Ó LÓCHÁIN, Micheál (1836–1899) Micheál Ó LÓCHÁIN 1836 1899 Currach an Doire, Co. na Gaillimhe M foilsitheoir eagarthóir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In 1872 chuir sé rang Gaeilge ar siúl in Brooklyn, Nua-Eabhrac. ‘B’í sin an chéad iarracht ar chaomhnadh na Gaeilge thall agus is uaidh a d’eascair obair na Gaeilge trí chéile i Meiriceá’, a deir Breandán Ó Buachalla in Go Meiriceá siar ... (1979), in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin.

I gCurrach an Doire, Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 29 Meán Fómhair 1836. Feirmeoir ba ea a athair. De mhuintir Oisín i nGarraí Mór an tSléibhe, Co. Mhaigh Eo, an mháthair. Deir Fionnuala Uí Fhlannagáin in Micheál Ó Lócháin agus ‘An Gaodhal’ (1990) gurbh é ‘Logan’ an leagan Béarla den sloinne a roghnaigh sé cé gur dóigh gur ‘Lohan’ a d’usáideadh a athair. Is é tuairim Fhionnuala gur i gceann de scoileanna neamhspleácha Sheáin Mhic Héil a fuair sé a chuid oideachais. Tá fianaise go leor ann go raibh an Ghaeilge aige ón gcliabhán. Ba é An Teagasg Críosdaigh (1839) le Seán Mac Héil an chéad leabhar Gaeilge a leigh sé agus is léir ar a scríobhadh sé in An Gaodhal go raibh meas an domhain aige ar an ardeaspag agus drochmheas dá réir aige ar a chomharba, Mac an Mhílidh.

Níl a fhios cad a bhí ar siúl aige in Éirinn ó 1854, nuair a d’fhág sé scoil, go 1870 nuair a fuair sé a chéad phost i Meiriceá. Bhí an luathscríbhneoireacht ar eolas aige (an córas a chuir Isaac Pitman os comhair an tsaoil in 1837, ní foláir) chomh luath le 1854 agus b’fhéidir go raibh sé ina thuairisceoir. Le múinteoireacht a chuaigh sé i Meiriceá agus faoi 1872 bhí sé ina phríomhoide i scoil ‘Our Lady of Victory’ in Brooklyn. Tuairim 1878 thosaigh sé ag obair go lánaimseartha mar ghníomhaire eastáit réadaigh. Bhí sé pósta agus iníon amháin ar a laghad aige. Fuair sise bás go hóg. Níor éirigh leis riamh teacht abhaile ar cuairt. Bhí a leithéid á beartú aige in 1898 chun Éirí Amach ’98 a chomóradh ach ansin bhris an cogadh idir an Spáinn agus Meiriceá amach. Ní raibh aon choinne lena bhás 10 Eanáir 1899.

San Irish World 25 Bealtaine 1872 mhol sé go mbeadh rang Gaeilge i seomraí gach cumainn Éireannaigh sna Stáit. I bhfómhar na bliana céanna chuir sé rang do dhaoine fásta ar bun ina scoil féin. Bunaíodh an chéad ‘Philo-Celtic Society’ i mBostún i mBealtaine 1873. Ag deireadh na bliana dár gcionn bhunaigh an Lóchánach agus a chairde cumann den chineál agus den ainm céanna in Brooklyn. I rith an 12 bliana as sin go 1886 bunaíodh 54 de na cumainn seo ar fud na Stát. Caomhnú na teanga labhartha a bhí mar aidhm ag cumann Brooklyn. Nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge i Meiriceá in 1898 ba é Micheál Ó Lócháin a ceapadh ina rúnaí.

Faoi choimirce chumann Brooklyn a bhunaigh an Lóchánach An Gaodhal: leabharaithris míosamhail, tabhartha chum an teanga Ghaedhilge a chosnadh agus a shaorthughadh agus chum féin-riaghla Cinidh na hÉireann i mí Dheireadh Fómhair 1881. Bhí sé ina eagarthóir air go deireadh 1898. ‘For the first time in the history of the Irish Nation a newspaper is printed in its language and character’, a mhaígh sé sa chéad uimhir. Bhí fiacha ag an gclódóir orthu i ndiaidh trí uimhir agus is é a bheartaigh an Lóchánach an chlódóireacht a fhoghlaim i dtreo nach mbeadh costas mór ag baint leis an iris a fhoilsiú. Tá cuntas ar a dhúthrachtaí a dhéanadh sé an obair, ar an ábhar a d’fhoilsíodh sé, agus ar na haighnis a mbíodh sé sáite iontu ag Fionnuala Uí Fhlannagáin agus in Go Meiriceá siar, ag Proinsias Mac Aonghusa. Breandán Ó Buachalla agus Liam Ó Dochartaigh. I bhfad sula raibh aon chaint ar Chonradh na Gaeilge bhí an t-ainm ‘The Gaelic League’ aige ar chúrsa poist chun léitheoirí a chur a fhoghlaim na teanga.

Ní foláir nó bhí spéis mhór ag an Lóchánach i gcúrsaí na teanga sular fhág sé Éire ach is róchosúil gurbh é is mó a spreag chun gnímh i Meiriceá é ná drochiompar na n-imirceach agus an gá a bhí acu le mórtas cine. Tá aiste ina thaobh ag Pádraig Ó Cléirigh in Rosc, Iúil-Lúnasa 1973.