Ó BUACHALLA, Liam (1899–1970) Liam Ó BUACHALLA Mail 1899 1970 40 Sráid Chlann Bhreasail Íochtarach, Baile Átha Cliath M Scoil na mBráithre Críostaí, Droichead Átha, Co. Lú An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath uachtarán ar Chonradh na Gaeilge [B9] ollamh óglach 1913–1922 [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ag 40 Sráid Chlann Bhreasail Íochtarach, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 10 Aibreán 1899. Thomas Buckley, cúipéir, a athair agus ba í Sarah Treacy a mháthair. D’aistrigh an chlann go Droichead Átha agus is ann, ó na Bráithre Críostaí, a fuair sé scolaíocht. Bhí deirfiúr amháin aige ar a laghad. Bhí sé ina bhall de na hÓglaigh agus ghlac páirt i gCogadh na Saoirse. Le cúipéireacht a chuaigh sé agus bhí ag obair tamall i nGrúdlann Mhic Aongusa i mBaile Átha Cliath. Bhíodh sé ag staidéar san oíche agus bhain amach céim B.Comm. i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus céim mháistir ina dhiaidh sin.

Ceapadh ina léachtaí le heacnamaíocht i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe é i 1927. As sin amach bhí sé an-ghníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe. Ar feadh tamaill fhada bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Gairmoideachais na Gaillimhe. Ba bhall é den choiste a rinne obair chun amharclann Ghaeilge a bhunú ach d’éirigh sé as mar gheall ar easaontas le Liam Ó Briain[B3], mar a thaispeánann Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993. Bhí sé ina stiúrthóir ar an iris An Stoc agus i 1931 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na hirise Ar Aghaidh, é ina eagarthóir ar feadh i bhfad. Ba é féin agus Tomás Bán Ó Concheanainn[B2] a bhí i mbun airgead a bhailiú le haghaidh dealbh de Phádraic Ó Conaire[B2] a chur suas ar Fhaiche Mhór na Gaillimhe 9 Meitheamh 1935. Faoina ainm cleite ‘Mail’ scríobh sé cuntas ar an obair sin agus ar an gcaidreamh a bhí aige ar Phádraic in Ar Aghaidh, Márta 1931. Roghnaigh Tomás de Bhaldraithe an aiste sin le cur i gcló in Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn, 1982.

Sholáthraigh sé téacsleabhair eacnamaíochta agus cuntasaíochta: Bunadhas na tráchtála, 1944; Cuntais agus cuntasaíocht, 1954; Bunadhas an gheilleagair, 1956; Ard-Chuntasaíocht, 1959; Foras teoiricí an gheilleagair, 1968 .... Bhí sé ina Ollamh le hEacnamaíocht i nGaillimh ó 1953 go 1969. Rinne sé obair éachtach ag cur na teanga in oiriúint dá chúrsaí ollscoile, dar le Tomás de Bhaldraithe (Clocha ar a charn, 1982). Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i 1940–1. Deirtear gurbh é toghadh Sheáin Óig Uí Thuama[B2] ina áit faoi deara gur chuir an Taoiseach Éamonn de Valera Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge á bhunú i 1943.

Dhealródh sé gurbh eisean an Liam Ó Buachalla a d’aistrigh dráma J.H. Pollock (An Philibín), The Fourth Wise Man, faoin teideal An Ceathramhadh Eagnaidhe, 1940. Ba iad comhlacht na dTrí gCoinneal a d’fhoilsigh.

Ball de Fhianna Fáil ba ea Liam agus ainmníodh ina bhall de Sheanad Éireann é i 1939. Bhí sé ina chathaoirleach ó 1951 go 1969. D’éag sé 16 Meán Fómhair 1970 i nDroichead Átha agus adhlacadh é i reilig Rathúin i nGaillimh. Phós sé Máire Ní Scolaí, an t-amhránaí Gaeilge ba cháiliúla lena linn, ar 9 Meán Fómhair 1931, in Eaglais na hOllscoile, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath. Bhí sise ag cur fúithi san Oileán Ealtanach i nGaillimh ag an am. Ní raibh aon chlann acu. D’éag sise ar 28 Meitheamh 1985.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »