Ó MÉALÓID, Pádraig (1931–2016)
Le caoinchead ó The Meath Chronicle

Ba iad slite beatha na craoltóireachta agus na múinteoireachta i nGaeilge a tharraing Pádraig Ó Méalóid chuige féin ag tráth den saol a raibh athruithe móra ag teacht orthu araon sna 1950idí. Chaith sé tamall ag teagasc i Scoil Lorcáin i mBaile na Manach i mBaile Átha Cliath, a bhí ar cheann de na Gaelscoileanna ba thúisce a bunaíodh sa tír, agus go gairid tar éis dó dul ag obair le RTÉ in 1959, d’aistrigh an craoltóir náisiúnta a cheanncheathrú as Sráid Anraí go Domhnach Broc, le tabhairt faoin gcraoladh teilifíse agus faoi shníomh na Gaeilge agus an Ghaelachais tríd sin agus tríd an gcraoladh raidió. Bhí Pádraig Ó Méalóid ina cheartlár sin.

I gCamas Uachtair a rugadh Pádraig ar an 20 Lúnasa 1931, an duine ba shine de naonúr clainne a bhí ag Séamus Sonny Ó Méalóid agus ag a bhean, Nóra Ní Shúilleabháin. I gConamara a rugadh iad ar fad, ach in 1956 d'aistrigh an teaghlach go Doire Longáin in aice le Baile Átha Buí i gCo. na nuair a fuair an siad gabháltas talún faoi scéim Choimisiún na Talún san áit a bhfuil Gaeltacht na anois.

Bhí a chuid scolaíochta críochnaithe ag Pádraig Ó Méalóid faoin tráth sin agus é ag múineadh i gCnoc Sióin i gcathair Phort Láirge. I gCamas a fuair sé a chuid bunscolaíochta féin agus as sin chuaigh sé chuig Coláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí, áit a raibh ceann de na coláistí ullmhúcháin a chinntigh soláthar mac léinn a bheith ar fáil do na coláistí traenála do bhunmhúinteoirí.

Ba é an Méalóideach a bhí mar chúl báire ar fhoireann peile Choláiste Íosagáin a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na Mumhan den chéad uair riamh in 1949 ach, faraor, bhí méar dá chuid briste nuair a tháinig an babhta ceannais agus ní bhfuair sé bonn buaiteora ar bith, ainneoin gach cluiche eile a bheith imeartha aige. In 1967 bhí a dheartháir Mícheál ar fhoireann na a bhuaigh Craobh Shinsir na hÉireann sa pheil.

I gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a oileadh Pádraig mar mhúinteoir agus tar éis an tamaill sin a chaitheamh i mbun na ceirde i bPort Láirge, fuair sé post i Scoil Lorcáin, áit ar mhúin sé Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin a bhain cáil amach ina dhiaidh sin leis an ngrúpa ceoil The Hothouse Flowers.

Ba le linn dó a bheith i bPort Láirge a chas a bhean, Clár Nic Cárthaigh, air. Ba de chlann phoblachtach ise, iníon le John Joseph ‘The Gunner’ McCarthy, a chuaigh isteach in Arm na Breataine mar ógánach agus a throid i bhFlóndras mar ghunnadóir sa Chogadh Mór. Liostáil an Cárthach sna hÓglaigh ar fhilleadh abhaile dó. Mar Óglach thaistil sé ar feadh a chontae féin, Chill Chainnigh agus Loch Garman ag múineadh na scileanna a bhain leis an meaisín-ghunnadóireacht dá chomrádaithe, agus ba as sin a fuair sé a leasainm. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí pháirtí Fhianna Fáil sna Déise in 1926.

Aon duine amháin clainne, Seán, a bhí ag Pádraig Ó Méalóid agus a bhean nuair a chuaigh siad chun cónaithe i mBaile Átha Cliath in 1959. Ansiúd rugadh beirt iníonacha agus ceathrar mac eile dóibh, Caitríona, Gráinne, Pádraig, Micheál, Máirtín, agus leanbh eile a bhásaigh agus gan é ach cúpla lá d’aois, a raibh Máirtín freisin air. I ndeisceart na cathrach a chónaigh siad, i nGráinseach an Déin, i nGleann na gCaorach, i nDún Laoghaire agus, faoi dheireadh, i gCill Iníon Léinín.

Ba mar léitheoir nuachta raidió a thosaigh Ó Méalóid a shaol oibre le RTÉ agus d’fhág an dea-Ghaeilge a bhí aige agus a chuid dea-urlabhra go raibh sé thar a bheith foirfe i mbun an phoist. Lean sé den chúram céanna ar an teilifís nuair a tháinig sé sin ar an saol Oíche Chaille 1961 agus bhíodh le feiceáil freisin ar na cláir Ghaeilge eile a bhí á gcraoladh ag an stáisiún – an t-irischlár Ceamara na cruinne a craoladh sna 1960idí ar cheann acu. Chraoladh RTÉ roinnt mhaith cláir oideachais i nGaeilge ag an am sin freisin, mar aon le cláir do lucht foghlama na teanga agus bhí Pádraig páirteach sna cláir Anois is arís, Teilifís scoile agus Buntús cainte. Foilsíodh leabhráin agus téipeanna i gcomhar le cuid mhaith de na cláir sin. Ba é féin agus Máire de Barra a chuir an clár Preab san aer i láthair ar RTÉ Raidió 1 idir 1976 agus 1988, agus bhí Ceiliúradh ceoil ar cheann de na cláir eile a raibh a ghlór le cloisteáil air.

Bhí suim agus scil aige i ngach cineál ceoil – b’amhránaithe agus ceoltóirí den scoth formhór a mhuintire – ach bhí gean faoi leith ag Pádraig ar an snagcheol agus go háirithe ar Louis Armstrong. Ní raibh sé taobh le cúrsaí nuachta agus ceoil ach an oiread. Bhí baint aige le roinnt cláir faisnéise a chraol RTÉ agus sna 1990idí ghlac sé páirt Tommy Ridge, imirceach a bhí fillte ar an mbaile as Meiriceá, i sobaldráma TG4, Ros na Rún.

Ba mhinic freisin a ghlór le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta. Bhí tóir faoi leith ar an gclár Fios farraige – tráth na gceist a bhain le cúrsaí cladaigh, mara agus bádóireachta, agus Pádraig ina fhear an tí. Chaith sé tréimhse freisin mar theagascóir foghraíochta sa teanglann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhí baint aige le múineadh na Gaeilge do státseirbhísigh.

Bhásaigh Pádraig Ó Méalóid ar an 21 Samhain 2016, lá a bhí gairthe ag na Náisiúin Aontaithe ina ‘Lá Domhanda Teilifíse’ mar chomhartha ar an méadú as cuimse atá ag an meán sin ar gach gné de chúrsaí an tsaoil.

Mártan Ó Ciardha