Ó GADHRA, Nollaig (1943–2008) Nollaig Ó GADHRA 1943 2008 Cill Mhuire, Co. Luimnigh, M Scoil na mBráithre De La Salle, Port Láirge Coláiste na hOllscoile, Corcaigh léachtóir léiritheoir raidió iriseoir scríbhneoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí an t-údar seo ar dhuine díobh sin ba dhéine ó 1966 amach a throid ar son na Gaeilge agus ar son athaontú na hÉireann, agus sin in ainneoin diaibéiteas a bheith air i rith an ama sin go léir. Tá cuntas gairid ar a shaol in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945–1995 (Ó Cearnaigh 1995). I gCill Mhuire, Fíonach, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 16 Nollaig 1943. B’as Fíonach dá athair David agus b’as na Foidhrí, Co. Chiarraí, dá mháthair Hannah Flynn. I Meiriceá a casadh an bheirt ar a chéile. Cuireadh meánscolaíocht air i nDrom Collachair agus, ó 1960 go 1962, i scoil Bhráithre De La Salle, Port Láirge. Céimí é de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Gaeilge agus Stair mar ábhair céime aige. Bhain sé amach freisin ard-teastas san oideachas (H.Dip in Ed.). In 1965 agus é ina mhac léinn go fóill chuir sé agallamh ar Sheán Ó Riada[q.v.] (The Journal of Music Samhain/Nollaig 2001). In 1966 a thosaigh a shaol mar iriseoir sa pháipéar seachtainiúil Inniu (1943–1984). D’fhostaigh RTÉ é mar iriseoir an bhliain dar gcionn agus chaith sé tamall ann freisin mar léiritheoir raidió. Toghadh é ina uachtarán ar an gComhchaidreamh 1965–68. Bhí sé ina oifigeach eolais ag Gaeltarra Éireann ó 1970 go 1972 agus ina bhainisteoir eolais ag Fáilte an Iarthair anuas go 1974. Ó 1974 go 2002 bhí sé ar fhoireann Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (Coláiste Teicniúil Réigiúnach, Gaillimh, go 1998), agus Gaeilge, cumarsáid, léann Eorpach agus an nua-stair faoina chúram. Phós sé Máirín Ní Chonghaile, iníon Sheáin Uí Chonghaile[q.v.]. Rugadh ceathrar leanaí dóibh ach cailleadh duine díobh go hóg. Sna Forbacha, Co. na Gaillimhe a bhí cónaí ar an teaghlach.

Óna lámh a tháinig: Gandhi (1969); John Boyle O’Reilly agus an glór Gael-Mheiriceánach (1976); Éamann Iognáid Rís (1977); Richard J. Daley: méara Chicago (1979); Gaeltacht Mhaigh Eo (1982) (leabhrán); Guth an phobail (1984); Ríocht roinnte (1985); Éire agus polaitíocht na hEorpa (1986); Margáil na saoirse (1988); An chéad Dáil Éireann (1919–1921) (1989); An Ghaeltacht oifigiúil agus 1992 (1990); Civil war in Connacht 1922–23 (1999). Bhí ailt i gcló aige go minic sna nuachtáin agus in irisí mar Éire-Ireland, An tUltach, Feasta (tuairim is 150 píosa), Comhar (ocht n-aiste agus tríocha idir 1965 agus 1985). Cuireann Gearóid Ó Tuathaigh cloch ina charn in Comhar, Deireadh Fómhair 2008.

Bhí spéis mhór aige in imeachtaí Chonradh na Gaeilge ó na 1960idí ar aghaidh agus is le barr measa air a toghadh é ina uachtarán ar an eagraíocht ag a hArdfheis in Inis, Co. an Chláir, 2–4 Aibreán 2004, agus sin in ainneoin an tsláinte gan a bheith go maith aige. Ceapadh é ina bhall de Chomhairle Theilifís na Gaeilge in 1994 chun maoirseacht a dhéanamh ar na hullmhúcháin do bhunú an stáisiúin. Nuair ab éigean an dá chos aige a theascadh, níor mhaolaigh sin ar a shuim sa stair ná i ngluaiseacht na teanga. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air i mí Aibreáin 2007. Taom croí ba thrúig bháis dó ina theach sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, ar 13 Lúnasa 2008. Rinne an Taoiseach Brian Cowen comhbhrón lena mhuintir. Gearóid Ó Tuathaigh a thug an t-aitheasc i séipéal na bhForbacha.

Leabhair Ó Cearnaigh, S. (1995) Scríbhneoirí na Gaeilge 1945–1995. Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta.