Ó MURCHÚ, Eibhlín [Ní Mhurchú] (1916–2007) Eibhlín NÍ MHURCHÚ Eibhlín Uí Áinle 1916 2007 An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí F Scoil Náisiúnta Naomh Bríd, An Charraig, Co. Chiarraí Clochar na Toirbhearta, An Daingean, Co. Chiarraí craoltóir aisteoir státseirbhíseach scríbhneoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Ó MURCHÚ Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Anuas go 2005, agus í 89 bliana d’aois, bhí sí rannpháirteach go rialta ar feadh 13 bliana i gclár úd Raidió na Gaeltachta, ‘Leagan Cainte’, ar a raibh Liam Mac Con Iomaire ina chathaoirleach. Bhain timpiste di sa bhliain sin 2005. Tá a saothar liostaithe agus gearrchuntas uirthi in Dictionary of Munster women writers, 1800 to 2000 (O’Toole 2005). Tá aistí ómóis ag Liam Mac Con Iomaire in Foinse 30 Meán Fómhair 2007 (‘Banríon gan choróin an Phobail Ghaelaigh’) agus foilsíodh cuntas ar a saol in The Irish Times 29 Meán Fómhair.

Ar an mBaile Loiscthe i bparóiste Chill Maoilchéadair, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, a rugadh í ar 25 Eanáir 1916. Ba é Seán Ó Murchú (‘Purge’) a hathair agus ba í Bríd Ruiséal a máthair. An tAthair Tom Jones[q.v.] a bhaist í. Ba é Micheál Ruiséal[q.v.], file, seanathair Eibhlín agus ba uncail léi an Tomás Ruiséal arbh iad saighdiúirí na Breataine a mharaigh é i gCarraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir, ar 26 Márta 1916. D’oibrigh uncail eile le hEibhlín, Seán Ruiséal, sna mianaigh in Butte, Montana, Meiriceá, agus ba é a chum ‘Amhrán na Mianach’ úd a chloistí go minic ag amhránaithe Chorca Dhuibhne.

I scoil náisiúnta Naomh Bríde ar an gCarraig agus i Meánscoil Chlochar na Toirbhearta sa Daingean, Co. Chiarraí a cuireadh oideachas uirthi. Thabharfadh scoláireacht go Coláiste na hOllscoile, Gaillimh í ach ba é a rogha glacadh le post sa státseirbhís. Is amhlaidh a tuigeadh di gur beag post a bheadh le fáil ag céimithe ollscoile ag an am sin. ‘Bhraith sí gur tháinig formhór mhuintir na Gaeltachta ar an saol agus marc orthu “For export only” agus chuir sí roimpi an marc a bhí uirthi féin a bhréagnú,’ nóta ar chlúdach a leabhair Siúlach scéalach (1968). Sa Roinn Oideachais a bhí sí fostaithe agus i rith sé bliana déag ann d’éirigh léi cleachtadh den scoth a fháil ar an scríbhneoireacht, ar an drámaíocht agus ar an aisteoireacht agus bhí sí bainteach leis an gComhar Drámaíochta, le Radio Éireann agus le Compántas Amharclainne na Gaeilge. Tá beagán dá dánta in Siúlach scéalach agus ina measc tá an dán fada ‘Gin nár milleadh’ (‘Unaborted’) a roghnaíodh sa bhailiúchán "Dánta Ban": poems of Irish women early and modern (1991) le P.L. Henry.

Phós sí Diarmuid Ó hÁinlí, abhcóide, i mí Lúnasa 1949. Is in imeachtaí cumainn drámaíochta a chuir siad aithne ar a chéile. Tá cuntas aici ar mhí na meala acu in Albain in Siúlach scéalach. Rugadh iníon agus beirt mhac dóibh. D’éag Diarmuid go hóg in 1960. Agus an triúr páistí aici ar scoil go fóill, b’éigean di filleadh ar a post sa Roinn Oideachais. Lean sí ar aghaidh leis an aisteoireacht agus an scríbhneoireacht. Ag tagairt do Chompántas Amharclainne na Gaeilge in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970 (1993:132) deir Pádraig Ó Siadhail: ‘Stáitsigh an Compántas roinnt drámaí spéisiúla sna caogaidí, go háirithe aistriúchán Eibhlín Ní Mhurchú ar Ile le Eugene O’Neill.’ Ó 1957 amach bhíodh sí ag aisteoireacht sa Damer (Ní Chinnéide 2008) agus ar 16–21 Samhain 1959 bhí sí ar dhuine d’Aisteoirí na Gaeltachta agus an phríomhpháirt aice sa dráma Oidhreacht bhideoig mhóir le Proinsias Mac Diarmada[q.v.], agus in 1960 bhí sí i bpáirt Mháire Magdailéin sa dráma An chúis in aghaidh Íosa, aistriúcháin ar Procès à Jésus (Fabbri 1960). Anois agus arís bhíodh léirmheas ar dhráma aici in The Irish Independent. I Radio Éireann ba mhinic í ag aisteoireacht sna drámaí Gaeilge, nó clasaiceacha mar ‘Caoineadh Airt Uí Laoire’ agus Jimín Mháire Thaidhg á reic aici. Cuimhnítear go háirithe ar an taifead de ‘Cúirt an mheán oíche’ a rinne sí i bpáirtíocht le Neasa Ní Annracháin. Chraoladh sí freisin cainteanna gairide ar nós ‘Topical talks’ agus ‘On this day’. Nuair a d’éirigh sí as an státseirbhís d’fhostaigh Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, í mar mhúinteoir Gaeilge. In 1973 foilsíodh aiste fhada léi ar an iascaireacht in Céad bliain 1871–1971: Stair agus seanchas Pharóiste an Fheirtéaraigh, saothar a thionscain an tAthair Micheál Ó Ciosáin[q.v.], sagart paróiste Bhaile an Fheirtéaraigh. Bhí an dúspéis aici i stair agus i bpearsana a dúiche féin agus tá aisti léi in: Oidhreacht an Bhlascaoid (Ó Muircheartaigh 1989); Ár bhfilí (Ó Fiannachta 1991); Is cuimhin linn Kruger (Ó Dúshláine 1994). D’éag sí ar 22 Meán Fómhair 2007 agus cuireadh í i reilig Chill Maoilchéadair, Co. Chiarraí.

Leabhair Ní Chinnéide, M. (2008) An Damer - Stair Amharclainne. Baile Átha Cliath: Gael Linn. Ó Siadhail, P. (1993) Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970. Indreabhán, Conamara: Cló Iar-Chonnachta. O’Toole, T. [eag.] (2005) Dictionary of Munster women writers, 1800 to 2000 = Scríbhneoirí ban na Mumhan, 1800-2000. Corcaigh: Cork University Press. Ailt Mac Con Iomaire, L. (2007) 'Banríon gan choróin an phobail Ghaelaigh' Foinse, 30 Meán Fómhair.