MAC CNÁIMHSÍ, Breandán (1921–2011) Breandán MAC CNÁIMHSÍ 1921 2011 Na hArdaí Beaga, Co. Dhún na nGall M Coláiste Ullmhúcháin Chaoimhín, Baile Átha Cliath Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath múinteoir léitheoir nuachta aistritheoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba Phríomh-Aistritheoir i nDáil Éireann é. Ar 9 Bealtaine 1921 a rugadh é sna hArdaí Beaga, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall. Bhí sé ar dhuine den trí dhuine déag clainne a bhí ag Pádraig Mac Cnáimhsí, múinteoir náisiúnta, agus a bhean Sorcha Ní Dhochartaigh. D’éag ceathrar díobh go hóg agus d’éag a leathchúpla dearthár, Caoimhín, in 1986. I gColáiste Ullmhúcháin Chaoimhín i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath, a cuireadh meánoideachas air féin agus ar Chaoimhín agus cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí an chéad phost aige i gCúil Dabhcha, Co. Dhún na nGall, agus is ann a chuir sé aithne ar a bhean, Gertrude Ní Choigligh. D’aistrigh sé go dtí Scoil Fhionnbharra, an Chabrach, Baile Átha Cliath. Sna 1950idí bhí sé ar dhuine de chainteoirí dúchais Thír Chonaill a léadh an nuacht Ghaeilge gach tríú seachtain ar Radió Éireann. Léadh sé an nuacht Ghaeilge ar Thelefís Éireann sna 1960idí luatha. Tamall ina dhiaidh sin fostaíodh é mar aistritheoir lánaimseartha i nDáil Éireann agus in 1972 bhí sé ar dhuine d’fhoireann Rannóg an Aistriúcháin a bhí ag aistriú téacsanna na gconarthaí Eorpacha sin a bhain le bunú na gComhphobal Eorpach. Ar na téacsanna Béarla agus Fraincise a bunaíodh na haistriúcháin sin a raibh 1,500 leathanach de théacs iontu agus an teanga casta agus teicniúil go maith iontu. D’fhan bród air faoina mhéid a chuir na haistriúcháin sin le cumas na Gaeilge i gcúrsaí dlí agus maidir le stádas an Chaighdeáin Oifigiúil. Gabhadh buíochas leis in Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977) faoin gcabhair a thug sé sa tionscadal mór sin.

I gcló uaidh tá ‘Arranmore Island in the Great Famine, 1846-'48’ in Donegal Annual (1973), agus ‘The Great Famine in the Rosses’ in uimhir a seacht den iris sin in 1995. In Journal of the Co. Louth Archaeological Society (1968), bhí cuntas soléite aige ar an bhfile Nioclás Ó Cearnaigh (c1802-c1865)[q.v.]. Bhí dúil aige sa gharraíodóireacht agus dhéanadh obair charthanachta do Chumann Naomh Uinseann de Pól. D’éag sé ar 2 Deireadh Fómhair 2011. D’fhan beo ina dhiaidh a bhean chéile, a thriúr iníonacha agus a bheirt mhac.