HOLLYWOOD, Tommy [Tomás Mac Cuilleanáin] (1882–1963) Tommy HOLLYWOOD Tomás Mac Cuilleanáin 1882 1963 An Cheathramh, Co. Ard Mhacha Baile Hagaird, Co. Lú M bailitheoir amhrán [B9] bailitheoir béaloidis bailitheoir amhrán bailitheoir béaloidis [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Sa Cheathramh, taobh le Camloch agus Foirceal i gContae Ard Mhacha, a rugadh é ar 16 Márta 1882. Bhí feirm ansin ag a athair John agus ba í Mary Quinn ón Mullach Bán a mháthair. Bhí triúr deirfiúracha agus deartháir amháin aige. Níor scríobhadh síos ar fhoirm Dhaonáireamh 1901 go raibh Gaeilge ag aon duine acu. In A hidden Ulster: People, songs and traditions of Oriel, 2003 deir Pádraigín Ní Uallacháin gurbh í a sheanmháthair a thóg é agus gurbh é cainteoir dúchais deireanach an Mhullaigh Bháin é.

Rinne sé a phrintíseacht mar bhuachaill siopa i siopa Uí Raifeartaigh i Sráid an Droichid, Dún Dealgan. Is ann a bhí sé oíche an Daonáirimh i 1901, é 19 mbliana d’aois agus Gaeilge aige. Leathchoróin sa tseachtain an pá a bhí aige. Bhí an Ghaeilge ina thimpeall ag éirí suas dó agus i nDún Dealgan bhí sé ar dhuine de na hógánaigh a d’fhreastail ar ranganna Phroinsiais Mhic Uinseanáin [B3]. B’as an gceantar céanna iad agus bhí aithne acu ar a chéile roimhe sin. Proinsias a spreag a spéis i bhfilíocht an cheantair sin agus sa cheol agus sa tseanchas. Thosaigh sé ar bhéaloideas a bhailiú a luaithe a bhí líofacht Ghaeilge aige. Thaithíodh sé na háiteanna i measc na sléibhte is na gcnoc mar a raibh an teanga le cloisteáil. Agus bhailíodh sé ábhar ó sheandaoine a thagadh isteach sa tsiopa chuige, in ainneoin doicheall na mná ar léi an gnó. Bhí Gaeilge aicisean freisin más fíor a bhfuil ar fhoirm an Daonáirimh.

Deir Peadar Ó Dubhda[B1] in An tUltach, Samhain 1963, go mba bhailitheoir cúramach é agus bhíodh Peadar ina theannta go minic. Luaitear an bheirt acu bheith i láthair thar ceann Dún Dealgan ag bunú Chraobh an Mhullaigh Bháin (An Claidheamh Soluis 9 Deireadh Fómhair 1901). ‘Déarfainn gur chaith sé ocht nó naoi de bhlianta ag tacar, ag scríobh agus ag bailiú, is bhí suas le 400 duilleachán líonta aige—filíocht, rannta, dánta diaga, amhráin, coraí cainte agus seanphaidreacha—agus gan sos san obair nó go raibh an tobar tirim, an seanbhunadh ‘dhul faoin bhfód ina nduine agus ina nduine. Bhí meabhair chinn agus modh dá chuid féin aige. Minic a chuir sé iontas orm is an bheirt againn ag rothaíocht abhaile, é ag gabháil do na véarsaí a bhí scríofa síos agus ina phóca aige. Bhíodh siad uilig, chóir a bheith, ina cheann agus ar a bhéal aige sula má bhíodh an líne deiridh breactha ina leabhar, agus é cúramach ar fad fá fhuaim gach focail is gach siollaib’. In Dundalk Examiner agus Dundalk Democrat is mó a foilsíodh a shaothar. Thug sé amhráin don bhailitheoir Énrí Ó Muirgheasa[B1]. In The Dundalk Democrat agus Oidhreacht na Gaeilge in Oirdheisceart Uladh..., 2008 le Gearóid Trimble tá liostaithe na hailt a bhí i gcló aige sa nuachtán sin faoi sheanfhocail agus ceolta a bhí bailithe aige.

Cheannaigh sé an siopa/teach tábhairne úd i Sráid an Droichid tuairim 1921 ach choimeád sé an t-ainm ‘Rafferty’s Tea’ ar an áit. Nuair a d’éirigh sé as an ngnó chuir sé féin agus bhean, Annie Murphy ó Dhromainn Tí in Ard Mhacha, fúthu sna Creagacha Dubha, Co. Lú. Bhí duine amháin clainne acu, iníon. D’éag sé ar 2 Lúnasa 1963 agus tá sé curtha i mBaile Hagaird. Ba é Peadar Ó Dubhda a chuir an inscríbhinn Ghaeilge ar a leac uaighe.