PHAIR, William (1847–1912) William PHAIR 1847 1912 Dún Uisce, Co. Chorcaí M siopadóir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhíodh fógra go minic aige in An Claidheamh Soluis faoin ainm ‘Uilliam Phárr’ i dtaobh a shiopa ag 114 Bóthar an Droichid, Corcaigh. Bhain tábhacht leis i saol poiblí Chathair Chorcaí, é ina bhall den Bhardas ó 1883, é ina chathaoirleach ar choiste na n-oibreacha uisce ag am a bháis. Cainteoir dúchais Gaeilge é ó pharóiste Dhún Uisce ar an taobh thoir theas de Mhaigh Chromtha agus bhíodh sé ina chathaoirleach anois is arís ag cruinnithe Chonradh na Gaeilge sa chathair. Bhí sé i gceannas an chruinnithe ag ar fáiltíodh roimh Thomás Bán Ó Coincheanainn [B2] ar a chéad chuairt ar an gConradh i gCorcaigh i mí na Samhna 1899.

Ba é a mhol thar ceann an Chonartha ag cruinniú Bhord Bardachta Chorcaí gurbh i nGaeilge a mhúinfí páistí arbh í an Ghaeilge a dteanga dhúchais (An Claidheamh Soluis 3 Márta 1900).

Ba iad Barnaby Phair agus Mary Fitzgerald a thuismitheoirí, dar le Pike, Cork and Co. Cork (biographies), 1911. Is cosúil ón gcuntas ag Francis O’Neill in Irish minstrels and musicians, 1913 go mba dhuine bocht é nuair a chuir sé faoi sa chathair. Phós sé Hannah McCarthy ó Chlais an Aifrinn ar 22 Aibreán 1879. Ní raibh aon chlann acu. Bhí cónaí air ag Gilabbey House cois na Laoi. D’éag sé i Márta 1912.

Is sa chaibidil ‘Gentlemen pipers’ atá an cuntas ag O’Neill. Toghadh é ina uachtarán ar Chumann na bPíobairí nuair a bunaíodh i gCorcaigh é in 1898. Deir O’Neill: ‘... though the flippancy and levity of some of its members on his appearance at a meeting in a fur-trimmed coat and tall silk hat, after attending a council session, offended his dignity, he never lost interest in its welfare’. Nuair a thaistil Bob Thompson chuig ceann de na chéad Oireachtais is le cabhair airgid ó Phair é agus is ar phíb Phair a bhuaigh sé duais. Bhronnadh sé £5 ar Fheis na Mumhan gach bliain mar dhuais sa chomórtas píobaireachta.