Ó CON CHEANAINN, Ciarán (1981–2009) Ciarán Ó CON CHEANAINN 1981 2009 Sáile Chuanna, Co. na Gaillimhe M Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe Ollscoil na hÉireann, Gaillimh An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Ollscoil Dhún Éideann léachtóir amhránaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 An Tréigean Cló Iar-Chonnacht Eisithe ar Cumar (2000).

Bhuaigh an t-amhránaí seo Corn Uí Riada sa chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós ag Oireachtas 2008 i gCorcaigh agus deirtear gurbh é an duine ab óige riamh a bhain an duais sin. I Sáile Chuanna, taobh thiar den Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rugadh é mí Iúil 1981. Pádraig a bhí ar a athair agus ba í Brídín Ní Chonghaile ón mBánrainn a mháthair. Cuireadh bunoideachas air i Scoil Shailearna sna hAille agus meánoideachas i gColáiste Cholm Cille, Indreabhán. Bhaineadh sé taitneamh ar leith as drámaíocht agus in éineacht lena chomhscoláirí ghlacadh sé páirt i Slógadh. Sa mheánscoil dó chuireadh sé isteach ar na comórtais filíochta agus gearrscéalaíochta a bhí urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

In Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, bronnadh céim BA le céad onóracha air sa Ghaeilge agus sa tíreolaíocht. In 2003 ghnóthaigh a thráchtas ar ‘Gnéithe de Sheachadadh na nAmhrán Traidisiúnta sa Ghaeilge’ céim mháistir dó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. An bhliain dár gcionn ghnóthaigh an tráchtas ‘Clár Amhrán Chois Fharraige’ M.Litt dó, é bunaithe ar a bhfuil i Roinn Bhéaloideas Éireann d’amhráin a bailíodh i mbarúntacht Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, agus i 2004 bhronn Ollscoil na hÉireann scoláireacht taistil air agus chaith sé an dá bhliain in Ollscoil Dhún Éideann, Albain. Ceapadh é ina léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhí ar a dhícheall i mbun a thráchtais dochtúireachta. Bhí péire leabhar faoi amhránaíocht Chonamara ar na bacáin aige. Ní raibh aon choinne lena bhás i mBaile Átha Cliath ar 3 Feabhra 2009 agus sin go ríghairid roimh pháirt a bheadh aige an deireadh seachtaine dar gcionn in imeachtaí Scoil Gheimhridh Merriman i nGaillimh. Bhí a athair Pádraig marbh le tamall.

Chuir Antoine Ó Faracháin agallamh air i dtaobh a chuid amhránaíochta agus tá sin le fáil ar an idirlín (Oideas Gael 2004). Mhínigh sé ansiúd nach cois teallaigh ná óna mhuintir a thug sé leis na hamhráin ach in aois a dheich mbliana gurbh amhlaidh a thaithíodh sé rang amhránaíochta faoi stiúir Mháire Phíotair Uí Dhroighneáin. Is le bualadh lena chairde scoile a théadh sé ann agus is de réir a chéile a chuaigh na seanamhráin i gcion air. Ar ball ba mhinic ag Oireachtas na Gaeilge agus ag Fleá Cheoil na hÉireann é agus is iomaí sin duais a bhain sé. Is é a dúirt Aingeal de Búrca ar chlos scéal a bháis di:

A native speaker of Irish, at home among the modern reflexes as well as the deepest roots of its oral tradition, he was a wonderful singer, a gentle, perceptive and witty companion, a gifted teacher and a scholar of real brilliance and acumen.
In Comhar, Márta 2009 tá an t-alt le Liam Mac Amhlaigh: ‘Scoláire léinn; fonnadóir binn’.
Agallaimh Ó Con Cheanainn, C. (2004) Leis an bpian a mhaolú. Faoi agallamh ag Antaine Ó Faracháin [Idirlíon] Ar fáil ar http://beo.ie/alt-leis-an-bpian-a-mhaolu.aspx [14 Deireadh Fómhair 2010].