MAC GIOLLA PHÁDRAIG, Brian (1888–1978) Brian MAC GIOLLA PHÁDRAIG 1888 1978 Cill Ria, Co. Dhoire Tír an Iúir, Baile Átha Cliath M múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Mar scríbhneoir téacsleabhar gramadaí is mó atá cuimhne air. I gCill Ria, Cúil Raithin, Co. Dhoire, a rugadh é [Bernard Fitzpatrick] 13 Meitheamh 1888. Ba é Thomas Fitzpatrick a athair agus an sloinne chéanna a bhí ar a mháthair Mary. I gCill Ria i 1903 a cheangail sé le Conradh na Gaeilge (agallamh in Inniu 15 Márta 1957 agus nóta in Feasta 1956). Tar éis dó cáiliú mar mhúinteoir náisiúnta fuair sé teastas ó Choláiste Laighean i 1911. Bhí Éamonn de Valera in aon rang leis agus Sinéad Ní Fhlannagáin mar mhúinteoir acu. Bhain Brian lánteastas múinteora Gaeilge amach i 1912. Ó 1913 amach bhí sé ina rúnaí ag an gColáiste, ansin ina chláraitheoir agus, ó 1928 amach, ina ardmháistir go dtí gur druideadh é timpeall 1948. Bhí breis is daichead bliain caite aige ann. Ba é Brian a chuir tús leis an gcúrsa sa tSean-Ghaeilge ann.

Thosaigh sé ag múineadh i Scoil Chaoimhín, Black Pitts, Baile Átha Cliath, roimh 1911 agus ceapadh é i gcomharbacht ar Phádraig Ó hAichir [B3] i 1914. Ceapadh é ina phríomhoide sa Mhodhscoil Láir i Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath, i 1928 agus bhí ann go ndeachaigh sé ar pinsean i 1953.

Bhí sé ina rúnaí ag Coláiste Uladh tamall agus ina rúnaí oinigh ag Craobh na hÉireann den Chomhdháil Cheilteach sular toghadh ina uachtarán é. Bhí sé ina rúnaí oinigh freisin ag Comhdháil na gColáistí Gaeilge. In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 2 Márta 1957 deir sé go raibh sé ina bhall den Chomhdháil Cheilteach ó bunaíodh é i 1917 agus ina Rúnaí Onórach Idirnáisiúnta 1943-52. Thuairíscigh Inniu 20 Deireadh Fómhair 1978 go raibh stair na comhdhála sin scríofa aige. Bhí aiste ar stair sé cinn de na mórcholáistí i gcló aige in Éire 1943. Bhí baint mhór aige le Coláiste Laighean: d’eagraigh sé ranganna i seacht gcinn de chlochair iata; bhunaigh sé craobhacha den Choláiste i nDroichead Átha, san Uaimh, i gCeanannas, sa Mhuileann gCearr, sa Tulach Mhór agus i bPort Laoise. Ba é a chruthaigh gurb é ‘Tír an Iúir’ ainm ceart an cheantair sin de Bhaile Átha Cliath – bhí an Bardas tar éis Tor Fhionnabhair a bhaisteadh air.

Scríobh sé: Dhátheangachas agus scoileanna na tíre, 1922; Sgéalta don aos óg, g.d.; Bunchúrsa ar cheapadóireacht 2 iml., 1922–25; Bun-Ghraiméar na Gaeilge, (g.d.); Réidhchúrsa Gramadaighe, (1938); Gearrchúrsa gramadaí, [g.d.]; Scéalta don aos óg, (1916); Amhráin scoile: cnuasach amhrán le haghaidh na mbunscol, (c.1953); History of Terenure, (1955). Bhí ailt i gcló aige in Feasta, Inniu, Capuchin Annual, Dublin Historical Record, Journal of the Royal Society of Antiquaries in Ireland, Reportorium Novum, Breifne.... D’athscríobh sé Réidhchúrsa gramadaighe sa litriú caighdeánach. Bhí an dúspéis aige i stair Bhaile Átha Cliath. Thug sé sraith léachtaí Gaeilge i dtaobh stair an oideachais in Éirinn i gColáiste na Tríonóide 1949–54. Bhí céim MA aige agus bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh air. Bhí sé ina uachtarán ar Oireachtas 1957.

D’éag sé ar 6 Deireadh Fómhair 1978. Seosaimhín Howard arbh ainm dá bhean agus bhí mac agus beirt iníonacha acu. I mbliain 1920 bhí cónaí air ag 8 Ardán Avondale, Crois Araild, Baile Átha Cliath, agus ag am a bháis bhí an chlann ag cur fúthu ag 6 Páirc Ráth Oinn, Tír an Iúir.