear óg níos déanaí i gcúirt dúiche an Chlocháin Léith gurbh iadsan a rinne é. Chiceáil siad go talamh é agus bhuail siad sa chloigeann é le luamhán boinn. Níor ghearr an breitheamh, John Neilan, aon phionós ar na fir óga. In Eanáir 1985 ghearr an breitheamh céanna, i gcúirt dúiche an Bhuna Bhig, mí i bpríosún ar Ó Mianáin as cur isteach ar an Aifreann i gCnoc Fola chomh maith le trioblóid agus fearg a chur ar an Athair Michael Sweeney, bunaithe ar acht ársa de chuid na Breataine. Chuir Ó Mianáin tús le stailc ocrais nuair a tugadh go dtí an príosún é. Bunaíodh coiste náisiúnta tacaíochta dó agus d’éiligh eagraíochtaí éagsúla cearta daonna go scaoilfí saor é. Orthu siúd bhí Amnesty International agus ceannaire an SDLP, John Hume. Ní raibh leagan Gaeilge de rialacha na hardchúirte ar fáil le go bhféadfadh an Mianánach achomharc a dhéanamh, agus chaith sé coicís sa phríosún ar stailc ocrais sular cuireadh ar fáil iad. D’ordaigh an ardchúirt é a ligean saor.

Idir an dá linn bhí muintir Uí Mhianáin i ndiaidh Gaoth Dobhair a fhágáil i nDeireadh Fómhair 1984 mar gheall ar an bhagairt leanúnach go ndéanfaí tuilleadh ionsaithe ar an teaghlach. Bhog siad go Doire mar a bhfuair siad teach ar cíos ón fheidhmeannas tithíochta i mBaile Mhic Robhartaigh ar imeall na cathrach. Is sa teach sin a chaith Proinsias an chuid eile dá shaol lena bhean Róis.

Lean an Mianánach de bheith ag gníomhú ar son na teanga i ndiaidh bogadh go Doire. Proinsias a bhí mar urlabhraí ar thoscaireacht Chearta Gael chuig comhairle na cathrach ag éileamh go dtabharfaí an seanainm ceart Ard a’ Chairn in áit Carnhill ar an eastát tithíochta sin. Shiúil beirt bhall den DUP, John Henry agus Willie Hay, amach as an chruinniú de bhrí go raibh an Mianánach ag labhairt as Gaeilge. Ach fear é Proinsias a d’fhéach i gcónaí le cúrsaí teanga agus gnóthaí eile polaitíochta a scaradh óna chéile, rud a léirigh sé nuair a d’easaontaigh sé le lucht Shinn Féin agus Noraid a bheith ag baint úsáide as oifig Chonradh na Gaeilge ar Chnocán na Rós i nDoire. Is minic a cháin sé Conradh na Gaeilge i nDoire de bhrí gur mhaígh sé go raibh ceangal acu le Sinn Féin agus, dar leis, go gcuirfeadh sin daoine ón phobal aontachtach a mbeadh spéis acu sa teanga ó dhoras. Thug sé meirge mór i nGaeilge fosta chuig mórshiúl bliantúil na bPrintíseach i nDoire ag fáiltiú rompu. Ba ghnáth le Proinsias agus Róis freastal ar an Tor ar Lasadh, seirbhís éacúiméineach i nGaeilge, uair sa mhí i mBéal Feirste. Bhí sé gníomhach chomh maith faoi chúrsaí timpeallachta – chuir sé go láidir in éadan thógáil an Millennium Forum ar bhallaí Dhoire, mar shampla.

Choinníodh Proinsias aird ghéar ar na meáin chumarsáide agus chaith sé a shaol ag léirsiú, ag eagrú feachtas agus ag scríobh litreacha chuig an rialtas agus chuig na ranna stáit thuaidh agus theas. An bomaite a d’aithin sé leithcheal nó éagóir á déanamh ar an Ghaeilge phreab sé chun gnímh. Chuireadh sé leagan Gaeilge de ráiteas chuig na páipéir agus aistriúchán Béarla leis go minic. Ar chlóscríobhán a rinneadh an comhfhreagras seo ar fad agus bhí córas cruinn aige chun na litreacha agus na ráitis seo a chaomhnú agus a eagrú. Sna nuachtáin agus sna hirisí Gaeilge, ar The Irish News, ar pháipéir áitiúla Dhoire agus Dhún na nGall ba mhó a foilsíodh a chuid ráiteas. Thacaigh Proinsias le Risteard Ó Glaisne agus a leabhar ar imeachtaí Chearta Gael á scríobh aige, Cúis náire – agus bróid: Proinsias Ó Mianáin agus Cearta Gael (1988). Lean sé de bheith ag éileamh foirmeacha Gaeilge ar rialtas na Sé Chontae; d’éirigh leis foirm Ghaeilge a fháil ón rialtas le clárú le vótáil, mar shampla.

D’éag Proinsias Ó Mianáin ar an 8 Meán Fómhair 2016.

Seán Mac Labhraí