MAC PÓILÍN, Aodán (1948–2016)
Le caoinchead ó Portráidí

Gníomhaí díograiseach teanga, ceannródaí cróga agus scoláire cumasach ab ea Aodán Mac Póilín. Is é an breithiúnas a thug a bhean chéile Áine Andrews air go raibh ‘réimse leathan de shuimeanna, ardscileanna cumarsáide agus taidhleoireachta aige – fear ardphrionsabal nár chuartaigh conspóid ach a bhí sásta agus ábalta barúlacha nach raibh ag teacht leis an tsruth a chur i láthair agus a chosaint, ba chuma cad é an suíomh. Bhí sé tarraingteach mar dhuine – foscailte, flaithiúil, féith an ghrinn ann, tugtha don díospóireacht, don chuideachta agus i gcónaí réidh le amhrán nó dhó a cheol. D’iompar sé a chuid buanna go héadrom.’

Ar an 11 Deireadh Fómhair 1948 a rugadh Aodán Mac Póilín agus chónaigh bunús a óige ag 50 Norfolk Drive in Iarthar Bhéal Feirste. Marjorie Ní Ghrifín a bhí ar a mháthair. Ba as Inis i gCo. an Chláir di mar a mbíodh gnó ag an teaghlach ar Shráid Uí Chonaill sa bhaile sin. Gaeilgeoir í a bhain Craobh na hÉireann trí huaire sa chamógaíocht le foireann an Chláir. Is trí Chumann Lúthchleas Gael a casadh ar athair Aodáin í. Pádraig Mac Póilín a bhí airsean. De bhunadh Chaisleán Uidhilín i gContae an Dúin a mhuintir cé gur chaith sé féin iomlán a shaoil i mBéal Feirste mar shuirbhéir bóithre. Maireann beirt deirfiúracha le hAodán; Marie agus Oonagh. Fuair Aodán bunoideachas agus meánoideachas ag na Bráithre Críostaí ar Shráid na Beairice. Dhá bhliain déag d’aois a bhí sé nuair a cailleadh an mháthair. Blianta corracha ab ea iad siúd i mBéal Feirste agus an t-athair ag déanamh gach díchill le cinntiú nach mbeadh a mhac gafa le saol na coimhlinte sa chathair. Ba mhinic ab fhearr leis an lá a chaitheamh i leabharlann nó i gcaifé Iodálach ar Shráid an Chaisleáin lena chiorcal cairde ag plé cúrsaí litríochta agus fealsúnachta. Ní go rómhaith a d’éirigh leis sna scrúduithe agus d’aistrigh sé go Scoil Phádraig Bharr na Gaoithe, Bóthar Aontroma, Béal Feirste. Níor bhréag a mhaíomh gur chuir sé léann air féin den chuid is mó. Casóg bhréidín a chaitheadh sé i dtólamh.

Bhí suim á léiriú aige i gcearta daonna faoin am seo agus is ar mhórshiúl iomráiteach People’s Democracy ó Bhéal Feirste go Doire, 1 Eanáir 1969, a casadh Aodán ar Áine Andrews den chéaduair. Cainteoir líofa Gaeilge agus díograiseoir teanga a bhí in Áine agus chuir sí cor i gcinniúint Aodáin. Ag na céilithe i gCumann Chluain Ard a tháinig forbairt ar an chaidreamh eatarthu cé nach raibh ag Aodán ach beagán Gaeilge. Bhí post aige i Leabharlann Lár na Cathrach faoin am seo ach bheartaigh sé ar imeacht leis chun na Gaeltachta le Gaeilge a fhoghlaim, seal tigh Nóra Frainc Chonaill i Rann na Feirste ar dtús agus ansin i gceantar Bhaile na Finne le teaghlach Choilm Mhic Gaoithín. Chláraigh sé le bunchéim sa Léann Éireannach in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin, i bhfómhar na bliana 1971 agus é dhá bhliain is fiche d’aois. Pósadh Aodán agus Áine in 1972. Ghnóthaigh Aodán scoláireacht gur lean sé ar aghaidh leis an léann le céim M.Phil i gCúil Raithin. Bhíodh sé ar aon lóistín leis na scríbhneoirí as oirthear Bhéal Feirste, Brian Keenan agus Gerald Dawe. D’fhás dlúthchairdeas eatarthu triúr, rud a chuaigh go mór i bhfeidhm ar Aodán agus a d’fhág a rian air ar feadh a shaoil. D’aimsigh sé a raison d’être: an teanga Ghaeilge a thabhairt a fhad leis an phobal Phrotastúnach nach mbíodh deis cheart acu í a fhoghlaim roimhe seo.

Sa bhliain 1975 shocraigh an lánúin ar chónaí i gceann de na tithe nuathógtha i nGaeltacht Bhóthar Sheoighe, 1 Páirc Ros Goill i mBaile Andarsan, Béal Feirste, áit ar chaith siad iomlán a saoil phósta le chéile. Ceapadh Aodán ina mhúinteoir Gaeilge i Scoil Mhuire na mBráithre Críostaí ar Bhóthar an Ghleanna. Duine clainne a saolaíodh don lánúin, Aoife, ar an 15 Bealtaine 1977. Chaith Aodán dúthracht le gluaiseacht na teanga in iarthar Bhéal Feirste agus d’aithin a phobal féin a chumas: ‘In 1977, I missed a meeting and in my absence, they decided I would be responsible for writing letters to the Department of Education who were refusing to fund the school. I began writing letters and it took control of my life.’ Rinneadh cathaoirleach de ar an chéad Ghaelscoil sna Sé Chontae agus ba é a ról mar chathaoirleach trí luathbhlianta na ré nua seo agus a chomhfhreagras agus a chaidreamh leis an Roinn Oideachais a chuir dúshraith éifeachtach faoina chuid scileanna cumarsáide agus abhcóideachta, chomh maith le tuiscint mhaith a thabhairt dó ar dhúshláin an tumoideachais trí Ghaeilge.

Ba é a ról mar Stiúrthóir ar Iontaobhas Ultach, ó 1990 go dtí 2014, an rud ba mhó ina shaol gairmiúil a thug ábhar sásaimh agus bróid dó. Bunaíodh an tIontaobhas le linn na coimhlinte ag am a samhlaíodh dlúthcheangal idir an Ghaeilge agus an náisiúnachas poblachtánach. D’athraigh an tseaníomhá chúng chlaonta seo go suntasach faoi thionchar an Phóilínigh. Thuig sé an géarghá a bhí leis an seandearcadh a ruaigeadh. Fuair sé deis an fhís a bhí aige maidir le ‘ilpholaitiú’ na teanga a thabhairt chun aibíochta. Cuireadh an Ghaeilge chun tosaigh mar oidhreacht chomónta do phobal uile an Tuaiscirt. Rinneadh anailís ar na constaicí agus scaipeadh eolas faoi ionchur an phobail Phrotastúnaigh in Athbheochan na Gaeilge. Bhí gníomhú trasphobail mar ghné lárnach den fhís agus den chur chuige straitéiseach, bunaithe ar thaighde agus ar thaidhleoireacht éifeachtach. Ceapadh baill an bhoird ó dhá thaobh an phobail. Ba é an tIontaobhas an chéad eagraíocht Ghaeilge le maoiniú a fháil ón stát ó thuaidh. Scaipeadh soiscéal na teanga i measc an phobail Phrotastúnaigh. Eagraíodh ranganna Gaeilge sa YMCA agus i Halla Leabharlann an Línéadaigh ar thalamh neodrach i lár na cathrach. Rinneadh tionscnaimh a bhí dírithe ar na hAontachtaithe a mhaoiniú. Scríobhadh ailt agus paimfléid. Foilsíodh leabhair ar an cheangal staire atá ag an phobal Phrotastúnach leis an teanga. Leagadh béim ar na naisc idir Gaeilgeoirí na hÉireann agus Gaeilgeoirí na hAlban. Thug Aodán cainteanna sa dá phobal: sna hionaid phobail féin, sna príosúin, in ollscoileanna, do ghrúpaí polaitíochta, don PSNI agus don Ord Oráisteach. Chruthaigh agus chothaigh sé cairde sa chúirt ar na coistí agus ar na boird dhifriúla ar a raibh sé le soiscéal na hoidhreachta comónta a chur chun tosaigh. Bhí ról suntasach aige mar urlabhraí rialta ar chultúr agus ar an teanga ar na meáin scríofa agus craolta. Den chéad uair ó bunaíodh stát Thuaisceart Éireann tugadh deis cheart do Phrotastúnaigh an Ghaeilge a shealbhú. ‘Cometh the hour cometh the man’ a deir nathán an Bhéarla agus de bharr an mheascáin buanna a bhí aige féin agus ag an fhoireann chumasach a threoraigh sé, d’éirigh leis éacht a dhéanamh ar son an Iontaobhais. Níor fháiltigh gach náisiúnach roimh an dearcadh nua seo, áfach. Rinneadh iarrachtaí drochmheas agus amhras a chothú faoin Iontaobhas, agus cuid de seo dírithe ar Aodán go pearsanta. Ba náisiúnach é Aodán. Chreid sé gurbh fhearrde an t-oileán a bheith aontaithe. Ach níor phoblachtánach é ach amháin sa chiall a bhain le híde-eolaíocht na nÉireannach Aontaithe. Chosain cúpla rud óna naimhde é: ba bhall dílis dúthrachtach de Ghaeltacht Bhóthar Sheoighe é agus ardmheas air as a thréimhse mar chathaoirleach na bunscoile.

Aithnítear an ról ceannródaíochta a bhí ag Aodán Mac Póilín maidir leis na meáin chraoltóireachta Gaeilge ó thuaidh: an BBC, bunadh an Chiste Craoltóireachta, NI Screen agus feiceáil chuige go raibh TG4 ar fáil ó thuaidh. Rinne sé obair na gcapall i dtaca le taighde agus abhcóideacht agus taidhleoireacht, agus thug cur i láthair ag fóraim rialtais in Westminister, Stormont agus an Dáil. Is liosta le lua líon na n-eagraíochtaí ar shaothraigh sé dóibh: bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta agus bhí sé ina bhall de na coistí seo a leanas: an Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana; Colmcille; Comhairle Thuaisceart Éireann den BBC; Foras na Gaeilge; Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann; Community Relations Council; Cultures Ireland agus an Seamus Heaney Centre.

Ba throm an buille air nuair a ghearr Foras na Gaeilge deontas an Iontaobhais in 2014. Chinn Aodán ar éirí as oifig ach leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach ar bhonn deonach. Mhaígh sé go raibh sé féin gar go leor d’aois an phinsin cibé agus ba mhian leis poist a chomhghleacaithe a shábháil.

Tá saothar leathan foilsithe aige i mBéarla agus i nGaeilge ar réimse ábhar: polaitíocht an chultúir, go háirithe ó thaobh na teanga de, pleanáil teanga, oideachas, craoltóireacht, litríocht agus na healaíona, agus tá idir fhilíocht agus phrós Gaeilge aistrithe aige go Béarla. Ba é an t-eagarthóir Gaeilge é ar Krino, bhí sé ina eagarthóir ar The Irish language in Northern Ireland (1997), a raibh dhá chaibidil aige féin ann, agus ar Styles of belonging: the cultural identities of Ulster (1992). Ba chomheagarthóir le Gerald Dawe é ar Ruined pages: new selected poems le Padraic Fiacc (1994; eagrán úr 2012) agus Bás in Éirinn/May you die in Ireland (2011). Bhí sé ar mheitheal na heagarthóireachta do An leabhar mòr: The great book of Gaelic (2008).

Ba é ceann de na rudaí ba mhó a thug sásamh dó ina shaol pearsanta gur éirigh leis féin agus le hÁine a n-iníon Aoife a thógáil le Gaeilge, go ndeachaigh sí leis an Ghaelscolaíocht mar shlí beatha, gur tháinig sí a chónaí i nGaeltacht Bhóthar Sheoighe agus gur thug sise faoina clann mhac féin a thógáil le Gaeilge. D’éag Aodán Mac Póilín ar an 29 Nollaig 2016 agus ar an 2 Eanáir 2017 cuireadh i Reilig Bhaile an Mhuilinn ina chathair dhúchais é. Léirigh na tuairiscí a foilsíodh ar na meáin i ndiaidh a bháis gur ghnóthaigh sé meas thar na blianta i measc Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí, in aicmí na n-intleachtóirí agus na bpolaiteoirí, ag leibhéil rialtais agus statséirbhíse agus, thar rud ar bith eile, sa dá phobal ó thuaidh.

Seán Mac Labhraí