HARDIMAN, Adrian (1951–2016) Adrian Hardiman 1951 2016 An Chúlóg, Baile Átha Cliath M Coláiste Belvedere, Sráid na Danmhairge Mhór, Baile Átha Cliath An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cumann Onórach Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath abhcóide breitheamh Mártan Ó Ciardha Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information.

Breitheamh den Chúirt Uachtarach ab ea Adrian Hardiman a raibh ceann ‘d’intinní dlíthiúla mórá ár linne’ aige, mar a dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, tar éis do Hardiman bás a fháil uaireanta an chloig sula raibh sé le labhairt ag Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga i nGaillimh i Márta 2016. ‘Bhí sé ina chosantóir paiseanta ar chearta teanga, ar chearta an duine agus ar shaoirse an daoine aonair,’ a dúirt an tUachtarán.

Le linn na sé bliana déag a chaith sé sa Chúirt Uachtarach b’iomaí rialú iomráiteach de chuid na cúirte sin a raibh baint aige leo agus, ar ócáidí go leor thaobhaigh Hardiman le saoránaigh a mheas sé go raibh cos ar bolg déanta ag an Stát orthu. Sa bhliain 2007 bhí sé mar pháirt den chúirt a bhronn dúbailt damáistí ar an tábhairneoir as Dún na nGall, Frank Shortt, ar gearradh téarma príosúnachta san éagóir air tar éis do bheirt Ghardaí fianaise bhréige a chur chun cinn. Dar le Hardiman go raibh sé ar an gcás ba mheasa dá raibh de leatrom a bheith déanta ag an Stát ar shaoránach.

Sa bhliain 2011 rinne sé ionsaí poiblí ar bhinsí fiosrúcháin, ar bhain cumhachtaí millteanacha agus costais ollmhóra leo, dar leis. Sa bhliain 2013, sa chás Marie Fleming v Éire, rialaigh Hardiman, mar aon leis an gcúirt, nár cheadaigh an ceart chun na beatha atá sa Bhunreacht ceart chun báis. In DPP v JC, an bhliain sular bhásaigh sé, d’easaontaigh Adrian Hardiman le breith an mhóraimh ar an gcúirt a rialaigh gur cheart deireadh a chur leis an mbac a bhí ar ghlacadh le fianaise a fuarthas agus sárú déanta ar chearta bunreachtúla an duine. B’ionann sin agus ‘immunity from judicial oversight’ a dúirt sé.

Is é an cás Ó Beoláin v Fahy in 2001 an ceann is mó atá luaite leis an mBreitheamh Hardiman i leith na Gaeilge. Bhí sé sa mhóramh (2–1) nuair a thug an Chúirt Uachtarach a mbreith go raibh dualgas bunreachtúil ar an Stát tiontú oifigiúil ar Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil don phobal sa chéad teanga oifigiúil a luaithe agus a chuireann an tUachtarán lámh le Bille. Dhearbhaigh Hardiman stádas na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil na tíre, faoi réir Airteagal 8 den Bhunreacht, nuair a dúirt sé ina bhreithiúnas:

Ó tharla téarmaí Airteagal 8 agus an polasaí dátheangachais a bhfuil an Stát geallta dó, caithfidh an Stát úsáid ceachtar den dá theanga a éascú, gan idirdhealú. Tá sé ar neamhréir iomlán leis an dátheangachas dlíthe a chur ar fáil in aon teanga amháin agus ní dhéantar a leithéid, go bhfios dom, in aon tír dhátheangach eile.

Ar an gCúlóg i mBaile Átha Cliath a rugadh Adrian Hardiman ar an 21 Bealtaine 1951. Múinteoir ab ea a athair P.J., a bhí ina uachtarán ar Chumann na Meánmhúinteoirí tráth. I gColáiste Belvedere, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i gColáiste na Tríonóide agus in Óstaí an Rí a fuair sé a chuid oideachais. Glacadh leis mar abhcóide in 1974 agus mar abhcóide sinsearach in 1989.

Bhí sé thar a bheith deisbhéalach, rud a bhí léirithe aige ina óige nuair a bhuaigh sé Craobh Náisiúnta Díospóireachta The Irish Times in 1973 agus ina dhiaidh sin mar uachtarán ar Chomhairle Teachtaí na Mac Léinn agus ina reachtaire ar an gCumann Liteartha agus Staire sa Choláiste Ollscoile.

Agus é i mbun a chuid oibre sna cúirteanna, bhain Adrian Hardiman cáil faoi leith amach dó féin i gcásanna coiriúlachta agus clúmhillte. Bhí ar a chumas a bheith taghdach, géar, conspóideach, nuair a d’fheil sin don abhcóideacht agus ba mhór i gceist an chaoi ar cheistigh sé Taoiseach na linne, Albert Reynolds, ag Binse na Mairteola in 1992. Ba léiriú ar a chumas go ndearnadh é a ainmniú díreach chun na Cúirte Uachtaraí sa bhliain 2000 gan seal a bheith caite san Ard-Chúirt mar phrintíseach aige.

Thug sé cuid mhaith de na tréithe a sheas dó mar abhcóide chun na cúirte sin leis, ach deir siad siúd a raibh aithne acu air go mba dhuine lách, soilíosach a bhí ann. Ag a shochraid, dúirt a chara Michael McDowell – abhcóide eile, iar-Thánaiste, iar-Ard-Aighne agus aire rialtais – gurbh é an léamh a bhí ag Adrian Hardiman ar Bhunreacht na hÉireann gur chonradh a bhí ann idir an Stát agus an duine aonair agus gurbh í an chloch ba mhó ar a phaidrín go mbeadh an Stát ina shearbhónta seachas ina mháistir. Ba é McDowell a sheas leis in 1974 nuair a phós Hardiman abhcóide eile, Yvonne Murphy, ar de bhunadh Dhún na nGall í, áit a raibh teach saoire aici féin agus ag a fear céile i ndeireadh a shaoil. Ceapadh ise ina breitheamh sa Chúirt Chuarda in 1998 agus ina dhiaidh sin sa Chúirt Choiriúil Speisialta. Bhí triúr clainne orthu, Daniel, Eoin agus Hugh.

Lasmuigh de bhallaí na gcúirteanna, chuir an pobal aithne air sna 1980idí luatha nuair ba é Hardiman príomhurlabhraí ag lucht an fheachtais a bhí in aghaidh an Ochtú Leasú ar an mBunreacht. Bhí an-suim aige freisin i gcúrsaí polaitíochta, bá aige le Fine Gael i dtús a shaoil nó go ndeachaigh sé isteach i bhFianna Fáil. Sheas sé dóibh siúd sna toghcháin áitiúla in 1985 nuair a chinn air suíochán a bhaint amach i nDún Laoghaire. Níos deireanaí an bhliain sin, chuaigh sé leis an bPáirtí Daonlathach nuair a bunaíodh iad siúd, ach thug sé cúl do chúrsaí polaitíochta nuair a ceapadh chun na Cúirte Uachtaraí é.

Gaeilgeoir líofa ab ea é agus ba mhinic leis cathaoirleacht a dhéanamh ar Bhréagchúirt Uí Dhálaigh, an comórtas díospóireachta a bhunaigh Gael Linn do mhic léinn dlí. Chuaigh sin chomh mór i gcion air tráth agus go ndúirt sé go raibh rún aige é a mholadh mar chuid riachtanach de chúrsa oiliúna na n-ábhar abhcóidí in Óstaí an Rí. Bhí suim thar na bearta aige freisin sa litríocht agus ar uair a bháis bhí leabhar dá chuid faoin scríbhneoir James Joyce, a d’fhreastail ar Choláiste Belvedere é féin, i lámha foilsitheora. Is iomaí sin léacht a thug sé in Éirinn agus thar lear faoin údar. Lena chois sin ba staraí é agus ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann. Mí sular bhásaigh sé, ar an 7 Márta 2016, thug sé léacht faoi thriail Roibeard Emmet in 1803 i dTeach Cúirte Shráid na Faiche i mBaile Átha Cliath, sa seomra ceannann céanna inar daoradh Emmet.