MAC SUIBHNE, Tarlach (c.1818–1916) Tarlach MAC SUIBHNE An Píobaire Mór c.1818 1916 Ard Leathan, Co. Dhún na nGall M ceoltóir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Chonaic Peadar Mac Fhionnlaoich [B1] é i 1902; ‘Bhí an píobaire ina shuí go mómhar cois na tine agus d’umhlaíodar dhó, gach uile dhuine dhínn ar dhul isteach dhúinn. Níor bhain sé bogadh as féin ach a cheann a chlaonadh go státúil amhail a dhéanfadh flaith nó taoiseach sa tseanaimsir, óir is mór an bród agus an neamhspleáchas atá sa phíobaire. Agus tá cuma flatha air leis. Tá gruaig chiardhubh air go fóill, siúd is go bhfuil sé suas le ceithre scór bliain d’aois. Suíonn sé ina chathaoir chomh díreach le ridire ar dhroim eich agus féachann a shúile dubha dána ar an uile dhuine chomh neamheaglach is a dhéanfadh Oscar mac Oisín’ (‘Thall is abhfus i dTír Chonaill’ in An Claidheamh Soluis 12 Aibreán 1902). Agus scríobh Stephen Gwynn[q.v.]: ‘There was never anywhere a more distinguished looking human being...’ (Reminiscences of a literary man, 1926).

In Ard Leathan, Gleann Fhinne, Co. Dhún na nGall, a rugadh an Píobaire Mór, mar a thugtaí air. ‘Ba mhac é le hÉamonn Rua, a shíolraigh ó Chlann tSuibhne na dTuach, a raibh fuil ríthe ina gcuislí’ (Anois 6–7 Samhain 1993). Tá ginealas mhuintir Mhic Shuibhne siar go hÉireamhóin in Irish pedigrees, le James O’Hart. Chaill siad cibé talamh a bhí acu agus is ag siúl na mbóithre a chaith Éamonn Rua cuid dá shaol.

Théadh Tarlach ag spailpíneacht i Sasana agus in Albain. Chaith sé tamaill i Leitir Mhic an Bhaird agus sa Dúchoraidh agus in áiteanna eile sular shocraigh sé síos ar an Luinnigh i nGaoth Dobhair nuair a thug an Tiarna George Hill píosa talaimh dó. Phós sé Sarah Crosby agus dar le Seán Ó Gallchóir in Donegal Annual1978 go raibh seachtar clann acu. Deirtear go mba iníon le ministir Sarah agus gur casadh ar Tharlach í i dTir Eoghain.

Bhí sé i measc na gceoltóirí a thug Alice Harte léi go dtí an World’s Columbian Exposition in Chicago in 1893. ‘Chaith sé sé mhí in Chicago agus deirtear gur bhuaigh sé craobh an domhain sa phíobaireacht le linn an ama sin, le port a bhfuil clú agus cáil air inniu, “Dúlamán na Binne Buí” (Anois). An cuntas ag Francis O’Neill ar an bPíobaire Mór in Irish minstrels and musicians : with numerous dissertations on related subjects, 1913 tá sé idir tharcaisneach agus défhiúsach. Ní luann sé craobh an domhain agus tugann sé cuntas Mhic Shuibhne féin ar an gcaoi ar fhoghlaim sé an phíb ó na sióga. Tagraíonn O’Neill don leabhar teagaisc a bhí aige: ‘No human eye, except his own, has ever been permitted to profane this treasure by even a glance’. Thuairimigh sé gur chóip de O’Farrell’s National Irish music a bhí aige, leabhar a bhí fíorghann. Ceart go leor, sin é an leabhar a thug sé don Athair Seán Ó Cuinneagáin sula bhfuair sé bás. Tá sé in éineacht lena phíb inniu i Músaem Ros Nualach.

Bhuaigh sé an dara duais ag an gcéad Fheis Cheoil in 1897. Deir Mac Fhionnlaoich: ‘Trácht ar an bPíobaire Mhór cha saoilim gur mhúin sé píobaireacht d’aon duine riamh agus is mór an trua é. Theagasc sé na céadta chun rince, óir is ar fheabhas atá a rince chomh maith lena phíobaireacht, agus tá mórán dá chuid rince scaipthe ag daoinibh i dTír Chonaill ach níl aon phíobaire ann anois ach é féin. Is mór an trua adeirim gur ligeadh an phíobaireacht ar gcúl’. Ach deir O’Neill go raibh an ealaín ag duine de na hiníonacha. Bíonn tagairtí in Fáinne an Lae agus in An Claidheamh Soluis don pháirt a ghlacadh sé in imeachtaí Gaelacha i gColáiste Uladh agus in imeachtaí an Chonartha i mBéal Feirste agus i nGlaschú. Chomh maith leis an bpíobaireacht chasadh sé amhráin ag na himeachtaí sin.

D’éag sé 13 Meitheamh 1916, más fíor don inscríbhinn ar leac na huaighe i seanreilig Mhachaire Gathlán. Tá greanta air freisin go raibh sé 98 bliana d’aois. D’eagraigh Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair ócáid ina chuimhne i 1993. Tá aiste ina thaobh in Glór Ghaoth Dobhair, 1987 ag Máire Nic Nialluis agus tá an tuairim á nochtadh ann gur luaithe ná 1916 a d’éag sé. Níor éirigh le húdair an chuntais seo taifead a bháis a aimsiú faoin ainm Turlough MacSweeney i gClárlann na mBreitheanna, na mBásanna agus na bPóstaí agus ní raibh aon toradh ar an gcuardach a rinne an cláraitheoir i Leitir Ceanainn dúinn sa tréimhse 1907–1922.

Thug Seán Ó Gallchóir léacht ina thaobh in Amharclann Ghaoth Dobhair 29 Meitheamh 1978 agus foilsíodh é in Donegal Annual1978. Caitheann sé amhras ar an aois a chuirtear síos dó; clann a chlainne a chuir an inscríbhinn ar an leac nuair a tugadh corp iníon Tharlach abhaile ó Mheiriceá i 1929, agus b’fhéidir nach raibh an t-eolas ceart acu; nuair a thug iriseoir cuairt air i 1909 dúirt an píobaire leis go raibh sé 78 mbliana d’aois (Weekly Irish Times 24 Aibreán 1909).

Is léir ar léacht sin Sheáin Uí Ghallchóir gur ‘Charlie Éamoinn Rua’ a thugtaí go coitianta ar Tharlach. I nDaonáireamh 1911 bhí Charles McSweeney (79), feirmeoir, ina chónaí lena bhean Sarah (73) ar an Luinnigh i nGaoth Dobhair. Ní raibh sa teach acu ach aon seomra amháin, bhí siad pósta le 54 bliana, bhí dáreag clainne acu ach níor mhair díobh ach seachtar, agus is i gContae Aontroma a rugadh Sarah. Cuireadh síos i 1901 go raibh Charles Sweeney (sic) 70 agus gur seasca a bhí a bhean. Is ródhóigh gurb é an píobaire é. Fuair Sarah bás 29 Samhain 1920 in aois 82 di, dar leis an inscríbhinn atá ar an leac uaighe, aois a réiteodh lena bhfuil i nDaonáireamh 1911.

Rinneadh an dara cuardach i Leitir Ceanainn agus fuarthas go bhfuair Charles Sweeney bás sa Luinnigh 12 Meitheamh 1916. 84 bliana d’aois a bhí sé, más fíor. A iníon Sarah Quin a chláraigh an bás. Ba é an píobaire é gan aon amhras.

Is in 1835 a casadh Éamonn Rua agus a bheirt mhac ar Sheán Ó Donnabháin agus dúirt Ó Donnabháin gur 61 bliain aois Éamoinn Rua ag an am agus is léir go mba fhir lánfhásta an bheirt mhac. ‘On entering the house my eyes were astonished at the sight of two able-bodied young men (with thighs as thick as those of two fat bullocks) playing with deafening sound, the one upon the bagpipes, the other upon the fiddle. On enquiry I learned that these were two sons of McSweeney who had been for the past two months employed in Captain Harte’s house’. Sa ghinealas siar go Sir Maolmhuire Mac Suibhne, a chuir an Donnabhánach lena litir de 5 Meán Fómhair 1835 (i gcló ag Francis Bigger [q.v.] in Ulster Journal of Archaeology, Feabhra, Bealtaine, Lúnasa 1908), luann sé Tarlach agus Donncha díreach i ndiaidh Éamoinn Rua. Níl fáth le ceapadh nach é Tarlach s’againne atá i gceist agus más é ní foláir nó is timpeall 1818 a rugadh é.

Scríobh Anna Nic Sheáin [Ethna Carbery] [q.v.] dán faoi arb é an chéad véarsa: ‘Full of the music they gathered at morn/ On your high heather hills from the lark on the wing,/ From the blackbird at eve on the blossoming thorn,/ From the little green linnet whose plaining they sing,/ And the joy and the hope in the heart of the Spring,/ O, Torloch MacSweeney !’. Níl a fhios cé a scríobh an dán neamhómósach ‘The Donegal Piper’ atá i gcló ag O’Neill agus arb é an véarsa deiridh ann: ‘Search Ireland all o’er from seashore to seashore,/ From the cliffs of Cape Clear to the rath of Gweedore,/ And you’ll ne’er meet man such a musical bore/ As the one called The Donegal Piper’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »