Ó SÉ, Liam (1921–2010) Liam Ó SÉ 1921 2010 Co. Bhaile Átha Cliath M Coláiste Fhlannáin, Inis, Co. an Chláir An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath dochtúir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

An dochtúir seo a scríobh Lámhleabhar don lucht leighis, (1978) (an tríú heagrán, 2000) agus Crannóga: an epidemiological approach to the Gaeltacht (2000). Bhí alt ‘The Irish language revival: Achilles heel’ i gcló aige in Éire-Ireland 1965-66 (Iml.1, Uimh.1). Ó 1958 ar aghaidh bhí aistí aige in The Journal of the Irish Medical Association. In Irish Journal of Medical Science, Feb. 1971, Vol. 140 (No. 2), bhí i gcló aige ‘Care of the aged in Denmark and Sweden.’ Tar éis do Chomhairle na hEorpa comhaltacht taistil a bhronnadh air chaith sé sé mhí i mbun taighde ar an ábhar sin sa Danmhairg agus sa tSualainn. D’iarr an American College of Gerontology achoimre air le cur i gcló ina n-iris féin.

Ba é Príomhoifigeach Sláinte Chontae Mhaigh Eo é ó 1967. In 1968 bhí sé ar bhunaitheoirí Acadamh na Lianna, cumann a bhfuil baill ann ón uile bhrainse den lucht leighis. Is leis is túisce a rith sé a leithéid a bhunú. Pádraig Ó Mathúna, poitigéir i gCaiseal, bunaitheoir na féile Dúchas in 1983, a thacaigh leis, san obair théisclimeach go háirithe. Bhí céad ball acu ann faoi 2010. Is chun deis díospóireachta a thabhairt don lucht leighis trí chruinnithe i nGaeilge a eagrú a bunaíodh an tAcadamh. Bhí aidhmeanna eile acu, ina measc, cumas sa Ghaeilge a thabhairt do dhochtúirí Gaeltachta, foclóir téarmaíochta leighis a chur ar fáil, caidreamh a shnaidhmeadh idir dochtúirí Gaeltachta . Ba é Liam a sheol Acta Medica Gadelica (nach maireann), foilseachán an Acadaimh, agus ba é féin an t-eagarthóir.

I mBaile Átha Cliath a rugadh Liam ar 29 Nollaig 1921 agus ba iad a thuismitheoirí William O’Shea, mac feirmeora in iardheisceart an Chláir, agus Anne Marie Kett ó Chill Rois sa cheantar céanna. Seacht gcéad acra a bhí ag muintir a mháthar tráth san Fhairche, Co. an Chláir. Ba é Liam an dara mac acu. Bhí cáilithe mar iniúchóir ag William O’Shea ach fuair sé bás den eitinn in aois a 35 bliana dó ar 6 Meán Fómhair 1923 ag 4 Ardán Chonnacht, Ascaill Garville, Ráth Garbh, Baile Átha Cliath. Is ina státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais nuabhunaithe a bhí sé ag an am sin. Go gairid i ndiaidh a bháis thug Anne Marie a beirt pháistí léi go Cill Rois. Ba iníon í siúd le Seosamh Ó Ceit (c.1843–1917), siopadóir, tábhairneoir, Fínín agus Parnellíteach, sa bhaile sin, é ina rúnaí áitiúil ann ag Conradh na Talún. Tá an tagairt seo dó ag Peadar Ó hAnnracháin (q.v.) in Fé bhrat an Chonnartha (1944) agus é ag tagairt don bhliain 1903:

Istigh i gCill Rois chonnac ceann breá [lámhscríbhinn, ar laoithe Fiannaíochta is mó a bhí ann] ag Seosamh Ó Ceit, siopadóir ábalta, agus cainteoir blasta Gaeilge. Mheallas uaidh ar iasacht ar feadh sealaid í. Ní fhéadfaí buachtaint ar an scríbhneoireacht.

Mícheál Ó hAnnracháin (q.v.), Cill Rois, a chóipeáil an lámhscríbhinn sin in 1858. Col ceathrar ba ea an siopadóir sin, a dtugtaí ‘Joe Beag’ air, le Seosamh T. Ó Ceit (q.v.), scríbhneoir san Fhairche. Bhí Joe Beag pósta le Jane Blood-O’Donnell a bhí síolraithe ón gCoirnéal Thomas Blood (c.1617–1680) a bhfuil cuntas air in DIB.

Go fóill maireann cáil ar athair Joe Beag, Seosamh (‘Joe Críonna’) Ó Ceit (c.1792–1875), mar bhailitheoir lámhscríbhinní. Bhí sé pósta ar neacht le Peadar Ó Conaill (q.v.), foclóirí, agus bhí Eoghan Ó Comhraí[q.v.] ar scoil ag a athair. Thabharfá leat as litir a scríobh Micheál Ó Súilleabhain, Cill Rois, garmhac le hEoghan Rua Ó Súilleabháin (q.v.), chuig Seán Ó Dálaigh (q.v.) ar 26 Lúnasa 1844 go gcaitheadh Joe Críonna go fial le scoláirí: ‘I have been speaking to Mr Kett… he has kindly promised me the contents of his collection and also the lone [sic] of what you may select…’ (i gcló in Seán Ó Dálaigh: éigse agus iomarbhá (Ó Drisceoil 2007). Gheofar gearrchuntas ar Joe Críonna agus a chuid lámhscríbhinní ag Eilís Ní Dheá in Clare: history and society (Lynch & Nugent 2008). In Eoghan Ó Comhraí: saol agus saothar (Ó Fiannachta 1995), tá an méid seo ag Ní Dheá (‘Ár n-oidhreacht lámhscríbhinní ó Dhún Átha thiar’):

Fós féin i gCill Chaoi, bhí muintir Cheit i mbun pinn. Colcheathracha ab ea Eoghan Ó Comhraidhe agus Joe Críonna Ó Ceit a bhí ag cur faoi san Fhairrche. Maireann cnuasach filíochta againn ó láimh Joe Chríonna a bhfuil dán le hEoghan Ó Comhraí ina measc, dán a scríobhadh ina lámh féin.

I nóta a 40 deir sí: ‘Thug an Dr. Liam Ó Sé, B.Á.C., tuairisc na lámhscríbhinní seo dom.’

In The Other Clare, 29 (2005) bhí i gcló ag Liam Ó Sé ‘Gunrunning in 1882’. Tugann sé ann cuntas ar lasta gunnaí a seoladh ó Shasana chuig Michael Glynn J.P. in Inis (mac le Glynn a d’inis seo do mháthair an dochtúra i 1929). Chuaigh beirt bhleachtairí in éineacht leis an lasta ó Shasana. Ní raibh puinn eolais ag Glynn faoin lasta seo ach shíl sé nárbh fholáir nó bhí eolas ina thaobh ag Joe Beag Ó Ceit. D’éirigh i ndeireadh baire leis na Fíníní seilbh a ghlacadh ar an lasta. Bhí Joe Beag i gceannas ar Fhíníní Iarthar an Chláir ag an am. Shíl an Dochtuir Ó Sé nárbh fholáir nó bhí éirí amach beartaithe in 1882 ag na Fíníní. Bhí Joe Crionna Ó Ceit (d’eag 1875) i gceannas ar Fhíníní Oirthear an Chláir.

Cuireadh oideachas ar Liam i gColáiste Fhlannáin, Inis, Co. an Chláir, agus b’fhéidir gurbh ann a adhnadh an spéis mhór a bhí aige san iomáint. Le leigheas a chuaigh sé i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus is léir ar a bhfuil in Crannóga nár leis ab fhaillí é aithne a chur ann ar chuid de scoláirí na haimsire sin. Ach b’fhéidir gurb í an chuid is draíochtúla den leabhar úd an cur síos ann ar an tréimhse ghairid a chaith sé ina dhochtúir sóisearach in Ospidéal an Chontae in Inis. Tá sleachta as in Aistí ar an Nua-Ghaeilge in ómós do Bhreandán Ó Buachalla (Doyle & Ní Laoire 2006). Chuir sé aithne ar othair ar chainteoirí dúchais iad as iarthar an Chláir. Rith an dea-smaoineamh leis iad a thabhairt le chéile i gcúinne ar leith de bharda. Bhí seandaoine eile san ospidéal a bhí imithe as taithí na teanga le tamall de bhlianta agus d’éirigh leis iad sin a thabhairt isteach sa chomhluadar sin. ‘Their tongues quickly regained their old fluency, and within a day or so their Irish was on a par with that of the others.’ Leis an iascaireacht agus an fheirmeoireacht a bhain cuid dá gcomhrá ach deir Ó Sé: ‘In fact, for every day of their stay in hospital, from morning to night, their entire preoccupation – not to say delight – was with and in poetry.’ Ba chuimhin leis gur ligeadh isteach mar othar buachaill óg ar chainteoir dúchais Gaeilge é ‘He was to distinguish himself in later life as the editor and proprietor of a paper serving the Irish in Britain.’ Gan aon amhras ba é seo Breandán Mac Lua (1935–2009), eagarthóir The Irish Post. In 1978 d’aistrigh Liam go Baile Átha Cliath mar stiúrthóir um chúram pobail i mBord Sláinte an Oirthir. Rinneadh comhalta de i nDámh Leighis Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann an bhliain roimhe sin. Níor lig sé a mhaidí le sruth riamh: ba mhinic dréachtaí staire á gcur i láthair aige ag imeachtaí Acadamh Ríoga Leighis na hÉireann agus bhí foclóir leighis á thiomsú aige. Bhí baint aige leis an gcoiste a bhí ag Bord Sláinte an Oirthir chun Gaeilge a chur chun tosaigh, a mhéid agus ab fhéidir, in obair laethúil an bhoird. Bhí baint ghníomhach aige le teach altranais a chur ar fáil i nGaeltacht Chonamara chun dul i gcúram daoine aosta i measc a muintire féin.

Maidir leis an bhfoclóir leighis Béarla-Gaeilge a bhí sé á thiomsú le fada, d’fhreastail sé uair ar chomhdháil i Lucsamburg faoi mhionteangacha agus ar dhianchúrsa seachtaine a d’eagraigh A. Manuela, príomheagarthóir Technical Publications> WHO sa Ghinéiv. Bhí comhfhreagras aige le muintir CIOMS [Council for International Organisations of Medical Sciences atá faoi choimirce WHO agus UNESCO)]. Ba chiallmhaire do Ghaeilgeoirí, dar leis, gan a bheith ag brath rómhór ar thionchar an Bhéarla. Sa treo sin ba chúnamh é taighde a dhéanamh ar mhionteangacha agus gan amhras ar mhórtheangacha eile na hEorpa, agus ar na teangacha clasaiceacha féin maidir le téarmaíocht. Bheadh de thoradh ar a leithéid d’fhoclóir go mbeadh againn teimpléad nó eiseamláir chun déileáil le téarmaíocht i gcoitinne.

Gan amhras níor gan stró a chuir sé Crannóga le chéile agus é anonn go maith in aois. Le galar forleatach nó eipidéimeach a samhlaíodh meath na teanga Gaeilge dó. Bhí cúinsí drochshláinte i gceist: éadóchas, náire, creideamh, leithlis, lagmheas, timpeallacht, néaróis… agus chaithfí dul i ngleic leo chun teacht ar leigheas agus chun go mairfeadh an teanga sa Ghaeltacht agus anseo is ansiúd ar fud Éireann. Sea, samhlaíodh dó gurbh othras a bhí ar an nGaeilge mar theanga phobail agus nárbh fholáir teacht mar sin ar chógais chun é a leigheas. Iarracht sa treo sin is ea Crannóga. Ní foláir nó ritheadh an seanfhocal leis – ‘dá mbeadh a fhios againn bheadh leigheas againn.’ Beirt iníonacha agus triúr mac a bhí aige féin agus ag Máire Brown, a bhean chéile a d’éag in 2003. D’éag sé féin ar 26 Meán Fómhair 2010.

Leabhair Ó Drisceoil. P. (2007) Seán Ó Dálaigh: éigse agus iomarbhá. Corcaigh: Cork University Press. Ó hAnnracháin, P. (1944) Fé bhrat an Chonnartha. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair. Ailt Ní Dheá, E. (2008) 'Scríobhaithe lámhscríbhinní Gaeilge i gContae an Chláir 1700-1900' in Lynch, M. & Nugent, P. [eagí] Clare: history and society. Baile Átha Cliath: Geography Publications, 139-55. Ní Dheá, E. (1995) ‘Ár n-oidhreacht lámhscríbhinní ó Dhún Átha Thiar’ in Ó Fiannachta, P. [eag.] Eoghan Ó Comhraí: saol agus saothar. Maigh Nuad: An Sagart. Ó Catháin, B. (2006) ‘Gaeilge Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. agus Gaeilge Chontae an Chláir: roinnt snáithí coiteanna’ in Doyle, A. & Ní Laoire, S. [eag.] Aistí ar an Nua-Ghaeilge in omós do Bhreandán Ó Buachalla. Baile Átha Cliath: Cois Life, 23-40.