Ó SEARCAIGH, Séamus (1886–1965) Séamus Ó SEARCAIGH Ó Chúige Uladh 1886 1965 An Chruit, Co. Dhún na nGall M Scoil na Cruite, Cionn Caslach, Co. Dhún na nGall Ollscoil na Banríona, Béal Feirste scríbhneoir rúnaí ollamh múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá sé ar dhuine den bheagán cainteoirí dúchais a chuaigh le hardléann na Gaeilge i mblianta tosaigh an chéid agus ba é an duine ba mhó díobh, b’fhéidir, a chaith a dhúthracht le gramadach agus le foghraíocht na teanga.

Sa Chruit in aice le Cionn Caslach, Dún na nGall, a rugadh é 21 Meán Fómhair 1886, dar leis féin san iontráil in Celtic who’s who (1921). Tá sin ag teacht lena bhfuil i bhfoirm Dhaonáireamh 1901: gur shroich sé 14 bliain cothrom an lae breithe roimh 1 Aibreán 1901. Ach is é an dáta a bhí ag a mhuintir 21 Meán Fómhair 1887. Ní raibh teacht ar a theastas beireatais.

Fuair a athair Maghnus bás nuair a bhí Séamus sna luathdhéaga. Ba í Máire Ní Dhomhnaill a mháthair. Triúr deartháireacha agus beirt deirfiúracha a bhí aige. Ba é an múinteoir a bhí aige i Scoil Oileán na Cruite Antoine Ó Dochartaigh [q.v.], fear a raibh cáil na Gaeilge air. Nuair a bhuaigh seisean ceann de dhuaiseanna an Chliabhraigh do mhúineadh na Gaeilge ba é Séamus a luadh mar an dalta ab fhearr aige. Chloiseadh Séamus seanchas agus seanscéalta ag na comharsana a bhíodh ag airneál i dteach a athar oícheanta geimhridh.

Le ceird an ghabha a chuaigh sé ar dtús, dar le Donncha Ó Súilleabháin (Na timirí i ré tosaigh an Chonartha, 1990), cé go bhfuil amhras faoi sin. Fostaíodh é mar mhúinteoir taistil 1903 agus chaith sé tamaill i Machaire Rátha, i nDún Dealgan, i nDroichead Átha agus i mBaile Átha Fhirdhia. Chaith sé téarma i gColáiste na Mumhan 1905 agus bhain dintiúirí múinteora amach. D’fhreastail sé ar Choláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh an bhliain dár gcionn. In 1906 freisin bhí sé ar na chéad ollúna a ceapadh i gColáiste Uladh i gCloich Cheannfhaolaidh. Bhí baint aige leis an gColáiste go dtí deireadh a shaoil, mar ollamh, mar rúnaí ar feadh scór bliain, agus mar uachtarán ó 1951 ar aghaidh. Ag Oireachtas 1956 bhuaigh sé duais ar stair an choláiste a scríobh. Chuir Bearnard Ó Dubhthaigh an abairt seo as an stair sin i gcló ina aiste ar Shéamus (Feasta, Feabhra 1966): ‘Thug an Dr Ó Dálaigh [B2] galar na foghraíochta agus thug Seán Ó Catháin[B1] galar an Mhodha Dhírigh do Shéamus Ó Searcaigh agus bhíodh mic léinn bhochta céasta aige leis an dá ábhar’. D’fhág na teagmhálacha luatha sin aige le Muimhnigh agus le Connachtaigh go raibh meas aige ar na canúintí go léir.

Ó 1907 amach ba é a bhí ag soláthar míreanna nuachta do An Claidheamh Soluis faoin teideal ‘Ó Chúige Uladh’.

Deirtear gurbh é ba thúisce, b’fhéidir, a mhisnigh Séamus Ó Grianna [B2] chun dul le scríbhneoireacht nuair a d’fhoilsigh sé scéal a fuair sé uaidh sa dara heagrán de Cloich Cheannfhaolaidh.

Ghlac sé le tairiscint ó Sheán Ó Catháin chun bheith ina ollamh i gColáiste Chomhghaill i mBéal Feirste agus chuir sin ar a chumas freastal a dhéanamh ar Ollscoil na Ríona. Bhí an máithreánach déanta aige, agus bhí an Fhraincis foghlamtha aige i bPáras, mar a raibh aint aige sna mná rialta. B’in í an Mháthair Godric Ní Dhomhnaill de Ord N.Seosamh Cluny, bean ar bronnadh an Legion d’Honneur uirthi mar gheall ar a cuid oibre in Institiúid Pasteur.

Tar éis dó BA a fháil in 1914 scríobh sé tráchtas ar Ghaeilge Chúige Uladh le haghaidh MA agus foilsíodh é mar Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (1923). Ní hé an chuid is lú dá thábhacht na samplaí go leor atá ann den Ghaeilge a chuala Séamus á labhairt anseo is ansiud ar fud an chúige. Óna mháthair féin a fuair sé na samplaí de chanúint na Rosann.

Faoi Aibreán 1911 bhí sé ina bhall de Choiste Stiúrtha Choláiste Chomhghaill.

In 1919 fostaíodh é mar mhúinteoir i gColáiste Mhaolmhaodhóg, Béal Feirste. D’aistrigh sé go Coláiste Thír an Iúir 1929 agus bhí mar ollamh i gColáiste Laighean freisin go 1942. Fuair sé dochtúireacht 1932 agus ó 1933 go 1955 bhí sé ina léachtóir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ó 1943 go 1957 bhí sé ag múineadh Breatnaise agus Sean-Ghaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad.

Bhí cónaí air i ‘Glenstal’, Carraig an tSionnaigh, Co. Bhaile Átha Cliath. D’éag sé 8 Aibreán 1965. Bhí sé pósta le Mary Agnes Cassidy ó Dhroim Bairr in aice le baile Dhún na nGall agus bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu.

Is iad na leabhair eile a scríobh sé: Cloich Cheannfhaolaidh (1908) agus eagrán nua dar teideal Cloich Cheannfhaolaidh agus scéaltaí eile in 1911; Faire Phaidí Mhóir (1914); Cú na gcleas agus sgéalta eile (1914) (scéalta Rúraíochta i bpáirt le Íde Nic Néill); Ceol na n-éan agus scéaltaí eile (1919) (scéalta a scríobh sé féin agus Íde Nic Néill síos); Fios feasa I-IV (1931); Nua-sgríbhneoirí na Gaedhilge (1933); Pádraig Mac Piarais (1938); Comhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt (1939); Buaidh na tuigse (1940); Scéaltaí as an tsean-litridheacht (1945); Beatha Cholm Cille (1967). Thug an tAthair Aodh Mac Cnáimhsí léacht ar a shaol is a shaothar ar Raidió na Gaeltachta agus tá sé i gcló in Scríbhneoireacht na gConallach (1990), in eagar ag Nollaig Mac Congáil.

Ba dheartháir le Séamus an scríbhneoir Eoin Ó Searcaigh, duine d’eagarthóirí an Ghúim, a d’éag 17 Meán Fómhair 1963.