Ó hANNRACHÁIN, Fachtna (1920–2010) Fachtna Ó hANNRACHÁIN 1920 2010 An Sciobairín, Co. Chorcaí M Coláiste Chaoimhín, Droim Conrach, Baile Átha Cliath Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath státseirbhíseach múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Sa tréimhse idir 1947 agus 1962 go háirithe is pearsa mhór a bhí ann maidir le ceol in Éirinn. Tugtar suas dó gurbh é dáiríre a bhunaigh Ceolfhoireann Siansach Radio Éireann, cé go luaitear sin freisin le Michael Bowles [q.v.]. Sa Sciobairín, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 2 Meán Fómhair 1920. Ba iad a thuismitheoirí Peadar Ó hAnnracháin [q.v.] agus Máire Ní Dheasúin, arbh as Cionn tSáile, Co. Chorcaí di, agus ba é Fachtna a gcéad duine clainne. Cúigear eile a bhí ag an lánúin, na haisteoirí Neasa agus Ciarán [q.v.] ina measc. D’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath ar ball agus thug scoláireacht Fachtna go Coláiste Chaoimhín a osclaíodh in 1927 agus a mhair go 1939 agus a bhí ar cheann de na coláistí ullmhúcháin úd a bunaíodh chun meánscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fáil d’ábhair mhúinteoirí. Cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta in 1940 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath. Chaith sé seacht mbliana ag múineadh i Scoil Náisiúnta Phádraig, scoil a raibh dlúthbhaint aige leis an gcoláiste oiliúna agus a raibh de cháil uirthi fadó go gcuirfeadh sé le seans múinteora a bheith ina chigire scoile ach tamall a bheith caite aige inti mar mhúinteoir.

I rith an ama sin bhí sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge i gCearnóg Parnell, Baile Átha Cliath. Ba í an chraobh ba thábhachtaí riamh sa Chonradh í agus tarraingt na Muimhneach go háirithe uirthi. Sna 1940idí bhí cáil an cheoil agus na drámaíochta ar an gcraobh seo agus ba ghairid gur cuireadh Fachtna i gceannas an chóir acu. D’fhreastail sé ar chúrsaí oíche sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhain bunchéim amach sa cheol. D’fhostaigh Radio Éireann é in 1947 mar Cheannasaí Gníomhach ar roinn an cheoil, tharla an Ceannasaí Michael Bowles a bheith ag cuardach ceoltóirí san Eoraip ag an am. Nuair a d’fhill Bowles ceapadh Fachtna ina Cheannasaí Cúnta agus nuair a d’fhág Bowles Radio Éireann in 1948 ceapadh Fachtna ina Cheannasaí. In 1980 dúirt Charles Acton (1914–1999), criticeoir cáiliúil ceoil: ‘In those days... the RÉSO [Radió Éireann Symphony Orchestra] ... directed by Fachtna Ó hAnnracháin, had a 20th century standard of superlative quality and a livelier repertoire in Dublin than orchestral concerts had in London’ (Pine 2005:99). Deir Richard Pine faoin ráiteas sin:

His claim about London concerts was not unfounded: in the early 1950s; before William Glock became controller of music at the BBC, representatives from the BBC had travelled to Dublin to discuss with Ó hAnnracháin how RÉ succeeded in presenting such a wide and varied repertoire. (Pine 2005:99)

Deir Orla, iníon le Fachtna (The Irish Times 30 Eanáir 2010): ‘He travelled with Michael McNamara, head of the then Municipal School of Music, to recruit musicians from behind the then Iron Curtain and they did everything on a shoestring.’ Is é a deirtear in The Irish Times 20 Feabhra 2010:

In late 1952 he was faced with the extraordinary possibility that the entire Prussian State Orchestra, based in the Staatsoper in East Berlin, wished to defect to the West in general, and Ireland in particular. He worked strenuously to achieve this remarkable intake, and ultimately, of the 31 musicians available, 15 were recruited, mostly to the fledging RÉSO.

In 1953 ba é Fachtna a d’fhostaigh Seán Ó Riada [q.v.] mar Stiúrthóir Cúnta Ceoil agus obair riaracháin mar dhualgas air. Ach sa chumadóireacht a bhí an mhórspéis aigesean agus níor fhan sé sa phost ach go dtí tús 1955.

Tar éis gur cuireadh Radio Telefís Éireann ar bun in 1960 d’aistrigh Fachtna in 1962 go post mar Stiúrthóir ar Chúrsaí Dlí na heagraíochta. I bhfad roimhe sin bhí bunchéim sa dlí bainte amach aige agus bhí eolas údarásach go háirithe aige ar dhlí cóipchirt. Ní foláir nó is le linn a thaistil san Eoraip ar son RÉ sna 1950idí a adhnadh a spéis i dteangacha. Bhí Fraincis, Gearmáinis agus Iodáilis aige agus ba mhór an chabhair iad agus é anois ina ionadaí thar ceann RTÉ ar feadh na mblianta ar an EBU (Aontas Craoltóireachta na hEorpa). D’éirigh sé as a phost in 1985. Bhí sé pósta ar Gertie Ledwidge (d’éag 2009), ar mhúinteoir agus ceoltóir í freisin, agus rugadh beirt iníonacha dóibh, ar dhuine díobh Bláthnaid Uí Chatháin, údar Éigse Chairbre, filíocht ó Chairbreacha i gCo. Chorcaí agus ón gceantar máguaird 1750–1850 (2006). Gabhann sise buíochas ar leith le Fachtna agus le Gertie sa réamhrá. D’éag Fachtna ar 27 Eanáir 2010.

Leabhair Pine, R. (2005) Music and Broadcasting in Ireland. Baile Átha Cliath: Four Courts Press. Uí Chatháin, B. (2006) Éigse Chairbre, filíocht ó Chairbreacha i gCo. Chorcaí agus ón gceantar máguaird 1750-1850. Baile Átha Cliath: Clóchomhar Teoranta.