DE BREIT, Pádraig (c.1850–1932) Pádraig DE BREIT Sliabh Geal gCua c.1850 1932 Co. Phort Láirge M múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I bPort Láirge a rugadh é. Bhí ina shaoiste in iarnród Phort Láirge-Dún Garbhán-Lios Mór sular ceapadh é ina chigire ar Iarnród Phort Láirge-Trá Mhór. Is cosúil ón tuireamh a scríobh Seán Ó Súilleabháin in An Claidheamh Soluis 7 Bealtaine 1932 go raibh cáil air mar lúthchleasaí: ‘Ní tábhacht liom a ghaisce cé ba mholta a ghníomh go hóg/ I bpáirc an reatha ’s ag iomaí le laochra ar ord’.

Ar feadh i bhfad bhí dlúthbhaint aige le Conradh na Gaeilge i bPort Láirge, é ina leasuachtarán acu, agus bhí orthu sin a d’eagraigh Feis Phort Láirge den chéad uair i 1903. Toghadh é ar chéad choiste bainistíochta Choláiste na Rinne i 1909. Más fíor don Waterford News 12 Feabhra 1932 ba é ba thúisce a bhain leas as Séadna mar théacsleabhar agus é i mbun rang sinsearach a mhúineadh. Is dóigh nach raibh i gceist ach ranganna i gceantar Phort Láirge. Toghadh é ina bhall de Choiste Gnóan Chonartha i 1914.

Bhain sé leis an bPáirtí Parlaiminteach agus is mar Réamonnach a toghadh é ina bhardasach i gcathair Phort Láirge tuairim 1920. D’fhan sé ina bhall de chomhairle na cathrach go lá a bháis, 11 Feabhra 1932. D’fhág sé baintreach, mac agus clann iníon ina dhiaidh.