Ó BEIRN, Pádraig (1857–1927) Pádraig Ó BEIRN Pádraic 1857 1927 Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall Baile Átha Cliath Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGallMbailitheoir béaloidis [B9]bailitheoir béaloidisDiarmuid BreathnachMáire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge, 1936 áiríonn Muiris Ó Droighneáin [B2]Pádraig Ó Beirn agus an Craoibhín mar phríomhfhilí na tréimhse 1882–1892 nó ‘Ré na dtosaitheoirí’, mar a thugann sé uirthi. ‘Duine de na hamhránaithe is binne atá againn’ a thug Irisleabhar na Gaedhilge air in 1888. Fiú i 1918 bhí Seán Ó hÓgáin[B2] ag cur na ceiste ‘An file is fearr: an é “Pádraic” é?’ (Fáinne an Lae 9 Feabhra 1918).

I Málainn Bhig i nDún na nGall a rugadh é. Ba é an duine ab óige é den naonúr clainne, triúr mac agus seisear iníonacha, a bhí ag Pádraig Mór Ó Beirn agus Máire Nic Fhionnlaoich. ‘O’Byrne’ an leagan Béarla den sloinne a d’úsáideadh siad.

D’fhreastail sé ar an scoil áitiúil mar a raibh Seán Mac a Bhaird[q.v.] ina mháistir. Phós seisean deirfiúr le Pádraig agus nuair a tugadh scoil i bparóiste na gCealla dósan lean Pádraig ann é. Chaith sé trí bliana ina mhonatóir ann, bliain eile i Scoil Mhín an Bhealaigh, agus ansin dhá bhliain i Scoil Naomh Máire i mBéal Feirste. Nuair a thug sé cuairt ar chraobh den Chonradh ann 6 Deireadh Fómhair 1897 tuairiscíodh go ndúirt sé gurbh i mBéal Feirste, ón Athair Ó Maolchatha. Baile na Faiche, Co. an Dúin, ba thúisce a fuair sé eolas ar litríocht na Gaeilge. Is dealrach gurbh é seo an Déiseach, Dáibhí Brian Ó Maolchatha, sagart paróiste Mhaigh Airgid, ball de chomhairle Aontacht na Gaeilge, a d’éag 21 Deireadh Fómhair 1897. Cláraíodh Craobh an Athar Dáibhí Ó Maolchatha, Béal Feirste, ag cruinniu de Choiste Gnó an Chonartha 18 Márta 1902.

In 1879 thug Pádraig a aghaidh ar Nua-Eabhrac agus fuair post cuntasóra/rúnaí i siopa línéadaitheora ar le beirt as Cill Charthaigh, Dún na nGall, é. Cheangail sé leis na cumainn Éireannacha sa chathair agus go háirithe leis an Literary Club. Bhíodh sé ag freastal ar scoil Ghaeilge san oíche. Bhíodh dánta agus aistí próis aige in An Gaodhal ó 1882 amach. ‘Pádraic’ an t-ainm cleite a bhí aige ar feadh i bhfad. Scríobhadh sé freisin don Irish World, Boston Pilot, San Francisco Leader, Gaelic American ... agus do na hirisí Gaeilge agus náisiúnta in Éirinn. Chum sé marbhna ar an nGinearál U.S.Grant (d’éag 1885) agus deirtear gurbh é an chéad phíosa Gaeilge é dár cuireadh i gcló sa New York Times (Feic ‘An Irishwoman’s diary’ le Candida san Irish Times 20 Márta 1978). Bhí sé ina bhall de chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1891 agus an seoladh 156 Bowery, Nua-Eabhrac, aige.

Bhailigh Seán Mac a Bhaird dán agus fiche dá dhéantus faoin teideal Leabhar filidheachta fa choinne na scol, 1909. Bhíodh Pádraig ag bailiú dánta, scéalta agus seanfhocal ó shean-Ghaeilgeoirí i Nua-Eabhrac. Bhí aithne aige ar Éireannaigh mhóra na tréimhse sin thall agus bhí sé ina bhall den choiste a d’eagraigh an fháilte a chuir na Fíníní roimh Pharnell. I Meán Fómhair 1897 d’fhill sé abhaile. D’fháiltigh Ard-Chraobh an Chonartha roimhe ar 24ú den mhí sin agus chuir sé síos dóibh ar staid na gluaiseachta i Meiriceá. Bhí cuid mhaith de phríomhphearsana an Chonartha ag dinnéar speisialta san Óstán Clarence ina onóir. Chuir sé siopa ar bun sna Cealla Beaga. Bhí gnó ceantálaí aige ann freisin agus sin í an tslí bheatha a luaitear sa teastas báis.

Thug sé tacaíocht do Chonradh na Gaeilge ina chontae dúchais, cé go luaitear freisin go dtugadh sé cúnamh don Easpag Pádraig Ó Domhnaill[B2] chun a Fheis neamhspleách a eagrú agus go scríobhadh se Óid na Feise gach bliain. D’éag sé in ospidéal Mater i mBaile Átha Cliath 17 Bealtaine 1927 agus tá sé curtha i nGleann Cholm Cille.

‘Mo phíopa gairid donn’ an dán dá dhéantús is minice a luaitear. Bhí aiste fhada ar a shaol ag Liam Ó Cuinneagáin in Inniu 3 Márta 1978. An tseachtain dár gcionn thug an scribhneoir sin beagán eolais ar dheartháir Phádraig, Micheál, a scríobhadh véarsaí Béarla. Tá caibidil dar teideal ‘Pádraig Ó Beirn: fear a d’fhill’ i dtaobh a shaoil agus a shaothair ag Breandán Ó Conaire in Go Meiriceá siar: na Gaeil agus Meiriceá: cnuasach aistí, 1979 in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin.