Ó DEASMHUMHNA, Conchubhar (1871–1928) Conchubhar Ó DEASMHUMHNA 1871 1928 Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí M bailitheoir amhrán [B9] scéalaí bailitheoir amhrán scéalaí/seanchaí [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá sé ar dhuine de Cheathrar Máistrí Bhaile Bhuirne ar ghabh Ó Duinnín [B3] buíochas leo i réamhrá eagrán 1927 dá fhoclóir. I mBaile Mhic Íre 3 Iúil 1871 a rugadh an mac seo do Dhomhnall (‘Domhnall Mháire’) Ó Deasmhumhna, feirmeoir, agus a bhean Siobhán Ní Iarlaithe. Le feirmeoireacht a chuaigh sé féin agus ag Oireachtas 1900 bhain sé an chéad duais ar bhailiúchán de scéalta nár foilsíodh cheana. I 1902 foilsíodh iad faoin teideal Trí scéalta in eagar ag Dubhghlas de hÍde [q.v.] féin. Duine eile de na ‘máistrí’. Tadhg Ó Ríordáin, a d’aithris na scéalta dó. Idir 1902 agus 1908 ghnóthaigh sé cuid mhór duaiseanna ar amhráin nuachumtha. B’fhiú leis an Athair Pádraig Breathnach [B3] ceann díobh a chur in Ár gceol féinig. Bhuaigh sé duais i 1919 ar scéal agus d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge é in éineacht le duaisiarrachtaí eile faoin teideal Scéalta triúir. Bhuaigh sé duais ar scéal arís i 1920 agus tá sé le fáil in Scéalta andeas. Ag Oireachtas 1924 bhuaigh sé an dara duais ar ‘Cnuasach de sheanamhráin ó bhéal na ndaoine ach gan na hamhráin a bheith foilsithe cheana’. Iarradh air Óid an Oireachtais a chumadh i 1906. Bhí sé ina bhall coiste ag Craobh Bhaile Bhuirne den Chonradh ó thosach.

Tá cur síos air ag Peadar Ó hAnnracháin [B1] in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Bhí mórán fear cliste chun ceapadóireachta Gaeilge a dhéanamh i gceantar Bhaile Bhuirne ... ach ní dóigh liom gur éirigh le haoinne acu chomh maith is d’éirigh le Conchubhar Ó Deasmhumhna tréithe áirithe taitneamhacha fíor-Ghaelacha na teanga a thabhairt go slán leis ... File ab ea é ag cumadh próis, agus an tinneach ’s an dlúth aige ann chomh healaíonta agus a bhí ag a shinsear riamh roimis’. Shíl Peadar nár thug cúraimí na feirme deis dó chun bheith ag scríobh. ‘Chuala gurbh é Micheál Ó Briain [q.v.], máistir scoile, a scríobhadh na haistí do Chonchubhar, ach deireadh Micheál nárbh fhíor san. Bhídís ag obair i dteannta a chéile go háirithe ...’. Duine eile de na ‘máistrí’ ab ea Micheál.

Tá aistí agus scéalta Chonchubhair le fáil in Irisleabhar na Gaedhilge, Banba, An Claidheamh Soluis, Glór na Ly, Timire Chroí Naofa Íosa. D’éag sé 6 Eanáir 1928 agus tá sé curtha i mBaile Bhuirne. Col ceathar dó an file Micheál Ó Tuama (‘George Curtin’) dar le Pádraig Ó Tuathaigh (Filí an tSuláin, 1993).

In alt in Inniu 10 Deireadh Fómhair 1976 i dtaobh bhéaloideas Bhaile Bhuirne scríobh an tAthair Donncha Ó Corcora: ‘Bhí Conchubhar ina sheanfhear cheana féin nuair a bhíos i m’ ghasúr bheag. File ba ea é agus ní bhíodh sé róshlachtmhar ina chruth ná ina phearsain. Súgach agus soilbhir i gcónaí. Agus an-chineálta’. Phéinteáil sé pictiúr deas: an seanduine ag treorú an ghasúir thar an gandal crosta.