Ó HÉALAÍ, Seán (1938–2017) Seán Ó HÉALAÍ 1938 2017 Poll Raithní, Co. Mhaigh Eo Poll Raithní, Co. Mhaigh Eo M Scoil Náisiúnta Bhéal Feirste, Co. Mhaigh Eo Meánscoil Dhamhnait, Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo timire craoltóir Mártan Ó Ciardha Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information.

Ba é Seán Ó hÉalaí glór Mhaigh Eo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 1978 agus 2001. Gur tháinig a cheapachán ní raibh aon fhostaí de chuid an stáisiúin lonnaithe go lánaimseartha sa limistéar Gaeltachta sin, agus mar chuid dá chuid oibre bhíodh sé ag plé le cúrsaí nuachta agus spóirt, le ceol agus leis an ngné den saol ab ansa leis: caint, comhrá agus seanchas. Le linn an achair sin d’aimsigh Seán líon mór cainteoirí nach gcloisfí a nglór choíche murach é. Dá uireasa ní bheadh fáil ag na glúnta atá le theacht ar shaibhreas a gcuid cainte, ar chumas a gcuid grinn agus ar an eolas a bhí acu ar an stair a bhain leis na ceantair dar díobh iad. Bhí na scórtha acu ann, ach ar an dream ba iomráití acu bhí Seán Ó Dochartaigh as Ceathrú Thaidhg (nó ‘Stanton’ mar ab fhearr aithne air), Micky Joe Ó Conólaí as Ros Dumhach, Mary John Tom Breathnach as an nGlais ar an bhFód Dubh, Biddy Phat Mhicil Conboy (Bríd Pheaits Mhicil Ní Loideáin) as Ceapaigh na Creiche i gCoill an tSiáin i dTuar Mhic Éadaigh, a rugadh in 1899 agus a raibh cuimhne ghléineach aici ar chuairteanna Phádraig Mhic Phiarais ar an gceantar sin, agus Tony Chatherine Antoine William Ó Cathmhaoil as Buaile an Ghleanna ar an gCorrán, Acaill, údar na leabhar Seanfhocail as Acaill (1995) agus A chomhairle féin do Mhac Anna: seoda as Acaill (1999), leabhair nach mbeadh ann murach Ó hÉalaí.

Ba i bPoll Raithní ar leithinis an Chorráin a rugadh Seán Ó hÉalaí ar an 27 Eanáir 1938, an té ba shine de bheirt chlainne a saolaíodh do Tom Sheáin Ó hÉalaí as an mbaile sin agus dá bhean Catherine Terry Ní Ghallchóir. Saolaíodh iníon, Áine May, dóibh an bhliain dár gcionn. Fearacht bhunáite mhuintir Acla ní raibh de rogha ag Tom Sheáin ach aghaidh a thabhairt ar Shasana agus ar Albain, áit a raibh obair le fáil ar fheirmeacha agus ar shuíomhanna tógála fad agus a d’fhan a bhean agus a chlann sa bhaile ag tabhairt aire don gheadán beag talún a bhí ansiúd aige agus a bhfillfeadh sé air gach uile Nollaig nó le hobair an earraigh a dhéanamh.

D’fhreastail Seán ar Scoil Náisiúnta Bhéal Feirste agus ina dhiaidh sin ar Mheánscoil Dhamhnait i nGob an Choire, áit a ndearna sé scrúdú na hArdteistiméireachta in 1956. I Londain ag obair lena athair, a bhí anois ina shaoiste ag an gcomhlacht tógála Wimpey, a chaith Seán samhradh na bliana sin agus tar éis tamaill ghairid fuair sé post in oifigí an chomhlachta. As siúd fuair sé post le banc Lloyds. Fad agus a bhí sé i Londain a chuaigh Seán Ó hÉalaí i gConradh na Gaeilge, eagraíocht a raibh sé sáite inti ar feadh a shaoil ina dhiaidh sin. Go deimhin, ba ag obair mar thimire de chuid an Chonartha an chéad phost a bhí aige nuair a d’fhill sé abhaile i lár na 1960idí. Fiú ina dhiaidh sin, agus é ag obair mar stiúrthóir réigiúnda leis an tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta i nGaillimh i dtosach, agus ina dhiaidh sin i Maigh Eo, bhí Ó hÉalaí sáite sa Chonradh.

Sa bhliain 1969 phós sé Finóla Togher as Béal an Mhuirthead agus bhí triúr clainne orthu: Fionán, Ruairí agus Tríona agus iad ina gcónaí i gCeathrú Chalaidh, i gCathair na Mart agus faoi dheireadh i gCaisleán an Bharraigh.

D’fhág a thaithí féin ar an imirce agus an briseadh croí a lean tubaiste inar bhásaigh deichniúr ógánach as Acaill i dtine i mbotaí i gCair Cheann Tulaich na hAlban in 1937 gur thug Seán Ó hÉalaí go leor dá chuid ama agus dá chuid allais le hiarrachtaí a chinnteodh níos mó fostaíochta dá phobal féin sa bhaile. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Frithimirce Acla i ndeireadh na 1960idí, agus ina dhiaidh sin Coiste Chearta Daonna Acla, eagraíochtaí as ar fhás Comharchumann Forbartha Acla Teoranta. Ceannaíodh eastát na mainistreach nuair a d’imigh na Proinsiasaigh as Bun an Churraigh in 1970 agus bhí Ó hÉalaí ar dhuine díobh siúd a d’oibrigh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta nuair a tógadh eastát tionsclaíochta ansiúd. Rinneadh forbairt freisin ar chúrsaí talmhaíochta, agus in éineacht leo sin ar fad rinneadh iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail i gcoitinne. Go fiú tar éis dó dul ag obair le Raidió na Gaeltachta bhí Seán Ó hÉalaí fós gníomhach i gcúrsaí forbartha pobail ina cheantar agus ina chontae dúchais, agus in 1980 bhí baint mhór aige le bunú Mheitheal Acla, eagraíocht a raibh sé d’aidhm aici forbairt an phobail a neartú trí na coistí, cumainn agus clubanna éagsúla a bhí sa pharóiste a aontú faoi bhrat na Meithle.

Agus é gafa i mbun na craoltóireachta in 1978 ba í dúiche Mhaigh Eo an cúram a bhí ar Ó hÉalaí, ach go ceann beagnach deich mbliana ina dhiaidh, ní bhíodh de rogha aige ach aghaidh a thabhairt ar cheannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla i gConamara lena chuid clár a chur i dtoll a chéile agus a chraoladh mar nach raibh aon stiúideo ag RTÉ sa chontae, cé go raibh eagraíochtaí éagsúla ansiúd ag éileamh a leithéide fiú sular bunaíodh stáisiún náisiúnta na Gaeilge beag ná mór in 1972. Orthu siúd a bhí ag tacú leis an éileamh bhí Comhairle Contae Mhaigh Eo, coiste gairmoideachais an chontae, comhlachais tráchtála agus, ar ndóigh, Conradh na Gaeilge. Bhí a leithéid geallta ag RTÉ le fada roimhe ach le ceapadh Sheáin Uí Éalaí ar fhoireann Raidió na Gaeltachta in 1978 treisíodh ar an iarracht. Fós ainneoin tuilleadh gealltanas agus éileamh ó airí rialtais agus ó pholaiteoirí áitiúla, níor oscail stiúideo RTÉ i gCaisleán an Bharraigh go dtí 1987. Faoin am sin bhí Seán Ó hÉalaí fillte ar Raidió na Gaeltachta tar éis dó traidhfil blianta, ó 1981 go 1984, a bheith caite aige ar ais sa tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta. Lean sé air ag craoladh as stiúideo Chaisleán an Bharraigh go ndeachaigh sé ar scor in 2001.

Bhí sé ar dualgas don stáisiún sa chraoladh a rinne siad as Cnoc Mhuire le linn don Phápa Eoin Pól II a bheith in Éirinn in 1979 agus bhíodh a ghlór le cloisteáil go laethúil nach mór, idir irischláir, nuacht agus spórt – leithéidí Sé do bheatha, I gceartlár na ndaoine agus Seó an tsamhraidh, irischlár idir-réigiúin ar chaith sé féin agus Timlín Ó Cearnaigh roinnt mhaith blianta ina bhun. Go fiú tar éis dó dul ar a phinsean, rinne sé láithriú ar shraith clár dar teideal An leithinis a sholáthair an comhlacht Katcom do Raidió na Gaeltachta.

Bhásaigh Seán Ó hÉalaí ar an 11 Nollaig 2017 agus tá sé curtha sa reilig i bPoll Raithní.