WRIGHT, Desmond Hedley [Deasún Mac an tSaoir] (1922–2008) Desmond Hedley WRIGHT Deasún Mac an tSaoir 1922 2008 Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain M grianghrafadóir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Poblachtach, sóisialach agus Gaeilgeoir ba ea an Protastúnach seo. Rugadh é ar 20 Lúnasa 1922 i nDún Geanainn, Co. Thír Eoghain. Múinteoir nótáilte meánscoile a athair Edmund agus post aige sa Scoil Ríoga sa bhaile sin. Angla-Indiach ba ea é. Múinteoir freisin a mháthair, Florence Clarke. I bhfad roimhe sin is sa Royal Academical Institution i mBéal Feirste a bhí Edmund ag múinteoireacht, áit a raibh an scríbhneoir/iriseoir cáiliúil Robert Lynd[q.v.] mar mhac léinn aige. Tar éis do Hedley scoil a fhágáil d’éirigh leis post a fháil i saotharlann innealtóireachta Mackies i mBéal Feirste. Ba ghairid gur ghlac sé col leis an seicteachas sa chathair agus leis an reisimint ródhian oibre in Mackies. D’éirigh sé cairdiúil le poblachtaigh ar dhuine díobh Joe Cahill (1920–2004). Nuair a chuaigh sé isteach san IRA d’iarr siad sin air liostáil sna B-Speisialtaigh, rud a rinne sé, agus ar feadh tamaill ghairid théadh sé ar patról ar Bhóthar na bhFál agus gunna Webley ina phóca aige. Chreid sé féin gurbh é a rinne scéal air ná ball den IRA a bhí á cheistiú go ródhian ag póilíní. Chaith sé breis is trí bliana i bpríosún, i mBéal Feirste ar dtús agus ansin i nDoire. Chuir sé trí bhabhta ar stailc ocrais de. Is i ngéibheann a d’fhoghlaim sé Gaeilge. Tá an píosa seo i gcló faoi in Faoi ghlas (Ó hUid 1985):

Rud eile is cuimhin liom, Deasún Mac an tSaoir, an Protastúnach caol ard, cóip de leagan an Athar Peadar Ó Laoghaire [q.v.] de na Soiscéalta a fháil ar iasacht uaim agus é teacht chugam ar ball ag fiafraí cén fáth a ndeacha an sagart i muinín aistriú ón Ghréigis agus an Chomaoin Naofa (An Suipéar déanach) faoi thrácht, cé gur fhan sé i dtuilleamaí na Laidine i ngach cás eile... Agus más ag cur spéise sa Chaitliceachas a bhí sé an tráth úd, d’fhan sé ina Phrotastúnach (agus ina Ghaeilgeoir) go dtí an lá atá inniu ann.

Nuair a scaoileadh saor é d’oibrigh sé d’fheirmeoir ar phá an-íseal sular bhain sé triail tamall gairid as smuigléireacht. Bhí spéis mhór aige sa drámaíocht agus d’éirigh leis a bheith ina bhall de thrúpa aisteoirí Ted Young. An obair sin a thug go Bré, Co. Chill Mhantáin, é ar feadh an tsamhraidh in 1947. D’éirigh sé ceanúil ar an mbaile sin. Chuir sé aithne ann ar bhall de Pháirtí an Lucht Oibre, Roddy Connolly, mac le James Connolly (1868–1916). Theastaigh uaidh sin triúr a chur ag obair mar ghrianghrafadóirí sráide agus bhí Hedley ar dhuine díobh. Mhúin Connolly gach rud a bhain le grianghrafadóireacht dóibh. Ach go gairid ina dhiaidh is ea a bhí ar chumas daoine ceamara a cheannach ar phraghas íseal, rud a chuir deireadh leis an ngnó sráide a bhí beartaithe ag an gConghaileach. Ach lean Deasún air mar ghrianghrafadóir gairmiúil ar feadh tamaill fhada. Níorbh aon fhear maith gnó é, áfach, agus b’éigean dó dul i muinín post eile, é ina thiománaí mionbhus tamall agus tamall eile ina fhear slándála i Stiúideonna Aird Mhóir i mBré. I ndeireadh na 1960idí phós sé Esther Cosgrave ón gClaí Dubh, an Caisleán Nua, Co. Chill Mhantáin, agus rugadh Stephanie dóibh. Bhí sé ina chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre i dtuaisceart Chill Mhantáin timpeall an ama sin. I gcuntas air i ndiaidh a bháis in The Irish Times 7 Márta 2009 deirtear:

He retained his interest in Northern politics, and hoped to stand as a Unity candidate for Fermanagh-South Tyrone in the 1966 Westminster election. A Sinn Féin candidate stood, thus splitting the nationalist vote and ensuring a unionist victory. Hedley Wright did not seek the nomination but canvassed for the Unity candidate, thereby incurring the wrath of erstwhile comrades. While continuing to identify himself as a socialist republican, in time he came to admire John Hume.

Nuair a bhí Gradam an Bhéil Bhinn á bhronnadh air i mBré is é a dúirt Diarmuid Breathnach:

Dá mbeadh orm duine a ainmniú ar mhó aige na healaíona agus an léann agus an Ghaeilge ná airgead agus ná dul chun cinn sa saol ba é Hedley an duine sin. Gan amhras ní mór do gach athair bia a chur ar an mbord agus na billí a íoc. Ach aon chomhrá a bhí agam riamh le Hedley is le rang Gaeilge nó le drámaíocht amaitéarach a bhain sé nó le Roddy Connolly nó leis an gCaptaen Jack White nó le fiche toipic eile i dtaobh pholaitíocht na heite clé nó i dtaobh údair Rann na Feirste nó faoi Jimí Fhéilimí Dhónaill agus an chéad phíosa a scríobh sé riamh nuair a rinne an ceathrú rang mitseáil ón scoil.

Bhí spéis ar leith aige i nGaeltacht Thír Chonaill agus ghlacadh sé le gach seans ar chuairt a thabhairt ann. Deirtear sa chuntas céanna in The Irish Times:

He became a vegetarian in his teens. Having kept one as a pet, he was put off meat by the sight of a rabbit on the dinner table. Tropical fish deeply interested him, and he also liked dogs. An avid reader, he was a devotee of Thomas Hardy. Cycling, table tennis and squash kept him physically fit.

Ar feadh scór bliain, fiú nuair a theip ar radharc na súl aige, bhí rang Gaeilge d’fhoghlaimeoirí ar bun aige. D’éag sé ar 1 Márta 2009. Ag an searmanas sochraide in Eaglais Chríost (Eaglais na hÉireann), Bré, bhí Caitlicigh chomh líonmhar le Protastúnaigh ann.

Leabhair Ó hUid, T. (1985) Faoi ghlas. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.