Ó MURCHADHA, Diarmuid (1928–2011) Diarmuid Ó MURCHADHA 1928 2011 Bun an Tábhairne, Co. Chorcaí M Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath eagarthóir scríbhneoir múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Scríbhneoir Gaeilge, scoláire agus staraí. I mBun an Tábhairne, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 28 Bealtaine 1928. ‘Jerome Patrick’ a baisteadh air agus ba iad a thuismitheoirí James Murphy, bunmhúinteoir, agus Mary Ann Twomey. Gan aon amhras is mar ‘Jerome’ agus ‘Jeremiah’ a dhéanadh sagairt na seanaimsire galldú ar an ainm sin ‘Diarmuid.’ Is i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, a cháiligh sé mar bhunmhúinteoir. Bhí sé ag múineadh anseo is ansiúd go bhfuair sé post i scoil Bhun an Tábhairne tuairim 1955–56. Bhí a athair ina ardmháistir sa scoil chéanna, post a bhí ag Diarmuid ar ball.

Seans gurbh é an chéad phíosa próis dá chuid a foilsíodh an gearrscéal ‘Na Trí Nómaití’ in Feasta, Nollaig 1951. A shuim san iománaíocht a bhrostaigh é chun Buachaillí Báire (1959) a scríobh le haghaidh Chlub Leabhar na nÓg. Leabhar Gaeilge eile leis is ea Liam de Róiste (1976), beathaisnéis duine a raibh tábhacht mhór ag baint leis i stair chathair Chorcaí ó 1913 amach. An cuntas ar an Róisteach in Beathaisnéis tá sé bunaithe ar an leathaneolas sa leabhar sin. Leabhair eile leis is ea: History of Crosshaven (1967); agus scata leabhar i rith na tréimhse ó 1967 go 1984 i dtaobh gnéithe de shaol Bhun an Tábhairne: History of Crosshaven and the parish of Templebreedy (1967); Poems and ballads of Crosshaven (1970); Poems and ballads of Carrigaline (1974); The GAA in Crosshaven 1880–1984 (1984). Faoi dhó, in 1995 agus arís in 2007, bhronn Club Chumann Lúthchleas Gael Bhun an Tábhairne an gradam ‘Hall of Fame’ air.

Ach b’fhéidir gur suaithinsí fós an saothar scolártha a rinne sé: na haistí go léir in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, Dinnseanchas, Ainm (mar a raibh an tsraith ‘Reconsiderations’ aige ar áitainmneacha sna hAnnála), An Sagart, Éigse, Peritia agus irisleabhair léannta eile. Bhí sé ina eagarthóir ar Journal úd Chorcaí ar feadh beagnach fiche bliain (1981–99). Eisean a réitigh innéacs na n-ainmneacha in Annála Thighearnaigh do Chumann na Scríbheann nGaeilge in 1997, agus chuir sé an dán meánaoiseach ‘Fiannaíochta Lige Guill / The Grave of Goll’ in eagar don Chumann céanna sa bhliain 2009. In éineacht leis na scoláirí Pádraig Ó Riain agus Kevin Murray bhí páirt mhór aige ó 2003 go 2011 sna ceithre fhascúil den Historical dictionary of Gaelic placenames/Foclóir stairiúil áitainmneacha Gaeilge. An aidhm atá leis an tionscnamh sin ná go mbeadh saothar údarásach faoinár logainmneacha le cur in áit Onomasticon Goedelicum leis an Athair Éamonn Ó hÓgáin a foilsíodh chomh fada siar le 1910. Ba é a sholáthair iontrálacha in DIB ar John Bernard MacCarthy (1888–1979), údar agus drámadóir a rugadh i mBun an Tábhairne, agus ar Tigernach Ua Bráein, ab agus scoláire Chluain Mhic Nóis (a d’éag sa bhliain 1088).

Leabhar léannta eile leis is ea Family names of County Cork (1996) (an dara heagrán), arb é atá ann aistí ar na sloinnte is tábhachtaí i stair an chontae sin. Níorbh aon ionadh é gur foilsíodh in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society 113, 2009 aistí in ómós do Dhiarmuid ar ócáid a ochtódú bliain. Bhronn Ollscoil na hÉireann céim dochtúra oinigh air in 1984. Bhí sé pósta ar Marie Teresa Kennedy agus rugadh cúigear dóibh, triúr cailíní agus beirt bhuachaillí. D’éag sé ar 16 Lúnasa 2011.