Ó CEARBHAILL, Seán (1875–1935) Seán Ó CEARBHAILL 1875 1935 Tiobraid Árann M Coláiste Talmhaíochta Albert, Glas Naíon, Baile Átha Cliath bailitheoir béaloidis [B9] bailitheoir béaloidis siopadóir suirbhéir talún múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In Fé bhrat an Chonnartha, 1944 insíonn Peadar Ó hAnnracháin [B1] scéalta grinn ina thaobh agus deir: ‘Fear fé leith ab ea é. Bhí sé go grámhar groí. Bhí sé go huasal ina mheon agus cé ná ceapadh a lán é bhí sé chomh géarchúiseach grinn d’fhear chun duine a mheas agus a bhuailfeadh leat id’ shiúltaibh bliana.... Trua nár chrom sé ar scríbhneoireacht agus a raibh de ghreann ann féin, agus a laghad de a fuair fothain fé bhrat na Gaeilge lena ré. B’é Seán mo phríomhchuibhearnach sa ghnó i ndeisceart Mumhan an fhaid a bhí Fionán Mac Coluim [B1] thar sáile agus sin é an fáth gur mhaith liom a dhea-cháil a chraoladh’.

Bhí sé ar dhuine den naonúr is faide a bhí ag timireacht do Choiste GnóChonradh na Gaeilge. Sa Choill Mhór, an Chlais Ghainimhe Thiar in aice leis an gCaisleán Nua i gContae Thiobraid Árann, a rugadh é 14 Feabhra 1875. Feirmeoir ba ea a athair Pádraig agus ba í Cáit Nic Craith a mháthair. Tar éis bunscolaíochta d’fhreastail sé ar mheánscoil i gCluain Meala agus ansin chaith tamall in 1892 ag foghlaim garraíodóireachta i gColáiste Talmhaíochta Albert i nGlas Naíon. Ar feadh deich mbliana bhí sé ag obair mar shuirbhéir talún don Suirbhéireacht Ordanáis. Cuid de bhéaloideas na clainne go raibh sé ar tí dul ar imirce ó Chóbh nuair a tharla gur chuala sé Tomás Bán Ó Concheanainn[B2] ag óráidíocht. Tá tagairt ag Pádraig Ó Cadhla[B2] in Bláithfhleasc Thiobraid Árann 1893–1943 do Sheán Ó Cearbhaill, ‘buachaill óg bríomhar aibí’, a bheith sa rang aige sa Chaisleán Nua tuairim 1903 agus gur ceapadh ina mhúinteoir Gaeilge é agus cúram an Chaisleáin Nua, Ard Fhionáin, an Chloichín agus Bhéal Átha Póirín air. B’fhéidir dul amú a bheith ar Phádraig i dtaobh aois an Chearbhallaigh seo agus gurbh é an Seán s’againne é mar fuair seisean post múinteora taistil agus chaith tamaill i gceantair Chloichín an Mhargaidh i dTiobraid Árann agus in Inis Córthaidh. Más é an Seán Ó Cearbhaill céanna é mhíneodh sé conas a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na teanga.

Chaith sé Lúnasa 1904 i gColáiste na Mumhan agus i 1906 ceapadh ina thimire faoin gCoiste Gnó é. Ciarraí is mó a bhí ina chúram agus bhí sé lonnaithe i gCill Orglan. Choimeádadh sé cín lae agus chuir síos ann gur thaistil sé 4,639 míle i rith na bliana 1 Bealtaine 1912 go 26 Aibreán 1913, gur fhreastail 180 cruinniú agus gur thug cuairt ar 272 scoil.

Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha ar feadh tamaill. Ó 1914 go 1923 bhí sé ina thimire ag coiste ceantair Luimnigh. 1 bhFeabhra 1912 phós sé Caitlín Ní Uallacháin ón bhFliain Mór i gcomharsanacht an Ghleanna i Luimneach agus shocraigh síos sa bhaile sin an bhliain dár gcionn. Rugadh cúigear leanbh dóibh, triúr buachaillí agus beirt chailíní. Bhí siopa beag aige sa Ghleann.

Ó 1923 go 1930 bhí sé ina mhúinteoir taistil faoi chomhairle chontae Luimnigh agus as sin amach gur éag ar 6 Meán Fómhair 1935 bhí sé ina mhúinteoir gairmoideachais. Bhí scéalta a bhailigh sé i gcló in An Lóchrann agus roghnaigh Pádraig Ó Siochfhradha cuid díobh le cur in An Seanchaí Muimhmeach. Chnuasaigh sé Scéilín is caogadh le léigheamh, le meabhrú agus le haithinnsint, 1934.

Luaitear é i gceann d’amhráin mhóra Chúil Aodha, ‘Scoil Bharr Duínse’ – ‘Bhí Seán Ó Cearbhaill ón gCaiseal aniar ann’. Mac leis ba ea Pádraig Ó Cearbhaill (rugadh 3 Bealtaine 1914; d’éag 7 lúil 1991) a scríobh B’aoibhinn bheith beo, 1987 agus Ba bheannacht bheith óg, 1989.