Ó CAOIDHEÁIN, Colm (1893–1975) Colm Ó CAOIDHEÁIN 1893 1975 Glinsce M amhránaí [B9] amhránaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba é an duine ba shine é den naonúr clainne a bhí ag Máirtín Ó Caoidheáin, Glinsce, Co. na Gaillimhe, agus a bhean Máire Nic Chon Iomaire. B’as Inis Niadh do Mháire. ‘Colm Mháirtín Thomáis’ a thugtaí air. Rugadh é ar 15 Meitheamh 1893. Is cosúil nár fhreastail sé riamh ar scoil náisiúnta. Sa chlár teilifíse ‘Agallamh an tSathairn’ dúirt Séamus Ennis le Liam Mac Con Iomaire nach raibh Béarla aige. Ach deir a chlann gur éirigh leis riar a cháis den teanga a fhoghlaim go maith le linn na dtréimhsí a chaitheadh sé in Albain. Agus rinne Ennis iontas dá chruinne a bhí an Béarla aige sna bailéid.

Phós sé Bairbre Ní Cheannabháin ón Aird Mhór i 1939 agus rugadh triúr mac agus beirt iníonacha dóibh. An iascaireacht a rogha slí bheatha ach dhéanadh sé beagán feirmeoireachta. Bhí sé an-chliste ar bháid a dhéanamh agus a dheisiú, ar bhaill troscáin a dhéanamh, agus ar ghaibhneacht. É féin a dhéanadh na huirlisí.

Thug sé tuairim 200 amhrán do Shéamus Ennis: 212 a dúirt Séamus le Liam Mac Con Iomaire, ach b’fhéidir go raibh poirt rince á gcur san áireamh aige. Seo cuid dár scríobh Séamus ina chín lae ina thaobh i rith na tréimhse Meitheamh-Nollaig 1943 (Cnuasach Bhéaloideas Éireann): ‘Stumpa measartha mór d’fhear é agus é sách beathaithe. Fear dubh, dearg ina éadain agus beola tiubha air. Caitheann sé bréidín Chonamara, agus culaith navy blue Dé Domhnaigh, mar is gnás le cuid mhór de na fir sa bpobal seo.... Fear spraíúil spóirtiúil é, gan aird aige ar chruatan an tsaoil, nó má tá. ní ligeann sé air é. Fuair sé a dhóithint anró sna blianta atá caite ach níor fhág sin drochmhisneach aige. Rinne sé tithe slinne thart sa tír, gan aon aimsir a chaitheamh leis an gceird. Déanann sé feilméaracht agus seoltóireacht agus tá deis mhaith go leor sa saol air anois. Óna athair agus óna sheanathair a fuair sé a bhfuil de cheol agus d’amhráin aige. Tá sé ceanúil ar ól, gan a bheith ró-cheanúil’.

De na daoine go léir a thug amhráin agus seanchas do Shéamus is le Colm is fearr a réitíodh sé. Bhíodh sé in ann ábhar a scríobh uaidh fiú agus é ag baint móna. Shíl sé go raibh cluas an-ghéar ag Colm ag ceartú na n-amhrán nuair a chanadh sé féin arís dó iad. Ar 4 Lúnasa 1943 scríobh sé: ‘Bhí an-chumha orm ag imeacht uaidh agus air féin freisin, mar tá an bheirt againn an-mhór le chéile. Is fear Colm atá garbh croíúil ina bhealach, ach d’fhéadfadh sé suí i gcomhlu-adar ag féasta mór,cuirim i gcás in Áras an Uachtaráin, agus gan náire ariamh ná cúis náire a thabhairt don duine a bheadh in éindí leis, tá sé chomh múinte sin. Tig leis comhrá cliste a dhéanamh ar ábhar ar bith’.

Gheofar tuairim den mhéid a scríobh Mac Aonghusa uaidh in Clár amhrán Bhaile na hlnse: clár na n-amhrán i Roinn Bhéaloideas Éireann a bailíodh i mbarúntacht Bhaile na hlnse, 1976 le Ríonach Ní Fhlathartaigh. Tá cuntas ag Ríonach Uí Ógáin (‘Fear ceoil Ghlinsce: Colm Ó Caodháin’) i gcló in Galway: History and Society, 1996, in eagar ag Gerard Moran agus Raymond Gillespie.

Chumadh sé féin amhráin. B’fhéidir gurb é an ceann is aitheanta díobh ‘Mé féin agus tú féin’. Deir Ríonach Ní Fhlathartaigh (Uí Ógáin): ‘Rud eile, is féidir le hamhránaí, a bhfuil stór mór amhrán aige, a bheith ina chumadóir freisin. Duine acu seo é Colm Ó Caoidheáin ar cosúil nach raibh aon deireadh lena stór amhrán’. D’éag sé ar 31 Eanáir 1975 agus cuireadh é i Maighros.