DE BUITLÉAR, Éamon Óg (1930–2013) Éamon Óg De Buitléar 1930 2013 Gaillimh, Co. na Gaillimhe M polaiteoir scannánóir craoltóir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ar 22 Eanáir 1930 i gcathair na Gaillimhe a rugadh Éamon Óg de Buitléar, tharla gur sa chathair sin a bhí a athair Éamon (1902–1981) [q.v.] i gceannas ar an gCéad Chath d’Arm na hÉireann. Seans go raibh baint ag áit sin a bhreithe leis an gcomaoin mhór a chuir sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in 2012 nuair is dóibh a thug sé an bailiúchán luachmhar sin dá scannáin agus dá scríbhinní.

Chomh maith le hÉamon Óg bhí triúr mac eile agus triúr iníonacha ag sean-Éamon agus a bhean chéile, Nóra Ní Bhriain ón bPasáiste i gCo. Phort Láirge. Ba é Éamon Óg an dara duine sa chlann. Cheannaigh an t-athair an teach ‘Hillsbrook’ cois abhainn na Deargaile i mBré. Ceapadh eisean ina aide-de-camp ag Dubhghlas de hÍde [q.v.], Uachtarán na hÉireann, in 1938 agus ba mhinic a chuireadh de hÍde fáilte roimh Éamon Óg féin go hÁras an Uachtaráin. I ndiaidh tamaill i scoileanna príobháideacha, ‘St Brigid’s’ i mBré agus ‘Willow Park’, cuireadh meánoideachas air i gColáiste na Carraige Duibhe, Co. Bhaile Átha Cliath.

An Ghaeilge an teanga a chleachtadh a mhuintir cois teallaigh ach tháinig sé go mór faoi thionchar mhuintir Chúil Aodha i gCorcaigh go luath ina shaol agus é ar saoire ann lena athair. Agus bhí tionchar mór air ina óige ag an teach sin cois abhann, mar is ann a d’fhoghlaim sé cuid mhór faoin dúlra agus faoin iascaireacht. Níorbh aon ionadh é go bhfuair sé post ar ball in Garnett agus Keegans, siopa mór maidir le fearas iascaireachta. Bhí cáil ar cheannasaí an tsiopa sin, J.R. Harris, mar fheithideolaí. Bhaineadh Éamon pléisiúr as bheith ag comhrá le custaiméirí ann mar Cholm Ó Lochlainn [q.v.], ceoltóir agus scoláire, agus leis an mBreitheamh T.C. Kingsmill Moore (1893–1979), údar an leabhair A man may fish (1979).

Le Gaeilge a tógadh Éamon ach ba bheag deis a bhí aige í a labhairt lena chomhaoisigh. Sin é an fáth ar thosaigh sé ag dul gach seachtain go dtí an Réalt, brainse Gaelach de Léigiún Mhuire i mBré, agus go dtí Conradh na Gaeilge ar ball. Gairid ina dhiaidh sin a thug sé a chéad chuairt ar Chonamara. Bhain sé tairbhe as an saoire cé nach go rómhaith a d’éirigh leis ar dtús dul i dtaithí ar Ghaeilge an cheantair. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur thug sé cuairt arís ar Ghaeltacht na Gaillimhe, é ar an ‘ordóg’ an uair seo. Chodail sé féin agus compánach leis ar bhinsí i mBóthar na Trá agus ar a cúig ar maidin shiúil siad go dtí an Cnoc go bhfuair lóistín cúpla oíche ann.

Imreoir maith rugbaí ab ea é agus chaith sé tamall agus é ina fhear óg ag imirt i roinn ‘A’ d’fhoireann Choláiste na Carraige Duibhe mar húcálaí. B’éigean dó éirí as nuair a gortaíodh a ghualainn. D’imir a dheartháir Lochlann (d’éag 1995), dála an scéil, ar fhoireann rugbaí na hÉireann. Tuairim an ama chéanna sin is maith a bhí Éamon in ann druma a bhualadh agus é i mbuíon Phíobairí Naomh Caoimhín, Bré, agus ina dhiaidh sin i mbanna píobairí Dheilginse. Bhí deis aige eolas a chur ar cheol na Briotáine nuair a chuir Yann Renard-Goulet [faoi Goulet in Dictionary of Irish Biography, 2009], ealaíontóir, faoi i mBré tuairim 1947.

Ba mhinic Éamon ag freastal ar rincí céilí in Óstán de Barra, Baile Átha Cliath, sna 1950idí. An oíche áirithe seo ann is ar chailín darb ainm Laillí Lamb a bhí a aird dírithe. Bhí Cáit Bhreathnach, ar chara le hÉamon a deartháir Diarmuid, tar éis saoire sa Cheathrú Rua agus bhí aithne curtha aici ar Laillí, rud a d’éascaigh ag Éamon aithne a chur uirthi. Bhí an cailín seo tagtha ón gCeathrú Rua chun bainistíocht óstáin a fhoghlaim ar Shráid Chathail Bhrugha.

Tuairim an ama sin d’aistrigh Éamon ó Garnett agus Keegans, siopa a thaithíodh iascairí slaite, go dtí Kevin Hilton agus a Chomhlacht, ach ba ghairid gur tuigeadh dó nach mbeadh aon bhaint ag an bpost seo le haon ní a raibh taithí aige air. Chaith sé tamall ansin in oifig aturnae agus ina dhiaidh sin bhí post aige i monarcha ‘Famor Biscuits’ i Seantrabh agus bhíodh air an taisteal sin ó Bhré a dhéanamh sé lá na seachtaine. Bhí post eile ina dhiaidh sin aige, é ag taisteal na tíre i mionbhus ag iarraidh meaisíní níocháin a dhíol. Bhí sé tite i ngrá le Laillí faoin am seo agus bhí sí curtha in aithne aige dá mhuintir féin in ‘Hillsbrook’.

Gach oíche Shathairn thaithíodh Éamon Club na bPíobairí ar Shráid Thomáis agus chuir aithne ann ar an veidhleadóir Tommy Potts, ar an gCláiríneach John Kelly, veidhleadóir, agus ar phíobairí uilleann mar Tommy Reck agus Leo Rowsome. Gaeilgeoirí mar Éamon a raibh dúil acu sna hamhráin Ghaeilge is amhlaidh a thaithídís Claisceadal amhránaíochta Sheáin Óig Uí Thuama [q.v.] gach tráthnóna Sathairn in Acadamh Ríoga an Cheoil i Rae an Iarthair. Múinteoir den scoth ab ea an Seán Óg sin. D’fhág sin go raibh Éamon chun tosaigh maidir le foinn mhalla ar mhórán de cheoltóirí traidisiúnta a linne. Bhí sé ina bhall tamall de bhanna céilí Loch Gamhna.

Bhí Éamon ábhairín faiteach nuair a thug Laillí cuireadh dó chun bualadh lena tuismitheoirí sa Cheathrú Rua. Charles Lamb, péintéir mórcháiliúil, a hathair. Bhí seisean cúthaileach ach cairdiúil, tharla dúil aige féin agus ag Éamon araon in iascaireacht na mbreac. Bean iontach í máthair Laillí, Sasanach de shliocht Ford Madox Ford. Ábhar comhrá aici féin agus ag Éamon an oíche sin ab ea an grúpa ceoil a bhí bunaithe aici d’óige na Ceathrún Rua. Gheofar cuntas ar an lánúin sin Lamb in Dictionary of Irish Biography (2009). Tar éis a bpósta shocraigh Éamon agus Laillí síos i dteach a bhí gairid go maith do theach úd ‘Hillsbrook’ ach d’aistrigh go Deilgne ar ball. Beirt mhac agus triúr iníonacha a rugadh dóibh.

An taithí oibre is mó a bhí ag Éamon ba sa nádúr agus san iascaireacht é agus le cúram a dhéanamh d’ainmhithe beaga. Bhí siopa dá chuid féin aige ar ball. Ar díol aige ann bhí canáraithe agus pearaicití, fearas iascaireachta slat - chomh maith le pomaeraigh aibisíneacha, nathracha nimhe agus luchóga! Marach an siopa sin aige tamall, seans nach gcuirfeadh sé aithne chomh luath sin ina shaol ar Gerrit Van Gelderen, fear a raibh páirt mhór aige ar ball i ngnó scannánaíochta Éamoin, ná go deimhin ar Sheán Ó Riada [q.v.]. Custaiméirí aige sa siopa an bheirt acu.

Ó na 1960idí ar aghaidh bhí cáil náisiúnta á thuilleamh ag Éamon mar nádúraí agus mar chraoltóir raidió agus teilifíse. B’fhéidir a rá gurbh é an clár teilifíse Amuigh faoin Spéir i dtús na 1960idí a chuir a ainm i mbéal phobal na hÉireann. Agus ba é faoi deara an chéad chartún le haghaidh páistí, Lúidín Mac Lú Leipreachán. Clár raidió in 1961 ba ea é i dtosach báire. Ghnóthaigh a chlár teilifíse Cois Farraige leis an Madra Uisce Duais Jacob in 1986. Thuill na cláir sin aige cáil air mar an té ba mhó riamh in Éirinn maidir le scannánaíocht i dtaobh an dúlra. Níorbh ionadh gur ceapadh é ina sheanadóir in 1987. Timpeall an ama chéanna sin a ceapadh é ina bhall den Chomhairle Oidhreachta. Chomh deireanach le 1996 bhí páirt mhór aige sa tsraith Wild Islands, clár de chuid S4C International and Scottish Television Enterprises. Ach ba róliosta le lua na cláir go léir a rinne sé nó a raibh páirt shuntasach aige iontu. In 2005 cheap an rialtas é ina bhall den Phríomh-Bhord Iascaigh.

Scéal mór i saol Éamoin an ceol. Sin agus na hamhráin agus gan amhras a fheabhas a bhí Gaeilge aige - agus gan dabht a shoilbhire a bhí a phearsantacht – sin iad a shaor é ón éiginnteacht a ghabh le slí mhaireachtála sin a óige. Gan amhras bhí an t-ádh ar an Riadach gur casadh Éamon air a luaithe a chuir sé faoi i mBaile Atha Cliath. In Seán Ó Riada: a shaol agus a shaothar (1993) le Tomás Ó Canainn agus Gearóid Mac an Bhua [Gerard Victoryq.v.] gheofar deimhniú ar a mhéid a bhí an Riadach faoi chomaoin aige. Éamon a chuir scoth na gceoltóirí in aithne dó - Seán Potts, Paddy Moloney, Seán Keane, John Egan, Martin Fay, Mary Bergin agus a leithéidí i gCeoltóirí Chualann, nó i gCeoltóirí Laighean ar ball, agus cuimhnítear go háirithe ar a gclár raidió Rachmas Ceoil. Chomh maith lena eolas ar cheol na hÉireann thug Éamon leis isteach i ngnó an cheoil an uair sin an taithí sin a bhí aige ar chúrsaí gnó i gcoitinne.

Gheofar dírbheathaisnéis iomlán Éamoin in A life in the wild (2004). Is cur síos é scéal sin a bheatha ar chaomhnú na tuaithe, ar ár bportaigh a bheith á gcur ar lámh shábhála, agus ar aiséirí cheol na hÉireann ó na 1960idí amach. Bhí an dá ruaim ar a shlat aige: an ceol agus caomhnú na timpeallachta. Níorbh aon ionadh é gur bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann dochtúireacht oinigh (D.Sc.) air in 1991. D’éag sé ar 28 Eanáir 2013. Tá sé curtha i reilig Chill Chomhaid, Co. Chill Mhantáin.

Leabhair Ó Canainn, T. (1993) Seán Ó Riada: a shaol agus a shaothar. Baile Átha Cliath: Columba Press. De Buitléar, E. (2004) A life in the wild. Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan.