In oileán Ghabhla, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 24 Márta 1910. Micí Thaidhg, iascaire agus feirmeoir, a athair agus ba í Sarah Tom Nic Ghiolla Bhríde ó Ghaoth Dobhair a mháthair. Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin aige. Cailleadh an mháthair nuair a bhí an chlann an-óg. Bhí cáil an léinn ar an athair toisc go mbíodh tarraingt na gcomharsan ar an teach san oíche chun go gcloisfeadh siad é ag léamh giotaí amach as nuachtán a d’fhaigheadh sé cúpla lá sa tseachtain.

Bhí Seán ar scoil i nGabhla agus i nDún Lúiche sular thug scoláireacht é go Coláiste Adhamhnáin. Bhí sé ar scata a d’éalaigh as an gcoláiste uair chun bheith ag tórramh agus toisc go rabhthas ar tí a fholt a bhearradh mar phionós is ea a d’fhág sé slán leis an gcoláiste sin. Tar éis tamaill i scoil phríobháideach i mbaile Dhún na nGall fuair sé scoláireacht go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, agus cháiligh mar mhúinteoir náisiúnta i 1930. Chaith sé 1930–32 ina phríomhoide i Scoil Lathaigh Barr, cúig bliana ansin i Míobhaigh, Ros Goill, agus ó 1937 bhí sé i Mín an Chladaigh. D’aistrigh sé go Cnoc an Stollaire i 1948 agus go Scoil Chonaill sa Bhun Beag i 1960. D’éirigh sé as ceird na múinteoireachta toisc drochshláinte in Eanáir 1973.

In Inniu 26 Márta 1982 scríobh Proinsias Mac an Bheatha: ‘Tá cúpla céad dá chuid scoláirí anois ina múinteoirí agus i ngairmeacha léannta eile’. Sa chuntas cuimsitheach in Scríbhneoireacht na gConallach, 1990, in eagar ag Nollaig Mac Congáil, cuireann Frances Nic Géadaigh síos ar an gcaoi a n-ullmhaíodh Seán daltaí le haghaidh scoláireachtaí. Thabhaigh sé cáil chomh mór sin go dtagadh daltaí ó gach cearn den tír chuige. D’oibríodh sé go moch is go deireanach á n-ullmhú. Chuir Cumann na Múinteoirí Náisiúnta ina leith go raibh sé ag briseadh rialacha an cheardchumainn trí bheith ag obair lasmuigh d’uaireanta na scoile. Ba é deireadh an aighnis gur cuireadh as ballraíocht an Chumainn é.

Baineann a chéad leabhar Ó rabharta go mallmhuir, 1975 leis an saol i nGabhla. Úrscéal is ea Is glas na cnoic, 1977. Deir Frances Nic Géadaigh faoi: ‘Aoir éadrom ghreannmhar gan choir gan dochar atá sa leabhar seo. Aoir a scríobh sé ar shaol an lae inniu agus ar an athrú millteanach ar an oileán agus ar tír mór. Sa bhliain 1967 d’fhág na teaghlaigh dheireanacha Gabhla agus is léir óna leabhar nár aontaigh Seán féin leis seo’. I 1983 foilsíodh Scéal Ghaoth Dobhair. D’éag sé 13 Márta 1982. Bhí sé pósta ar Eibhlín Ní Bhreisleáin as an Bhun Bheag agus bhí aon iníon amháin acu.

Bhí ardspéis aige i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael agus bhí ina chathaoirleach ar choiste an chontae bliain amháin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú