DE NÓGLA, Éadbhard (c.1710–c.1792) Éadbhard DE NÓGLA c.1710 c.1792 Corcaigh M táilliúir file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tugtar bheith istigh dó in DIB. Tá sé ar dhuine d’fhilí sin an 18ú haois a nach gcloistí mórán tráchta orthu sa chóras oideachais. Ceann de na fáthanna leis sin i gcás De Nógla, b’fhéidir, nár foilsíodh aon dán dá chuid i nduanairí scoile mar Filidheacht na nGaedheal (Ó Canainn 1940) nó Fíon na filidheachta (Breathnach 1931). Níl ach aon tagairt amháin dó sna trí imleabhar bibleagrafaíochta a chuir Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath amach idir 1913 agus 1986: ‘Macalla Eoghain Rua ag Éadbhard do Nógla,’ le Tomás Ó Concheanainn in Éigse XIII, samhradh 1969. In ainneoin gurbh fhile Gaeilge é a rugadh i gcathair Chorcaí féin, iontráil níor tugadh dó in A biographical dictionary of Cork (Cadogan agus Falvey 2006).

Táilliúir i gCorcaigh ba ea Éadbhard agus is é is dóiche gurbh ann a rugadh é. Pádraig a bhí ar a athair, dlíodóir Seacaibíteach, agus meastar gurbh as an dúiche sin idir Mala agus Mainistir Fhear Maí dó. Bhí sé cairdiúil le Séamus Óg Mac Coitir[q.v.]. Bhí Laidin agus Béarla ag Éadbhard agus thugadh an táilliúireacht ag taisteal anseo agus ansiúd é. Tá tuairim is caoga dán dá dhéantús ar marthain ach níor cuireadh cló ach ar chúig cinn díobh sin in Mil na héigse (1945) le Risteard Ó Foghludha (‘Fiachra Éilgeach’). Lesa Ní Mhurghaile a scríobh an iontráil in DIB agus deir sí go raibh an file cairdiúil le Liam Inglis[q.v.] agus go dtugtar faoi deara a chosúla le chéile atá dánta na beirte. Tráchtann sí freisin ar a theagmhálacha le Piaras Mac Gearailt[q.v.], ar an mbarántas a scríobh sé, ar ar chum sé d’aislingí agus d’aortha, ar an spéis a chuir sé i bpolaitíocht thíortha na hEorpa. In Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn 1603–1788 (1996), cuireann Breandán Ó Buachalla tábhacht lena bhfuil de léargais aige ina dhánta ar imeachtaí an Stíobhartaigh óig i 1745. Tugann Lesa Ní Mhunghaile faoi deara an cion a bhí aige ar Mháire Treasa, banimpire na hOstaire. Phós sé ach chaith tamall maith dá shaol ina bhaintreach.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Leabhair Ó Buachalla, B. (1996) Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn 1603–1788. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1996.