Ó SAOTHRAÍ, Séamas (1927–2008)

I gCluanach, Béal Átha na nGabhar, Co. na hIarmhí, a rugadh an cartlannaí, iriseoir, údar, leabharbhách, focleolaí seo ar 13 Eanáir 1927. Ba iad John Seery, ceannaí eallach a raibh feirm bheag aige, agus a bhean Esther Kenny a thuismitheoirí. Is iomaí sin aonach a thaithíodh sé i gcomhluadar a athar. Le linn dó a bheith i mBunscoil Phádraig sa pharóiste in 1937 is air a thit sé an ‘leagan cinntitheach’ de bhéaloideas a cheantair féin a scríobh do Choimisiún Béaloideasa Éireann le haghaidh scéim sin na Scoileanna Náisiúnta acu. I ndiaidh na bunscolaíochta chuaigh sé ag obair ar scéim na móna faoin gComhairle Contae agus is dá bharr a bhí sé in ann rothar a cheannach. Bhí scoláireacht buaite aige a thabharfadh mar scoláire cónaithe é go dtí Coláiste Fhinín sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí, ach níor leor é chun an costas iomlán a íoc agus ina áit sin chaith sé tamall i meánscoil lán-Ghaelach na mBráithre Críostaí sa bhaile sin agus rothaíodh ann sé lá na seachtaine, 144 míle sa tseachtain. Go luath ina shaol bhí spéis sa Ghaeilge múscailte ann ag a mháthair agus ag a seanmháthair, rud a d’fhág go raibh ríspéis aige ar feadh a shaoil i nGaeilge agus i mBéarla na hIarmhí. Ag am a bháis bhí leabhar leis ar chaint an chontae curtha faoi bhráid Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá cur síos gairid ar an ábhar sin aige in Díolaim iriseora (1970).

Chaith sé tamall ag obair i mBaile Átha Cliath in 1943 sula ndeachaigh sé isteach in Arm na hÉireann i rith na hÉigeandála (nó ‘Ré na Práinne’ i dtéarmaíocht an Airm), é lonnaithe i nDún Mhic Aoidh cuid mhaith den tréimhse sin. Ina dhiaidh sin chaith sé tamall ag obair i gCóras Iompair Éireann agus sa seachtanán Inniu. Bhí scrúduithe státseirbhíse ar leith le déanamh ag iarshaighdiúirí agus nuair a d’éirigh le Séamus is go dtí an Roinn Oideachais a cuireadh é. Sa leabharlann a bhí sé ag obair ar dtús ach bhí d’eolas aige ar an nGaeilge gur aistríodh é go dtí an Gúm mar léitheoir profaí. B’fhéidir a rá gurbh ó chainteoirí dúchais ann a d’fhoghlaim sé Gaeilge go paiteanta. Is ar an gcuma sin a tharla baint a bheith aige leis an English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959). San fhoclóir sin gabhann an focleolaí cáiliúil úd buíochas leis: ‘... and Séamas Ó Saothraidhe for assistance in reading the final proofs’ (1959:x). Mar is léir ar ball, d’fhan mórmheas ag an scoláire sin air. Agus é sa Roinn Oideachais go fóill, ceapadh é ina chláraitheoir i nDánlann Náisiúnta na hÉireann le linn do Thomas McGreevy (1893–1967) a bheith ina Stiúrthóir ann.

Idir 1954 agus 1980 ba mhinic dánta, gearrscéalta agus aistí aige in Feasta, go mór mhór, agus in Comhar. Bhí aistí i gcló aige in irisí mar Irish Booklore, Iris Chumann Seanchais na Banndan agus iris an Glens of Antrim Historical Society. Bhí se ina eagarthóir Gaeilge ar an iris Books Ireland ó 1976 go 1979. Ba é a chéad leabhar An dánlann náisiúnta (1966) agus in 1985 d’fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireannSeoda na hÉireann, aistriúchán a rinne Séamus ar Treasures of Ireland (Ryan 1983). In 1966 freisin foilsíodh Mná calma ’98. D’fhan mórspéis aige ar feadh a shaoil in Éirí Amach 1798. Bhí guth binn aige agus amhráin go leor aige ach b’fhéidir gurbh é ‘Ballyshannon Lane’, amhrán faoi 1998 i Loch Garman, an ceann ba bhinne leis. I gcomhpháirt leis na scoláirí A.T.Q. Stewart agus Finlay Holmes chuir sé le chéile paimfléad faoi na Preispitéirigh in Éirí Amach 1798. In 1962 ceapadh é ina iriseoir raidió Gaeilge in RTÉ agus sholáthraíodh sé ábhar go minic sa chlár seachtainiúil ‘Nuacht anall nuacht abhus’. Thug an ceapachán seo deis dó taisteal i gCúige Uladh go minic agus aithne a chur ar chuid nár bheag de na scoláirí staire ann. Ba mhinic é i mbun staidéir i Leabharlann Halla an Lín, Béal Feirste, agus d’éirigh cairdeas mór idir é agus an Leabharlannaí ann, James Vitty. B’fhéidir gurbh ann is mó a rinne sé staidéar le haghaidh An Ministir Gaelach Uilliam Mac Néill (1992). Chaith sé tamall in 1972 ag cabhrú chun foireann nuacheaptha Raidió na Gaeltachta a oiliúint i gcúrsaí iriseoireachta. D’éirigh sé as RTÉ i ndeireadh na 1970idí agus chaith tamall de bhlianta ag obair le foireann Thomáis de Bhaldraithe agus iad i mbun ‘Foclóir na Nua-Ghaeilge’ in Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhí nach mór daichead bliain caite aige sna poist éagsúla, é san arm, agus ansin sa státseirbhís ar dtús, in RTÉ agus san Acadamh Ríoga, agus d’fhág sin gurbh fhéidir dó dul amach ar pinsean in 1982.

Ar feadh tamaill de na 1950idí agus na 1960idí is i mBré, Co. Chill Mhantáin, a bhí cónaí ar an teaghlach ach chuaigh siad ar ball chun cónaithe sna Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin. D’oir an t-aistriú go maith dó agus d’éirigh sé chomh heolach sin ar stair an cheantair gur toghadh é ina uachtarán saoil ar ‘Friends of Historic Rathdown’. Bhí baint láidir aige le seimineáir bhliantúla La Touche. Bhí spéis le fada aige i bPreispitéirigh Uladh agus sna Clocha Liatha thiontaigh sé ina Phreispitéireach agus bhí ina Leas-Uachtarán ar Chumann Staire na bPreispitéireach agus dhéanadh eagarthóireacht ar Link-Up, iris Phreispitéireach Bhaile Átha Cliath agus na Mumhan. Ba é a scríobh Greystones Presbyterian Church 1887–1987 and the Kilpedder Witness from 1851 (Kirk Session and Committee of Greystones Presbyterian Church 1987) ach b’fhearr leis nach n-ainmneofaí é mar údar. Ba chomhalta é den Royal Society of Antiquaries of Ireland. Bhí sé pósta ar Minella Sherlock agus bhí triúr iníonacha agus triúr mac acu. Ní raibh coinne lena bhás ar 12 Samhain 2008.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú